Ráiteas straitéise beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh
- Léiríonn an tréimhse ísealbhoilscithe agus an borradh boilscithe iarphaindéime a thábhachtaí atá straitéis beartais airgeadaíochta lena gcuirtear ar chumas na Comhairle Rialaithe gníomhú go héifeachtach i leith athruithe móra i dtimpeallacht an bhoilscithe. Na hathruithe struchtúracha leanúnacha a bhaineann leis an ngeopholaitíocht, leis an digitiú, leis an intleacht shaorga, leis an déimeagrafaíocht, leis an mbagairt ar inbhuanaitheacht an chomhshaoil agus le hathruithe ar an gcóras airgeadais idirnáisiúnta, tugann siad le fios go mbeidh timpeallacht an bhoilscithe fós éiginnte agus go bhféadfadh sí a bheith níos luainí, agus go mbeidh dialltaí níos mó ón sprioc ann sa dá threo, agus dúshláin ann dá réir maidir le cur i gcrích an bheartais airgeadaíochta. Bheadh ollstruchtúr airgeadais níos athléimní – le tacaíocht ón dul chun cinn maidir leis an aontas coigiltis agus infheistíochtaí, ó chomhlánú an aontais baincéireachta agus ó thabhairt isteach an euro dhigitigh – ina chrann taca freisin ag éifeachtacht an bheartais airgeadaíochta sa timpeallacht athraitheach seo.
- Tá straitéis beartais airgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh á treorú agus faoi cheangal ag an sainordú atá tugtha dó sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Is é príomhchuspóir an Bhainc Ceannais Eorpaigh cobhsaíocht praghsanna a choimeád sa limistéar euro. Gan dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh an tEurochóras le beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas Eorpach d’fhonn rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bhaint amach mar a leagtar amach in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I measc na gcuspóirí sin tá fás eacnamaíoch cothromaithe, geilleagar margaidh shóisialta fíor‑iomaíoch atá dírithe ar fhostaíocht iomlán agus ar dhul chun cinn sóisialta, agus leibhéal ard cosanta agus feabhsaithe ar cháilíocht an chomhshaoil. Rannchuideoidh an tEurochóras freisin maidir le seoladh rianúil beartas arna saothrú ag na húdaráis inniúla maidir le maoirseacht stuamachta institiúidí creidmheasa agus cobhsaíocht an chórais airgeadais.
- Deimhníonn an Chomhairle Rialaithe gurb é an tInnéacs Comhchuibhithe Praghsanna do Thomhaltóirí (ICPT) fós an beart praghsanna cuí chun measúnú a dhéanamh ar shaothrú na cobhsaíochta praghsanna. Mar sin féin, is é tuairim na Comhairle Rialaithe go fóill gurbh fhearr a léireodh cuimsiú na gcostas a bhaineann le tithíocht úinéir-áitithe in ICPT an ráta boilscithe atá ábhartha do theaghlaigh. Dá bhrí sin, ina measúnuithe ar an mbeartas airgeadaíochta, cuireann an Chomhairle Rialaithe san áireamh bearta boilscithe lena n-áirítear meastacháin ar chostas tithíochta úinéir-áitithe mar chros-seiceálacha cabhracha ina sraith níos leithne de tháscairí boilscithe forlíontacha.
- Le maolán boilscithe os cionn nialas faoin gcéad, cuirtear spás ar fáil sa bheartas airgeadaíochta le haghaidh ciorruithe ráta úis i gcás forbairtí díobhálacha agus lamháil sábháilteachta i gcoinne riosca an díbhoilscithe trína thionchar dearfach ar leibhéal treochta rátaí úis ainmniúla. Go háirithe, mar gheall ar an gcuimse éifeachtach íochtair ar rátaí úis ainmniúla cuirtear srian ar stiúradh an bheartais airgeadaíochta i gcás suaití suntasacha díbhoilscitheacha. Is amhlaidh freisin atá údar maith ann le maolán boilscithe a bheith ann mar gheall ar éascú an choigeartaithe mhacra-eacnamaíoch agus idirearnála laistigh den limistéar euro, mar gheall ar dholúbthachtaí in aghaidh ciorruithe pá i dtuarastail ainmniúla agus mar gheall ar laofacht tomhais.
- Measann an Chomhairle Rialaithe gur fearr a choimeádtar an chobhsaíocht praghsanna trí ráta boilscithe a dó faoin gcéad a bheith mar sprioc aici sa mheántéarma. Tá tiomantas na Comhairle Rialaithe don sprioc sin siméadrach. Ciallaíonn siméadracht go measann an Chomhairle Rialaithe dialltaí diúltacha agus dearfacha ón sprioc sin a bheith chomh neamh-inmhianaithe lena chéile. Leis an sprioc bhoilscithe a dó faoin gcéad, cuirtear ancaire soiléir ar fáil do na hionchais maidir le boilsciú, rud atá riachtanach chun an chobhsaíocht praghsanna a choimeád.
- Chun siméadracht a sprice boilscithe a choimeád, aithníonn an Chomhairle Rialaithe a thábhachtaí atá gníomhaíocht beartais airgeadaíochta atá láidir nó leanúnach go hiomchuí mar fhreagairt ar dhialltaí móra marthanacha sa bhoilsciú ón sprioc i gceachtar treo, ionas nach ndaingneofar na dialltaí de bharr ionchais scaoilte maidir le boilsciú. I gcás suaití móra díbhoilscitheacha, ní mór an chuimse éifeachtach íochtair ar rátaí úis ainmniúla a chur san áireamh. I gcás suaití boilscitheacha suntasacha, ní mór neamhlíneachtaí féideartha i socrú praghsanna agus pá a chur san áireamh.
- Deimhníonn an Chomhairle Rialaithe treo mheántéarmach a straitéise beartais airgeadaíochta. Leis sin, tugtar san áireamh go mbeidh dialltaí dosheachanta boilscithe ann ón sprioc sa ghearrthéarma, chomh maith le moilleanna agus éiginnteacht ó thaobh tharchur an bheartais airgeadaíochta chuig an ngeilleagar agus chuig an mboilsciú. Le solúbthacht an treo mheántéarmaigh tugtar san áireamh go mbeidh an fhreagairt chuí beartais airgeadaíochta ar dhiall boilscithe ón sprioc sainiúil don chomhthéacs agus í a bheith ag brath ar thúsphointe, méid agus seasmhacht an diallta. Faoi réir ionchais sheasmhacha a choimeád maidir leis an mboilsciú, cuireann an tsolúbthacht sin ar chumas na Comhairle Rialaithe freisin ceisteanna eile atá ábhartha do shaothrú na cobhsaíochta praghsanna a chur san áireamh ina cinntí beartais airgeadaíochta.
- Tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar an mbeartas airgeadaíochta a leagan síos chun deimhin a dhéanamh de go gcobhsaíonn an boilsciú ag an sprioc atá aici don mheántéarma, mar atá, a dó faoin gcéad. Is é tacar rátaí beartais an Bhainc Ceannais Eorpaigh an phríomhionstraim beartais airgeadaíochta. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe ionstraimí eile a úsáid freisin, de réir mar is iomchuí, chun an seasamh maidir leis an mbeartas airgeadaíochta a stiúradh nuair a bhíonn na rátaí beartais gar don chuimse íochtair nó chun feidhmiú rianúil tharchur an bheartais airgeadaíochta a chaomhnú. Áirítear ar na hionstraimí sin oibríochtaí athmhaoiniúcháin níos fadtéarmaí, ceannacháin sócmhainní, rátaí úis diúltacha agus réamhthreoir. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe de bheith ag freagairt go solúbtha do dhúshláin nua de réir mar a thagann siad chun cinn agus scrúdóidh sí, de réir mar is gá, ionstraimí nua beartais i saothrú a cuspóra, is é sin, an chobhsaíocht praghsanna, mar a léiríodh nuair a tugadh isteach an Ionstraim um Chosaint Tarchuir in 2022. Trí ionstraimí a roghnú, a dhearadh agus a chur chun feidhme, beifear in ann freagairt thapa a thabhairt ar shuaití nua agus léireofar go hiomchuí na haidhmeanna atá beartaithe, bíodh calabrú an tseasaimh maidir leis an mbeartas airgeadaíochta i gceist nó cosaint tharchur an bheartais airgeadaíochta, faoi réir measúnú cuimsitheach comhréireachta.
- Bunaíonn an Chomhairle Rialaithe a cinntí beartais airgeadais, lena n-áirítear measúnú ar chomhréireacht a cinntí agus fo-éifeachtaí féideartha, ar mheasúnú comhtháite ar gach fachtóir ábhartha. Cuireann sí san áireamh, go háirithe, ní hamháin an bealach is dóchúla a rachaidh an boilsciú agus an geilleagar ach freisin na rioscaí agus an éiginnteacht a bhaineann leo, lena n-áirítear trí úsáid iomchuí a bhaint as anailísí hipitéise agus íogaireachta. Cuireann an measúnú comhtháite sin le dhá anailís idirspleácha: an anailís eacnamaíoch agus an anailís airgeadaíochta agus airgeadais. Laistigh den chreat sin, dírítear an anailís eacnamaíoch ar fhíorfhorbairtí agus forbairtí ainmniúla eacnamaíocha, ach san anailís airgeadaíochta agus airgeadais scrúdaítear táscairí airgeadaíochta agus airgeadais, agus aird ar leith ar oibriú an tsásra tarchuir airgeadaíochta agus na rioscaí féideartha don chobhsaíocht mheántéarmach praghsanna ó éagothromaíochtaí airgeadais agus ó fhachtóirí airgeadaíochta. Éilíonn ról forleatach na nasc macra-airgeadais i bhforbairtí eacnamaíocha, airgeadaíochta agus airgeadais go gcuimseofar na hidirspleáchais sa dá anailís go hiomlán. Léirítear leis an gcreat sin a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar an sásra tarchuir agus ar na fo-éifeachtaí féideartha araon maidir le hionstraimí beartais airgeadaíochta a chalabrú agus aithnítear ann freisin gur réamhchoinníoll í an chobhsaíocht airgeadais do chobhsaíocht praghsanna. I ndáil leis an méid sin, ní mór don earnáil airgeadais a bheith athléimneach chun nach mbeidh coinbhleacht ann idir praghsanna agus an chobhsaíocht airgeadais. Déanann an Chomhairle Rialaithe measúnú córasach ar na hidirghníomhaíochtaí idir an beartas airgeadaíochta agus an chobhsaíocht airgeadais go tráthrialta.
- Tá impleachtaí doimhne ag an athrú aeráide don chobhsaíocht praghsanna trína thionchar ar struchtúr agus dinimicí timthriallacha an gheilleagair agus an chórais airgeadais. Is dúshlán domhanda agus tosaíocht bheartais don Aontas Eorpach é dul i ngleic leis an athrú aeráide. Laistigh dá sainordú, tá an Chomhairle Rialaithe meáite ar a áirithiú go gcuirfidh an tEurochóras san áireamh go hiomlán, de réir spriocanna agus cuspóirí an Aontais, impleachtaí an athraithe aeráide agus dhíghrádú an dúlra don bheartas airgeadaíochta agus don bhaincéireacht ceannais.
- Tacaíonn cumarsáid shoiléir maidir le cinntí beartais airgeadaíochta agus a réasúnaíocht tríd an ráiteas maidir leis an mbeartas airgeadaíochta, tríd an bpreasagallamh, tríd an bhFeasachán Eacnamaíoch agus tríd an gcuntas beartais airgeadaíochta le héifeachtacht bheartas airgeadaíochta BCE. Forlíontar na táirgí sin le leaganacha srathaithe agus amharcléirithe cumarsáide beartais airgeadaíochta atá dírithe ar an mórphobal, rud atá riachtanach chun tuiscint phoiblí ar ghníomhaíochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh agus muinín sna gníomhaíochtaí sin a áirithiú. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe dá cur chuige a oiriúnú de réir mar a thiocfaidh athrú ar an timpeallacht chumarsáide.
- Tá beartaithe ag an gComhairle Rialála measúnú a dhéanamh go tréimhsiúil ar oiriúnacht a straitéise beartais airgeadaíochta. Meastar go ndéanfar an chéad mheasúnú eile in 2030.