Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Amlíne agus an dul chun cinn maidir leis an euro digiteach

Cuireadh tús le céim ullmhúcháin an tionscadail i mí na Samhna 2023 agus tá an bhunchloch á leagan le haghaidh eisiúint fhéideartha an euro dhigitigh. Áirítear leis sin bailchríoch a chur ar leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh agus soláthraithe a roghnú a d’fhéadfadh ardán digiteach agus bonneagar an euro dhigitigh a fhorbairt. Is éard atá i gceist leis an gcéim ullmhúcháin tástáil agus triail fhorleathan, chomh maith le malartuithe rialta leis an bpobal agus le páirtithe leasmhara eile, chun a chinntiú go bhfreastalódh euro digiteach ar riachtanais úsáideoirí agus ar riachtanais an Eurochórais.

Déanaimid doiciméadú rialta ar dhul chun cinn an tionscadail i dtuarascálacha cuimsitheacha.

Dul chun cinn maidir le euro digiteach

An chéim ullmhúcháin – cuid 1

Príobháideachas trí dhearadh

Is dlúthchuid den euro digiteach iad an príobháideachas agus an chosaint sonraí. Dhéanfaí an euro digiteach a dhearadh le bearta úrscothacha príobháideachais. Leis an bhfeidhmiúlacht as líne atá aige, chuirfeadh sé leibhéal príobháideachais ar fáil gar don leibhéal atá ag airgead tirim.

Foghlaim tuilleadh faoin euro digiteach agus an príobháideachas
Eispéireas saoráideach íocaíochta ar fud na hEorpa

Bheadh an euro digiteach ar an gcéad mhodh íocaíochta poiblí digiteach Eorpach. Bheadh sé ag brath ar leabhar rialacha an euro dhigitigh: tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta chun a chinntiú go n-oibreodh íocaíochtaí san euro digiteach ar an mbealach céanna ar fud an limistéir euro ar fad.

Léigh tuilleadh faoi leabhar rialacha an euro dhigitigh
Dearadh an euro dhigitigh

Táimid ag obair chun a chinntiú go bhfreastalóidh euro digiteach ar riachtanais úsáideoirí le haghaidh íocaíochtaí ar líne agus as líne. Táimid ag féachaint ar na himpleachtaí a bhaineann le líon na gcuntas sa euro digiteach a cheadaítear in aghaidh an úsáideora, teorainneacha sealúchais na gcuntas sin, aip don euro digiteach agus go leor gnéithe eile.

Léigh faoinár bpróiseas deartha

INSERTED BY ANONYMOUS PROXY

Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more

Tuarascáil ar dhul chun cinn

Conas atá dul chun cinn á dhéanamh ar an obair maidir le príobháideachas, leabhar rialacha agus roghanna dearaidh an euro dhigitigh?

Léigh an tuarascáil ar dhul chun cinn ina hiomláine

Do na meáin

Déantar achoimre sa tuarascáil seo ar an dul chun cinn a rinneadh sa chéad chuid den chéim ullmhúcháin a seoladh i mí na Samhna 2023 agus leagtar amach inti na chéad chéimeanna eile.

Léigh an phreaseisiúint

Amlíne thionscadal an euro dhigitigh

I mí Dheireadh Fómhair 2020 d’fhoilsigh an Banc Ceannais Eorpach tuarascáil maidir le euro digiteach ina scrúdaítear eisiúint fhéideartha airgeadra digiteach bainc ceannais – euro digiteach – ag an Eurochóras.

Naoi mí ina dhiaidh sin rinne Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an cinneadh tionscadal an euro dhigitigh a sheoladh. Bhí céim imscrúdaithe an tionscadail ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2023 agus bhain sí le staidéar a dhéanamh ar roghanna dearaidh agus ar shamhlacha dáileacháin i ndlúthchomhar le páirtithe leasmhara amhail lucht ceaptha beartas an Aontais agus rannpháirtithe sa mhargadh. Ba iad na torthaí ba bhonn leis an gcinneadh an chéim ullmhúcháin a sheoladh, ar cuireadh tús léi i mí na Samhna 2023.

Féach agus íoslódáil amlíne ardleibhéil an tionscadail

Ní dhéanfar an cinneadh maidir le euro digiteach a eisiúint ar deireadh a mheas go dtí céim níos déanaí, nuair a bheidh próiseas reachtach an Aontais curtha i gcrích.

Gach leathanach sa rannóg seo