Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cuntais Bhliantúla

Is léiriú iad Cuntais Bhliantúla an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) ar staid airgeadais agus ar oibríochtaí an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag deireadh na bliana. Sna Cuntais Bhliantúla, tá an tuarascáil bhainistíochta, na ráitis airgeadais (is iad sin an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí míniúcháin eile), tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus an nóta maidir le dáileadh brábúis/cionroinnt caillteanas.

Ullmhaítear na ráitis airgeadais i gcomhréir leis na beartais chuntasaíochta a leagtar síos sa reachtaíocht lena mbaineann. Is beartais iad sin a bhaineann go sonrach leis an gCóras Eorpach Banc Ceannais agus leis an mBanc Ceannais Eorpach. Léigh tuilleadh anseo faoi chur le chéile ráitis airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Is cuid lárnach iad na Cuntais Bhliantúla de Thuarascáil Bhliantúil an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Foilsítear na cuntais i mí Feabhra, roimh an Tuarascáil Bhliantúil lena mbaineann.

2023

Na Príomhfhigiúirí

€674.5billiún

Clár comhardaithe

Tháinig laghdú €24.4 billiún ar Chlár Comhardaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh in 2023 go dtí €674.5 billiún ar an iomlán, go príomha mar gheall ar theacht in aibíocht na n-urrús beartais airgeadaíochta.

Tuilleadh eolais faoin gClár Comhardaithe
€6,620milliún

Scaoileadh iomlán an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais

Scaoileadh an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais ina iomláine chun caillteanais a tabhaíodh in 2023 a fhritháireamh go páirteach, a d’eascair go príomha ón speansas úis a d’eascair as glandliteanas TARGET.

Tuilleadh eolais faoi sholáthairtí
€1,266milliún

Caillteanas BCE don bhliain tar éis scaoileadh an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais

Tabharfar caillteanas BCE don bhliain ar aghaidh ar a chlár comhardaithe lena fhritháireamh in aghaidh brabúis amach anseo. Léiríonn an caillteanas, a leanann tréimhse fhada de bhrabúis shubstaintiúla, ról agus gníomhartha beartais riachtanacha an Eurochórais maidir lena phríomh-shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a chothabháil agus níl aon tionchar aige ar a chumas beartas éifeachtach airgeadaíochta a chur i gcrích.

Tuilleadh eolais faoin gcuntas brabúis agus caillteanais
D’fhéadfadh difear a bheith sna figiúirí iomlána de bharr go ndearnadh na suimeanna a shlánú.

Gach leathanach sa rannóg seo