Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)

Samhain 2025

21 Samhain 2025

Oibríochtaí margaidh

Athbhreithniú ar an gcreat rialaithe riosca d’oibríochtaí creidmheasa beartais airgeadaíochta

An 13 Samhain 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe athbhreithniú rialta ar chreat rialaithe riosca BCE d’oibríochtaí creidmheasa beartais airgeadaíochta lena n-áirithiú go mbeadh an creat fós ina chreat atá cosantach, seasmhach agus coibhéiseach ó thaobh riosca de ar fud aicmí sócmhainní. Is feabhsúcháin spriocdhírithe ar an modheolaíocht caolchorrlaí luachála do shócmhainní indíolta agus neamh-indíolta iad na hathruithe a formheasadh san athbhreithniú seo, den chuid is mó. Déanfar creat dlíthiúil BCE a leasú dá réir sin sula dtagann na hathruithe i bhfeidhm. Tá sé sin beartaithe do mhí na Samhna 2026 ar a luaithe chun am a fhágáil don chur chun feidhme teicniúil ag an Eurochóras agus do na hullmhúcháin riachtanacha ag contrapháirtithe. Tugtar faisnéis níos mionsonraithe i bpreaseisiúint ghaolmhar, atá ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE.

Beartas macrastuamachta agus cobhsaíocht airgeadais

Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais – Samhain 2025

An 19 Samhain 2025, thionóil an Chomhairle Rialaithe malartú tuairimí bunaithe ar eagrán mhí na Samhna 2025 d’Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais agus d’fhormheas sí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Chomh maith le forbhreathnú a thabhairt ar phríomhleochaileachtaí cobhsaíochta airgeadais sa limistéar euro, tá dhá ghné-alt speisialta san eagrán seo. Sa chéad ghné-alt, déantar plé ar an gceist an bhfuil athrú tagtha ar airíonna tearmainn Chisteáin na Stát Aontaithe agus dhollar na Stát Aontaithe ó bhí an suaitheadh taraifí ann i mí Aibreáin 2025, agus scrúdaítear sa dara gné-alt na rioscaí sistéamacha a eascraíonn as naisc idir bainc agus idirghabhálacha airgeadais neamh-bhainc. Foilseofar Athbhreithniú ar Chobhsaíocht Airgeadais an 26 Samhain 2025 ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Cheannais Eorpaigh.

Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí

Toradh ghníomh aicmithe 2024 um chórais íocaíochta

An 13 Samhain 2025 d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe toradh an ghnímh aicmithe bhliantúil le haghaidh córais íocaíochta, bunaithe ar shonraí le haghaidh na bliana tagartha 2024. I gcomhréir leis na forálacha i Rialachán BCE (AE) 2025/1355 maidir le ceanglais formhaoirseachta le haghaidh córais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo (Rialachán SIPS) agus igcreat formhaoirseachta athbhreithnithe an Eurochórais maidir le córais íocaíochta miondíola, leis an ngníomh rialta seo ligtear do BCE córais íocaíochta a aicmiú ina gcórais íocaíochta a bhfuil tábhacht shistéamach leo, ina gcórais íocaíochtaí mórluacha nach bhfuil tábhacht shistéamach leo, ina gcórais íocaíochta miondíola a bhfuil tábhacht shoiléir leo, nó ina gcórais íocaíochta miondíola eile. Foilseofar toradh an ghnímh in am trátha ar shuíomh gréasáin BCE.

Bealach chun cinn do thionscnamh Appia de chuid an Eurochórais

An 19 Samhain 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe na chéad chéimeanna eile do thionscnamh Appia de chuid an Eurochórais, lena n-áirítear amlíne ardleibhéil. Go suntasach, tá coinne leis go gcuirfear páipéar seolta ar fáil i gcaitheamh na chéad ráithe de 2026. Is ionann Appia agus tionscnamh fadtéarmach an Eurochórais i dtreo éiceachóras airgeadais mórdhíola téacschomharthaithe Eorpach a bhunú. Leis sin, cuirfear le Pontes – arb é tairiscint shamhlaithe an Eurochórais lena gcuirfear ar fáil idir-inoibritheacht le hardáin mórleabhair dáilte margaidh agus Seirbhísí TARGET chun idirbhearta a réiteach in airgead bainc cheannais – amhail an tríú ráithe de 2026.

Socraíocht Íocaíochtaí Meandracha TARGET a idirnascadh le Bonneagar Íocaíochtaí Aontaithe (UPI) na hIndia agus Íocaíochtaí Domhanda Nexus (NGP)

An 19 Samhain 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe an chéim cur chun feidhme a sheoladh chun TIPS a idirnascadh le UPI, a bhfuil coinne leis go mbeidh sí i gcrích faoi dheireadh 2026, faoi réir thabhairt chun críche rathúil an chomhaontuithe dhlíthiúil ghaolmhair. Ina theannta sin, thug an Chomhairle Rialaithe sainordú don Bhord um Bonneagar Margaidh chun leanúint leis an gcéim taiscéalaíochta maidir le TIPS a nascadh le NGP, agus é ag díriú ar chomhaontuithe dlíthiúla agus conarthacha a thabhairt i gcrích idir an tEurochóras agus Nexus. Is tionscnamh iltaobhach é Nexus, atá lonnaithe i Singeapór, a nascann roinnt córais mhearíocaíochtaí intíre trí mhúnla coiteann friothála. Leis na tionscnaimh idirnasctha idir TIPS an Eurochórais agus córais mhearíocaíochta eile in go leor dlínsí eile, cuirtear chun cinn straitéis 2024 an Eurochórais maidir le híocaíochtaí miondíola mar aon le Treochlár G20 le haghaidh íocaíochtaí trasteorann níos tapúla, níos saoire, níos trédhearcaí agus níos ionchuimsí. Cuirfear faisnéis níos mionsonraithe ar fáil ar shuíomh gréasáin BCE de réir mar a dhéantar dul chun cinn leis na tionscnaimh seo.

Comhairle maidir le reachtaíocht

Tuairim BCE maidir le neamhspleáchas chomhaltaí Bhord Rialaithe Banka Slovenije agus maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc

An 3 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/33 ar iarratas ó Aireacht Airgeadais na Slóivéine.

Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2028-2034 (clár ‘Pericles V’) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2021/840

An 07 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/34 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa. Foilseofar an Tuairim in am trátha ar EUR-Lex.

Tuairim BCE maidir le (a) togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2402 lena leagtar síos creat ginearálta maidir le hurrúsuithe agus lena gcruthaítear creat sonrach maidir le hurrúsú simplí trédhearcach caighdeánaithe, (b) togra le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa a mhéid a bhaineann le ceanglais maidir le neamhchosaintí ar urrúsú, agus (c) dréacht-togra le haghaidh rialachán tarmligthe lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha incháilitheachta maidir le hurrúsuithe i maolán leachtachta institiúidí creidmheasa

An 11 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/35 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa. Foilseofar an Tuairim in am trátha ar EUR-Lex.

Tuairim BCE maidir le neamhspleáchas maoirseachta Banca d’Italia, coinbhleachtaí leasa a chosc agus feidhmiú na lánroghnach riaracháin i gcás cumasc, deighiltí agus éadáil sealúchas ábharthaAn 18 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/36 ar iarratas ó Aireacht Geilleagair agus Airgeadais na hIodáile

Tuairim BCE maidir le togra le haghaidh pacáiste um shimpliú fioscach ina bhfuil athruithe spriocdhírithe ar rialacha áirithe de chuid an Aontais maidir le rialachas eacnamaíoch

An 18 Samhain 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/37 ar iarratas ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus ó Pharlaimint na hEorpa. Foilseofar an Tuairim in am trátha ar EUR-Lex.

Rialachas corparáideach

Treoirphrionsabail maidir le húsáid eiticiúil fhreagrach Intleachta Saorga (IS)

An 5 Samhain 2025, thug an Chomhairle Rialaithe Treoirphrionsabail nua maidir le húsáid eiticiúil fhreagrach IS dá haire. Is é an Coiste Eitice agus Comhlíontacháin (ECC) a chuir le chéile iad i bhfianaise comhtháthaithe chéimnigh córas IS in obair laethúil, agus i nósanna imeachta gnó nua nó nósanna imeachta gnó reatha, institiúidí an Eurochórais agus an tSásra Maoirseachta Aonair. Tá na Treoirphrionsabail seo neamhcheangailteach agus gan dochar do cheanglais Ghníomh an Aontais um an Intleacht Shaorga atá ceangailteach ó.thaobh an dlí, ná d’aon dlí eile is infheidhme de chuid an Aontais. Fós féin, cuirtear treoir agus stiúir nithiúil phraiticiúil ar fáil leo maidir le ceapadh creat rialachais do chórais IS nó maidir le cóid ghaolmhara iompair a dhréachtú trí phrionsabail eiticiúla ardleibhéil seanbhunaithe a chur i ngníomh.

Athbhreithniú tríbhliantúil ar choistí an Eurochórais/CEBC

An 14 Samhain 2025, mar chuid den athbhreithniú tríbhliantúil ar shainorduithe choistí an Eurochórais/CEBC, chuir an Chomhairle Rialaithe síneadh le sainorduithe na gcoistí a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 9.1 de Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh go ceann téarma trí bliana eile; beidh deireadh leo anois an 31 Nollaig 2028. Chuir an Chomhairle Rialaithe síneadh freisin le sainorduithe ECC agus an Choiste Acmhainní Daonna, ar bunaíodh iad araon i gcomhréir le hAirteagal 9a de na Rialacha Nós Imeachta. D’fhormheas sé freisin sainordú athbhreithnithe d’Fhóram an Eurochórais ar an Athrú Aeráide a bunaíodh le cinneadh ón gComhairle Rialaithe i mí Iúil 2022. Chomh maith leis sin, d’athcheap an Chomhairle Rialaithe cathaoirligh an choiste go dtí an 31 Nollaig 2028 cé is moite de Chathaoirleach an Choiste um Rialú agus Comhchathaoirleach BCN ar an gCoiste um Fhorbairt Eagraíochtúil. Sa dá chás sin, níl sealbhóirí reatha na ról ar fáil lena n-athcheapadh agus glacfar cinneadh maidir leis na róil seo ag tráth níos déanaí.

Athcheapadh comhaltaí ar Choiste Eitice agus ar Choiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 18 Samhain 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe Ardo Hansson a athcheapadh ina chomhalta ar an gCoiste Iniúchóireachta agus Pervenche Berès a athcheapadh ina chomhalta ar an gCoiste Eitice agus ar an gCoiste Iniúchóireachta araon, don dara téarma trí bliana, ag tosú an 1 Nollaig 2025 agus an 1 Eanáir 2026 faoi seach.

Staidreamh

Tuarascáil Cháilíochta 2024 maidir le staidreamh airgeadaíochta agus airgeadais an limistéir euro

An 6 Samhain 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe foilsiú thuarascáil cháilíochta 2024 maidir le staidreamh airgeadaíochta agus airgeadais an limistéir euro. Déantar an tuarascáil sin a ullmhú i ndlúthchomhar leis an gCoiste um Staidreamh. Cuirtear faisnéis ar fáil inti maidir le cáilíocht an staidrimh Eorpaigh a bhailigh, a thiomsaigh agus a scaip BCE le cúnamh na mbanc ceannais náisiúnta sa limistéar euro, agus is cuid de Chreat Cáilíochta Staidrimh BCE í. Foilseofar an tuarascáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh Dé Luain, an 9 Nollaig 2025.

Maoirseacht Baincéireachta BCE

Nochtadh mhodheolaíochtaí an Phróisis Athbhreithnithe agus Meastóireachta Maoirseachta (SREP)

An 4 Samhain 2025, níor chuir an Comhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun foilsiú a dhéanamh ar: mhodheolaíocht SREP 2025 arna cur i bhfeidhm maidir le hinstitiúidí suntasacha faoi mhaoirsiú díreach BCE, ar an modheolaíocht níos mionsonraithe maidir le measúnú múnlaithe ghnó SREP d’institiúidí suntasacha, agus ar modheolaíocht SREP maidir le rialachas inmheánach agus bainistíocht riosca. Tá preaseisiúint ghaolmhar, in éineacht leis na trí dhoiciméad sin, ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Pionós riaracháin arna fhorchur ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 4 Samhain 2025, d’fhógair BCE gur fhorchuir sé pionós riaracháin EUR 405 000 ar AS LHV Group as sócmhainní míríofa a bhí ualaithe ó thaobh riosca a thuairisciú le haghaidh riosca margaidh. Tá preaseisiúint ghaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Foilsiú an phacáiste tuairiscithe le haghaidh gnás gearrthéarmach (STE) an Bhainc Ceannais Eorpaigh

An 5 Samhain 2025, níor chuir an Comhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta chun foilsiú a dhéanamh ar phacáiste tuairiscithe le haghaidh gnás gearrthéarmach BCE atá le teacht, rud a chuirfidh ar chumas BCE, i gcomhthéacs SREP, uirlisí cainníochtúla a bhaineann go sonrach le riosca a fhorbairt chun meastachán a thabhairt ar na cistí dílse a theastaíonn chun rioscaí nó eilimintí riosca a chumhdach. Tá teimpléid tuairiscithe agus treoracha gaolmhara sa phacáiste seo. Tá siad ar fad le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in éineacht le preaseisiúint ghaolmhar.

Toradh ghníomh 2025 um rioscaí agus tosaíochtaí

An 10 Samhain 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne moladh ón mBord Maoirseachta toradh ghníomh 2025 um rioscaí agus tosaíochtaí a fhoilsiú. Tá an foilseachán ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

Íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla forchurtha ar bhanc amháin sa limistéar euro

An 10 Samhain 2025, d’fhógair BCE gur fhorchuir sé íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla de EUR 187 650 ar ABANCA Corporación Bancaria, S.A. as mainneachtain cinneadh BCE lena leagtar síos ceanglais maidir le rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol a chomhlíonadh. Tá preaseisiúint ghaolmhar ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta BCE.

Foilsiú mhodheolaíocht athbhreithnithe cheanglas Cholún 2 do thimthriall SREP 2026

An 14 Samhain 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta modheolaíocht nua cheanglas Cholún 2 do thimthriall SREP 2026 a fhoilsiú. Tá an foilseachán ar fáil ar shuíomh gréasáin maoirseachta baincéireachta an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa