Cinntí arna ndéanamh ag Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (sa bhreis ar chinntí maidir le socrú rátaí úis)
Meitheamh 2025
Cumarsáid sheachtrach
Tuarascáil BCE maidir le Cóineasú, 2025
An 4 Meitheamh 2025, d’fhoilsigh BCE a Thuarascáil maidir le Cóineasú, a ullmhaítear i ndiaidh iarraidh a fháil ón mBulgáir an 25 Feabhra 2025. Scrúdaítear sa tuarascáil staid an chóineasaithe eacnamaíoch sa Bhulgáir agus comhoiriúnacht a reachtaíocht náisiúnta leis na Conarthaí. D’fhormheas an Chomhairle Ghinearálta an tuarascáil agus foilsíodh í ag an am céanna leis an tuarascáil a d’ullmhaigh an Coimisiún Eorpach, mar a fhoraíltear le forálacha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Tá an tuarascáil le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh in éineacht le preaseisiúint ghaolmhar.
Beartas airgeadaíochta
Nochtaí a bhaineann leis an aeráid de shealúchais bannaí corparáide an Eurochórais
An 30 Bealtaine 2025 d’údaraigh an Chomhairle Rialaithe foilsiú an tríú tuarascáil ón mBanc Ceannais Eorpach ar nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid de shócmhainní an Eurochórais arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta agus cúlchistí eachtracha an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Cuirtear faisnéis ar fáil sa tuarascáil maidir le lorg carbóin phunanna an Eurochórais agus nochtadh do rioscaí aeráide, chomh maith le rialachas, straitéis agus bainistiú riosca a bhaineann leis an aeráid. Cuirtear faisnéis ar fáil i dtuarascáil eile freisin maidir le punanna beartais neamhairgeadaíochta an Bhainc Ceannais Eorpaigh atá ainmnithe in euro, lena n-áirítear a phunann cistí dílse agus a chiste pinsin foirne. Foilsíodh an dá thuarascáil, chomh maith le preasráiteas ghaolmhar, ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 12 Meitheamh 2025.
Oibríochtaí margaidh
Ceanglais tuairiscithe ar chontrapháirtithe beartais airgeadaíochta don chéad ráithe de 2025 a chur siar
An 6 Meitheamh 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe na ceanglais tuairiscithe ar chontrapháirtithe don chéad ráithe de 2025, mar atá leagtha amach in Airteagal 158(3) de Threoirlíne (AE) 2015/510 ón mBanc Ceannais Eorpach (Treoirlíne maidir le Doiciméadacht Ghinearálta) a chur siar, ar bhonn aonuaire agus tugadh idirthréimhsí réasúnta den chóras tuairiscithe maoirseachta isteach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/3117. Go sonrach, chinn an Chomhairle Rialaithe an dáta le haghaidh fionraí uathoibríoch ar fhorais stuamachta a luaitear in Airteagal 158(3) a shocrú don 7 Deireadh Fómhair 2025. Baineann na ceanglais tuairiscithe lena mbaineann le tarchur na gcistí dílse agus sonraí na gcóimheas giarála ag contrapháirtithe incháilithe. Tá fógra gaolmhar le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Leasuithe ar Chinntí maidir leis an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CBPP3) agus an clár ceannaigh éigeandála paindéime (PEPP)
An 11 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh BCE/2025/20 lena leasaítear Cinneadh BCE/2020/8 maidir le cur chun feidhme CBPP3, agus ghlac sí Cinneadh BCE/2025/21 lena leasaítear Cinneadh BCE/2020/17 ar PEPP sealadach. Léiríonn na leasuithe na cinntí déanta ag an gComhairle Rialaithe i mí Aibreáin 2025 chun, ar an gcéad dul síos, leasú a dhéanamh ar sholáthairtí i leith contrapháirtithe atá incháilithe don CBPP3 chun gur féidir le bainc cheannais an Eurochórais páirt a ghlacadh in idirbhearta margaidh caighdeánacha amhail idirbhearta athcheannaigh (‘aischeannaigh’), agus, ar an dara dul síos, leasú a dhéanamh ar an riail is infheidhme maidir le hidirbhearta iasachta urrús bannaí faoi chumhdach atá i seilbh an Eurochórais faoi CBPP3 agus PEPP chun breithnithe bainistíochta riosca a léiriú.
Bonneagar margaidh agus íocaíochtaí
Cinneadh lena ndeimhnítear dáta cur i bhfeidhm Chóras Bainistíochta Comhthaobhachta an Eurochórais (CBCE)
An 16 Bealtaine 2025, dheimhnigh an Chomhairle Rialaithe, i ndiaidh measúnú dearfach arna dhéanamh ag an mBord um Bonneagar Margaidh, go mbeadh CBCE curtha i bhfeidhm an 16 Meitheamh 2025. D’fhoilsigh fógra gaolmhar an lá céanna ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. D’eisigh BCE preasráiteas an 17 Meitheamh 2025 lena ndeimhnítear an seoladh rathúil ag an deireadh seachtaine an 13-15 Meitheamh 2025.
Seoladh comhairliúcháin phoiblí a bhaineann leis an bhféidearthacht síneadh a chur le huaireanta oibriúcháin T2
An 30 Bealtaine 2025, chinn an Chomhairle Rialaithe comhairliúchán poiblí a bhaineann leis an bhféidearthacht síneadh a chur le huaireanta oibriúcháin T2 agus d’fhormheas sí an páipéar comhairliúcháin gaolmhar agus a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin BCE. Is é príomhchuspóir an chomhairliúcháin seo, a bheidh ar siúl go dtí an 30 mí Mheán Fómhair 2025, tuiscint ar riachtanais reatha an mhargaidh a bheith ag an Eurochóras agus aon srian a d’fhéadfadh teacht chun cinn a shainaithint má chuirtear síneadh le huaireanta oibriúcháin T2. Bunaithe ar an aiseolas sin agus dian-anailís ar na freagraí a fuarthas, pléifidh an Chomhairle Rialaithe gníomhaíochtaí leantacha féideartha.
Cinneadh lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/222 maidir le rochtain ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc ar chórais íocaíochta arna n-oibriú ag bainc cheannais an Eurochórais agus ar chuntais bainc ceannais (BCE/2025/2)
An 2 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Cinneadh (AE) 2025/1148 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/222 maidir le rochtain ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc ar chórais íocaíochta arna n-oibriú ag bainc cheannais an Eurochórais agus ar chuntais bainc ceannais (BCE/2025/2) (BCE/2025/18). Leanann an leasú ón gcinneadh a rinne an Chomhairle Rialaithe leasuithe ar Threoirlíne TARGET a chur siar chun an éiginnteacht dhlíthiúil a sheachaint a d’eascródh i ndáil le rochtain ag soláthraithe seirbhísí íocaíochta neamhbhainc ar chórais íocaíochta arna n-oibriú ag bainc cheannais an Eurochórais, lena n-áirítear comhpháirteanna TARGET, mar thoradh ar na moilleanna i roinnt Ballstát sa limistéar euro maidir leis na leasuithe ábhartha ar Threoir 98/26/AE maidir le críochnaitheacht socraíochta i gcórais íocaíochta agus socraíochta urrús agus Treoir (AE) 2015/2366 maidir le seirbhísí íocaíochta sa mhargadh inmheánach a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta.
Tuarascáil ar dhul chun cinn thionscadal an euro dhigitigh
An 3 Meitheamh 2025, phléigh an Chomhairle Rialaithe an dul chun cinn atá déanta maidir le príomhghnéithe dhearadh an euro dhigitigh (m.sh. foinsiú na soláthraithe féideartha, ullmhú an leabhair rialacha, turgnamhaíocht agus anailís bhreise) agus thug sí dá haire na chéad chéimeanna eile atá beartaithe, agus tháinig sí ar an gconclúid go bhfuil an tionscadal fós ar an mbóthar ceart ó thaobh buiséid agus uainiúcháin de. Tá eolas níos mionsonraithe maidir le tionscadal an euro dhigitigh le fáil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Treochlár an Eurochórais maidir le teicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT) le haghaidh socraíocht airgid banc ceannais mórdhíola
An 23 Meitheamh 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe treochlár ardleibhéil dá cur chuige dériain DLT le haghaidh socraíocht airgid banc ceannais mórdhíola. Thug an tEurochóras faoi seo leis an obair taiscéalaíoch in 2024. Faoin gcéad rian (dá ngairtear Pontes air), tá sainordú ag an mBord um Bonneagar Margaidh tairiscint oibríochtúil ghearrthéarmach a sholáthar chun idirbhearta DLT-bunaithe a shocrú in airgead bainc cheannais. Táthar ag súil go seolfar ar bhonn píolótach é faoi dheireadh an tríú ráithe de 2026. Sa dara rian (dá ngairtear Appia air), díreofar ar chur chuige fadtéarmach féideartha a shainaithint le haghaidh éiceachóras nuálach agus comhtháite san Eoraip le hoibríochtaí idirnáisiúnta chomh maith. Foilseofar preaseisiúint ghaolmhar le faisnéis níos mionsonraithe in am trátha ar shuíomh gréasáin BCE.
Tuarascáil ar obair taiscéalaíoch an Eurochórais ar theicneolaíochtaí nua le haghaidh socraíocht airgid banc ceannais mórdhíola
An 25 Meitheamh 2025, thug an Chomhairle Rialaithe dá haire tuarascáil, arna n-ullmhú ag an gCoiste um Bonneagar agus Íocaíochtaí Margaidh, ar obair taiscéalaíoch an Eurochórais ar theicneolaíochtaí nua le haghaidh socraíocht airgid banc ceannais mórdhíola. Comhdhlúthaítear sa tuarascáil príomhthorthaí an tionscnaimh seo, tionscnamh a mheall an-spéis le 64 rannpháirtí incháilithe, ar fud 9 ndlínse, agus beagnach €1.6 billiún socruithe i 27 dtriail, agus léirítear sa tuarascáil na cásanna úsáide éagsúla a shainaithnítear. Foilseofar an tuarascáil in am trátha ar shuíomh gréasáin BCE.
Comhairle maidir le reachtaíocht
Tuairim BCE maidir le comhdhéanamh chomhlachtaí cinnteoireachta Magyar Nemzeti Bank, na cuntais státchiste arna mbainistiú ag Magyar Nemzeti Bank agus gníomhaíochtaí ceadaithe fondúireachtaí arna mbunú ag Magyar Nemzeti Bank
An 27 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/12 arna hullmhú ag an mBanc Ceannais Eorpaigh as a stuaim féin.
Tuairim BCE maidir le pinsin Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique
An 10 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe le Tuairim CON/2025/13 ar iarratas ó Leas-Phríomh-Aire agus Aire Airgeadais agus Pinsean na Beilge.
Tuairim BCE maidir le rochtain ar airgead tirim agus ceart bunreachtúil chun íocaíochta in airgead tirim
An 25 Meitheamh 2025 ghlac an Chomhairle Rialaithe Tuairim CON/2025/14 ar iarratas ó Magyar Nemzeti Bank. Beidh an Tuairim ar fáil in am trátha ar EUR-Lex.
Rialachas corparáideach
Moladh ón mBanc Ceannais Eorpach maidir le hiniúchóirí seachtracha Deutsche Bundesbank
An 02 Meitheamh 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/19 do Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir le hiniúchóirí seachtracha Deutsche Bundesbank.
Comhaltas ar Choiste Iniúchóireachta BCE agus Coiste Eitice BCE
An 4 Meitheamh 2025, cheap an Chomhairle Rialaithe Gaston Reinesch ina chomhalta de Chomhairle Rialaithe Choiste Iniúchóireachta an Bhainc Ceannais Eorpach chun teacht i gcomharbacht ar Klaas Knot,a dtagann deireadh lena shainorduithe an 1 Iúil 2025. Cheap an Chomhairle Rialaithe freisin Federica Mogherini, an Reachtaire reatha le Coláiste na hEorpa, Stiúrthóir Acadamh Taidhleoireachta an Aontais Eorpaigh agus Iar-Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ina comhalta nua de Choiste Eitice BCE chun teacht i gcomharbacht ar Virginia R. Canter ,a dtagann deireadh lena sainorduithe ag tús mí Lúnasa 2025. Tá na ceapacháin sin, ar cuireadh tús leo an 1 Iúil agus 1 Lúnasa 2025 faoi seach, le haghaidh tréimhse tosaigh trí bliana agus féadfar an tréimhse sin a athnuachan uair amháin.
Staidreamh
Moladh le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle maidir le faisnéis staidrimh a bheith á bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach a leasú
An 22 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Rialaithe Moladh BCE/2025/17le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2533/98 ón gComhairle maidir le faisnéis staidrimh a bheith á bailiú ag an mBanc Ceannais Eorpach. Is é an príomhchuspóir a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh 2533/98 athruithe suntasacha maidir le bailiú, tiomsú, scaipeadh agus úsáid faisnéise staidrimh ag an gCóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) mar gheall ar an gclaochlú digiteach. Tá éileamh ar an bhfaisnéis staidrimh níos tapúla, níos rialta agus níos mionsonraithe mar thoradh ar na hathruithe seo agus cuireadh deiseanna nua maidir le bailiú faisnéise níos éifeachtúla ar fáil freisin, rud a chuireann feabhas ar an gcostéifeachtacht agus an t-ualach tuairiscithe a laghdú chomh maith.
Comhar idirnáisiúnta agus Eorpach
Tuarascáil maidir le ról idirnáisiúnta an euro
An 15 Bealtaine 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe eagrán mhí an Mheithimh 2025 den tuarascáil ar ról idirnáisiúnta an euro agus d’údaraigh sí a foilsiú ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh. Tá an tuarascáil, ina dtugtar forléargas ar fhorbairtí in úsáid an euro i measc neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro in 2024, le fáil, mar aon le preaseisiúint ghaolmhar, ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.
Freagairt CEBC ar chomhairliúchán spriocdhírithe ón gCoimisiúin Eorpach maidir le comhtháthú mhargaí AE caipitil
An 4 Meitheamh 2025, d’fhormheas an Chomhairle Rialaithe, ar mhaithe le barúlacha ó chomhaltaí na Comhairle Ginearálta, freagairt CEBC ar chomhairliúchán spriocdhírithe ón gCoimisiúin Eorpach maidir le comhtháthú mhargaí AE caipitil. Tá an fhreagairt CEBC, lena bhforáiltear tuairimí mionsonraithe CEBC ar ghnéithe sonracha maidir le simpliú agus laghdú ar an ualach, trádáil, iar-thrádáil, bacainní chothrománacha ar thrádáil agus bonneagair iar-thrádála, bainistíocht sócmhainní agus cistí, topaicí le haghaidh comhairliúchán ar mhaoirseacht, mar aon le ceisteanna chothrománacha ar an gcreat maoirseachta, le fáir ar shuíomh gréasáin BCE.
Maoirseacht Baincéireachta BCE
Comhlíontacht le Treoirlínte Comhpháirteacha na n-Údaráis Maoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) maidir le malartú faisnéise ábhartha do mheasúnuithe cuí cóir
An 16 Bealtaine 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE, maidir leis na hinstitiúidí suntasacha atá faoina mhaoirseacht dhíreach, go gcomhlíonann an Banc Ceannais Eorpach Treoirlínte Comhpháirteacha maidir leis an gcóras a bunaíodh ag ÚMEnna maidir le malartú faisnéise ábhartha do mheasúnuithe oiriúnacht agus cuibheas na sealbhóirí sealúchas cáilitheach, stiúrthóirí agus sealbhóirí eochairfheidhme na nInstitiúidí Airgeadais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais ag údaráis inniúla (JC/GL/2024/88). Is mar aidhm ag na Treoirlínte Comhpháirteacha cleachtais mhaoirseachta chomhsheasmhacha, éifeachtúil agus éifeachtacha a bhunú laistigh den Chóras Eorpach um Maoirseacht Airgeadais, agus cur i bhfeidhm coiteann, aonfhoirmeach agus comhsheasmhach dhlí an Aontais a áirithiú maidir le húsáid an chórais arna bhunú ag ÚMEnna maidir leis an gcómhalartú faisnéise thuasluaite.
Comhlíonadh le Treoirlínte Comhpháirteacha ÚMEnna maidir le meastachán ar chostais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe a tharla de bharr mórtheagmhais a bhaineann le TFC faoi Rialachán (AE) 2022/2554
An 19 Bealtaine 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe in aghaidh moladh ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach go bhfuil sé de rún ag an mBanc Ceannais Eorpach, maidir leis na institiúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, Treoirlínte Comhpháirteacha maidir le meastachán ar chostais agus caillteanais bhliantúla chomhiomlánaithe a tharla de bharr mórtheagmhais a bhaineann le TFC faoi Rialachán (AE) 2022/2554 (JC/GL/2024/34) faoin 30 Samhain 2025.
Comhlíonadh le Treoirlínte an ÚBE maidir le rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais (ESG)
An 28 Bealtaine 2025, níor chuir an Chomhairle Rialaithe i gcoinne togra ón mBord Maoirseachta fógra a thabhairt do ÚBE, maidir leis na hinstitúidí suntasacha faoina mhaoirseacht dhíreach, go bhfuil sé de rún ag BCE na Treoirlínte maidir le bainistiú rioscaí ESG a chomhlíonadh faoin 11 Eanáir 2026 (ÚBE/GL/2025/01). Is é is aidhm do na treoirlínte seo feabhas a chur ar shainaithint, tomhas, bainistiú agus faireachán rioscaí ESG ag institiúidí, agus tacú lena sábháilteacht agus fóntacht agus iad ag dul i ngleic le tionchar na bhfactóirí ESG sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma. Áirítear iontu ceanglais maidir le próisis inmheánacha agus socruithe bainistíochta riosca ESG ar cheart go mbeadh i bhfeidhm ag institiúidí, lena n-áirítear pleananna sonracha chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a eascraíonn as an aistriú agus as an bpróiseas coigeartaithe ar na cuspóirí dlíthiúla agus rialála is infheidhme.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa