Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Na huirlisí réamhaisnéise a bheachtú


Tá ár n-anailís cosúil le fuinneog ina bhfuil léargas le fáil ar sheomra innill an gheilleagair. Cuidíonn sí linn tuiscint a fháil ar an gcaoi a bhfuil athrú ag teacht ar an bhfás agus ar an mboilsciú. Is air sin a bhunaítear cinntí stuama maidir leis an mbeartas airgeadaíochta.

De réir mar a théann an éiginnteacht in olcas agus ár ngeilleagair buailte níos minice ag suaití, éiríonn an obair réamhaisnéise níos dúshlánaí. Is é sin an fáth a bhfuil sraith straitéisí anailíseacha leathana a athraíonn leis an aimsir de dhíth orainn. Is iomaí cineál samhla réamhaisnéise a bhíonn in úsáid againn. Breathnaímid ar an toradh is dóchúla don gheilleagar – ar a dtugtar an réamh-mheastachán “bunlíne” – agus ar a lán eile lena chois. Nuair is gá, déanaimid anailís freisin ar hipitéisí éagsúla ina mbreithnítear ceisteanna casta “cad a tharlóidh má tharlaíonn”.

Déanaimid uasghrádú leanúnach ar an tsraith straitéisí sin ionas go mbíonn ár n-anailís eacnamaíoch oiriúnach don fheidhm i gcónaí i ndomhan éiginnte atá ag athrú.