Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Céard is T2 ann?

24 Iúil 2025

Is córas íocaíochta é T2 ar leis an Eurochóras é agus arb é an tEurochóras a fheidhmíonn é. Is é an príomhardán Eorpach é chun íocaíochtaí mórluacha a phróiseáil agus úsáideann bainc cheannais agus bainc thráchtála é chun íocaíochtaí a phróiseáil in euro i bhfíor-am.

Cad is córais íocaíochta ann?

Bíonn geilleagair nua-aimseartha ag brath ar idirbhearta sábháilte agus éifeachtúil. Cuireann córais íocaíochta an phluiméireacht ar fáil a fhágann go mbíonn na treoracha agus an t-airgead sna hidirbhearta seo in ann sreabhadh ar fud an gheilleagair. Is córas íocaíochta é T2 a úsáideann bainc san AE airgead a aistriú eatarthu i bhfíor-am. Tugtar ollsocraíocht fíor-ama ar an aistriú seo (RTGS).

Cén fáth a bhfuil T2 tábhachtach?

Tá an Banc Ceannais Eorpach meáite ar a chinntiú go bhfeidhmíonn córais íocaíochta agus bonneagair mhargaidh eile i gceart agus go héifeachtúil, d’fhonn cobhsaíocht airgeadais a choinneáil sa limistéar euro. Ciallaíonn sé seo gur croí-bhloc tógála é T2 maidir le comhtháthú airgeadais san AE. Éascaíonn sé sreabhadh saor an airgid trasna teorainneacha agus tacaíonn sé le cur chun feidhme bheartas aonair airgeadaíochta an Bhanc Ceannais Eorpaigh.

Cén chaoi a n-oibríonn T2?

Is leis an tEurochóras an t-ardán agus is é an tEurochóras a fheidhmíonn é. Go simplí, oibríonn sé mar seo a leanas:

  • Tá cuntais ag Banc A agus ag Banc B le banc ceannais.
  • Tá íocaíocht in euro le déanamh ag Banc A le Banc B.
  • Cuireann Banc A treoracha íocaíochta isteach chuig T2.
  • Baintear airgead as cuntas Bhanc A agus cuirtear airgead isteach i gcuntas Bhanc B – tá an íocaíocht socraithe.
  • Aistríonn T2 an t-eolas íocaíochta chuig Banc B

Cé atá in ann T2 a úsáid?

Bainc cheannais an AE agus a gcomhphobail náisiúnta de bhainc thráchtála. Úsáideann os cionn 1,000 banc T2 chun idirbhearta a thionscnamh in euro, bíodh sé ar a son féin nó ar son a gcustaiméirí. Nuair a chuirtear brainsí agus fochomhlachtaí san áireamh, is féidir os cionn 40,000 banc a shroicheadh (mar aon lena gcustaiméirí) ar fud an domhain trí T2.

FÉACH FREISIN

Tuilleadh eolais faoi ábhar gaolmhar

Úsáideann ár suíomh gréasáin fianáin

Bainimid úsáid as fianáin fheidhmiúla chun roghanna úsáideora a stóráil; fianáin tríú páirtí arna socrú ag seirbhísí tríú páirtí atá comhtháite sa suíomh gréasáin. Tá sé de rogha agat glacadh leo nó iad a dhiúltú. Le haghaidh tuilleadh faisnéise nó chun athbhreithniú a dhéanamh ar do rogha maidir leis na fianáin agus na logaí freastalaí a úsáidimid, iarraimid ort an méid seo a leanas a dhéanamh: