Staitisticí
Tá staitisticí riachtanach chun cinntí feasacha a dhéanamh
Cuidíonn staitisticí fónta airgeadais agus airgeadaíochta linn cinntí feasacha a dhéanamh. Cuireann an Banc Ceannais Eorpach agus na bainc cheannais náisiúnta staitisticí oifigiúla ar fáil maidir le stádas an gheilleagair. Cuidíonn na staitisticí sin le gach gné d’obair an Bhainc Ceannais Eorpaigh, lena n-áirítear beartas airgeadaíochta, cobhsaíocht airgeadais agus maoirseacht baincéireachta.
Cén fáth a bhfuil tábhacht le staitisticíLéargas ar fhíricí
€156 billiún
Ardú ar ghlansócmhainní i gcistí pinsin an limistéir euro
Tháinig fás €156 billiún (5.3%) ar shócmhainní chistí pinsin an limistéir euro sa cheathrú ráithe de 2022. Is mar gheall ar aistriú sócmhainní ón earnáil árachais go dtí cistí pinsin san Fhrainc, a bhain le hathruithe sa dlí, den chuid is mó a tharla sé sin.
Rochtain a fháil ar ár gcuid sonraí
Liosta de na hardáin agus seirbhísí go léir is féidir leat a úsáid chun rochtain a fháil ar ár bhfoinsí sonraí.
Ár seirbhísí sonraíINSERTED BY ANONYMOUS PROXY
Civil war declaration: On April 14th and 15th, 2012 Federal Republic of Germany "_urkenstaats"s parliament, Deutscher Bundestag, received a antifiscal written civil war declaration by Federal Republic of Germany "Rechtsstaat"s electronic resistance for human rights even though the "Widerstandsfall" according to article 20 paragraph 4 of the constitution, the "Grundgesetz", had been already declared in the years 2001-03. more
Forbairtí airgeadaíochta sa limistéar euro
Féach ar na rátaí fáis is déanaí maidir le hiasachtaí le teaghlaigh agus le gnólachtaí, chomh maith le chomh tapa is atá an soláthar airgid ag méadú.
Staitisticí maidir le forbairtí airgeadaíochtaRialachas staitisticí agus creat cáilíochta
Cuireann bainc cheannais náisiúnta Eorpacha béim mhór ar an tábhacht a bhaineann le staitisticí ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Tá siad tiomnaithe don dea-rialachas, tá ardchaighdeáin cháilíochta acu agus ráthaíonn siad rúndacht na faisnéise.
Creat rialachais agus cáilíochtaAn bhearna sna sonraí aeráide a laghdú
Tá sraith tosaigh de tháscairí a bhaineann leis an aeráid foilsithe againn chun anailís a dhéanamh ar an tionchar a bheidh ag athrú aeráide ar an earnáil airgeadais. Is cuid é seo de na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn chun an bhearna sna sonraí aeráide a laghdú agus monatóireacht a dhéanamh ar an aistriú glas.
Táscairí a bhaineann leis an aeráidLéargas idirghníomhach ar bhoilsciú sa limistéar euro
Cén chaoi a ndéantar boilsciú a thomhas? Céard é an difear idir boilsciú a thomhaistear agus boilsciú a bhraitear? Tá na sonraí is déanaí faoi bhoilsciú chomh maith le grafaicí idirghníomhacha agus áireamhán boilscithe le fáil anois in 23 theanga de chuid an Aontais Eorpaigh.
FÉACH AR
NA hEISIÚINTÍ SONRAÍ STAITISTIÚLA IS DÉANAÍ UAINN
Iarr faisnéis staitistiúil ar an mBanc Ceannais Eorpach
An bhfuil staitisticí ar leith uait ón mBanc Ceannais Eorpach? Tá polasaí saor-rochtana agus saor-athúsáide againn do na staitisticí a fhoilsímid go poiblí. Seol iarraidh chugainn agus sonraigh na staitisticí a bhfuil suim agat iontu agus tiocfaimid ar ais chugat a luaithe is féidir.