Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
Christine Lagarde
The President of the European Central Bank
Luis de Guindos
Vice-President of the European Central Bank
  • RÁITEAS BEARTAIS AIRGEADAÍOCHTA

PREASÓCÁID

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Luis de Guindos, Leas-Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Frankfurt am Main, an 27 Iúil 2023

Dia daoibh. Cuirim féin agus an Leas-Uachtarán fáilte romhaibh chuig an bpreasócáid.

Tá boilsciú fós ag teacht anuas ach mar sin féin, meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. Tá rún daingean againn a chinntiú go bhfillfidh an boilsciú ar ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad gan mhoill. Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu mar sin, ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Léiríonn an méadú ráta inniu an measúnú atá déanta againn ar ionchas an bhoilscithe, ar dhinimic an bhoilscithe bhunúsaigh, agus ar neart tharchur an bheartais airgeadaíochta. Tacaíonn forbairtí atá tagtha chun cinn ón gcruinniú deiridh a bhí againn lenár n-ionchas go dtitfidh boilsciú tuilleadh idir seo agus deireadh na bliana ach go bhfanfaidh sé os cionn na sprice ar feadh tréimhse fhada. Cé go bhfuil comharthaí ann go bhfuil roinnt beart ag maolú, tá boilsciú bunúsach fanta ard ar an iomlán. Tá na harduithe ar rátaí a rinneamar san am atá caite á dtarchur go tréan i gcónaí: tá coinníollacha maoinithe níos doichte arís agus tá siad ag cur maolú de réir a chéile ar an éileamh, rud atá ina fhachtóir tábhachtach chun boilsciú a thabhairt ar ais chuig an sprioc.

Cinnteoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá chun filleadh tráthúil ar bhoilsciú chuig ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad a bhaint amach. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh ár gcinntí faoi rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

Chinneamar freisin luach saothair na gcúlchistí íosta a shocrú ag nialas faoin gcéad. Caomhnófar leis an gcinneadh seo éifeachtúlacht an bheartais airgeadaíochta tríd an leibhéal reatha rialaithe ar sheasamh an bheartais airgeadaíochta a chothabháil agus a áirithiú go gcuirfear cinntí maidir lenár rátaí úis ar aghaidh go hiomlán chuig na margaí airgid. Ag an am céanna, feabhsóidh sé éifeachtúlacht an bheartais airgeadaíochta tríd an méid foriomlán úis is gá a íoc ar chúlchistí a laghdú chun an seasamh cuí a chur i bhfeidhm.

Tá na cinntí uile a rinneadh inniu leagtha amach i bpreasráiteas atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin. Cuirtear sonraí an athraithe ar luach saothair na gcúlchistí íosta ar fáil i bpreaseisiúint ar leith atá le foilsiú ag 15:45 CET.

Tabharfaidh mé cuntas níos mionsonraithe anois ar ár mbarúil faoin bhforás a thiocfaidh ar an ngeilleagar agus ar an mboilsciú, agus ansin míneoimid ár measúnú ar dhálaí airgeadais agus airgeadaíochta.

Gníomhaíocht eacnamaíoch

Tá meath tagtha ar an ionchas eacnamaíoch garthéarmach don limistéar euro, go mór mór mar gheall ar éileamh intíre níos laige. Tá boilsciú ard agus coinníollacha maoinithe níos déine ag cur maolú ar chaiteachas. Tá sé seo ag brath go háirithe ar aschur déantúsaíochta, rud atá á choinneáil síos freisin ag éileamh eachtrach lag. Tá comharthaí laige ag baint le hinfheistíocht tithíochta agus gnó freisin. Tá seirbhísí níos athléimní i gcónaí, go háirithe i bhfo-earnálacha dian-teagmhála ar nós earnáil na turasóireachta. Ach tá móiminteam ag moilliú san earnáil seirbhísí. Meastar go bhfanfaidh an geilleagar lag sa ghearrthréimhse. Le himeacht ama, ba cheart go dtacódh boilsciú atá ag titim, ioncam ag ardú agus coinníollacha soláthair atá ag feabhsú leis an téarnamh.

Tá an margadh saothair fós láidir. D'fhan an ráta dífhostaíochta ag an leibhéal is ísle riamh, 6.5 faoin gcéad, i mí na Bealtaine agus tá go leor post nua á gcruthú, go háirithe san earnáil seirbhísí. Ag an am céanna, tugann táscairí réamhbhreathnaithe le fios go bhféadfadh an treocht seo moilliú sna míonna amach romhainn agus go bhféadfadh sé iompú diúltach don déantúsaíocht.

De réir mar a théann an ghéarchéim fuinnimh i léig, ba cheart do rialtais na bearta tacaíochta gaolmhara a thabhairt ar ais go pras agus ar bhealach comhbheartaithe. Tá sé seo riachtanach chun ardú ar bhrúnna meántéarmacha boilscithe a sheachaint, rud a d’éileodh freagairt beartais airgeadaíochta níos láidre murach sin. Fáiltímid roimh ráiteas an Ghrúpa Euro le déanaí maidir le seasamh fioscach an limistéir euro, atá ag teacht leis an measúnú seo. Ba cheart beartais fhioscacha a bheith deartha chun ár ngeilleagar a dhéanamh níos bisiúla agus chun fiachas ard poiblí a thabhairt anuas de réir a chéile. Is féidir le beartais chun acmhainn soláthair an limistéir euro a fheabhsú cabhrú le brúnna praghais a laghdú sa mheántéarma, agus ag an am céanna tacú leis an aistriú glas, atá á chur chun cinn tuilleadh ag an gclár Next Generation EU. Ba cheart an t-athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a thabhairt chun críche roimh dheireadh na bliana seo.

Boilsciú

Tháinig laghdú breise ar an mboilsciú i mí an Mheithimh, ag baint 5.5 faoin gcéad amach, tar éis 6.1 faoin gcéad i mí na Bealtaine. Thit praghsanna fuinnimh arís, ag titim 5.6 faoin gcéad, bliain ar bhliain. Lean boilsciú bia air ag moilliú ach bhí sé fós ard ag 11.6 faoin gcéad.

Tháinig ardú 5.5 faoin gcéad ar an mboilsciú gan fuinneamh agus bia san áireamh i mí an Mheithimh, le hearraí agus seirbhísí ag leanúint treochtaí éagsúla. Tháinig laghdú breise ar bhoilsciú earraí, go 5.5 faoin gcéad ó 5.8 faoin gcéad i mí na Bealtaine. Os a choinne sin, d’ardaigh boilsciú seirbhísí go 5.4 faoin gcéad, ó 5.0 faoin gcéad i mí na Bealtaine, mar gheall ar chaiteachas láidir ar laethanta saoire agus ar thaisteal agus ag léiriú bonnéifeachtaí aníos freisin.

Tá tiománaithe an bhoilscithe ag athrú. Tá foinsí seachtracha boilscithe ag maolú. I gcodarsnacht leis sin, tá brúnna praghais intíre, lena n-áirítear ardú ar phá agus corrlaigh bhrabúis láidre fós, ag éirí níos tábhachtaí i dtaobh boilsciú a thiomáint.

Cé go bhfuil roinnt beart ag bogadh níos ísle, tá boilsciú bunúsach fós ard ar an iomlán, lena n-áirítear mar gheall ar thionchar leanúnach arduithe praghsanna fuinnimh san am atá caite ar phraghsanna ar fud an gheilleagair. Cé go bhfuil an chuid is mó de na bearta a bhaineann le hionchais boilscithe níos fadtéarmaí ag thart ar 2 faoin gcéad faoi láthair, tá táscairí áirithe fós ardaithe agus ní mór dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu.

Measúnú riosca

Tá an t-ionchas don fhás eacnamaíoch agus don bhoilsciú fós an-éiginnte. I measc na rioscaí ar an taobh thíos don fhás tá cogadh gan údar na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus méadú ar theannas geopholaitiúil níos leithne, rud a d’fhéadfadh an trádáil dhomhanda a scoilteadh agus, ar an gcaoi sin, tionchar a imirt ar gheilleagar an limistéir euro. D’fhéadfadh fás a bheith níos moille freisin má bhíonn éifeachtaí an bheartais airgeadaíochta níos láidre ná mar a bhíothas ag súil leis, nó má lagaíonn geilleagar an domhain agus má laghdaíonn sé sin éileamh ar onnmhairí an limistéir euro dá réir. Os a choinne sin, d’fhéadfadh an fás a bheith níos airde ná mar a measadh má chiallaíonn an margadh saothair láidir, an méadú ar ioncam iarbhír agus an neamhchinnteacht atá ag dul i léig, go bhfuil daoine agus gnólachtaí ag éirí níos muiníní agus go bhfuil siad ag caitheamh níos mó airgid.

I measc na rioscaí ar an taobh thuas maidir le boilsciú tá brúnna ardaithe athnuaite a d’fhéadfadh a bheith ar an gcostas fuinnimh agus ar chostas bia, a bhaineann freisin le tarraingt siar aontaobhach na Rúise ó Thionscnamh Grán na Mara Duibhe. D'fhéadfadh drochaimsir, i bhfianaise na géarchéime aeráide atá ag titim amach, praghsanna bia a ardú níos mó ná mar a bhí tuartha. D’fhéadfadh ardú buan ar ionchais bhoilscithe os cionn ár sprice, nó arduithe ar phá agus corrlaigh bhrabúis ní b’airde ná mar a bhfuiltear ag súil leo, boilsciú a ardú tuilleadh, sa mheántéarma san áireamh. Ar an lámh eile, chuirfeadh éileamh níos laige, mar gheall mar shampla ar tharchur beartais airgeadaíochta níos láidre, le brúnna níos ísle praghais, go háirithe sa mheántéarma. Thairis sin, thiocfadh laghdú níos tapúla ar bhoilsciú dá gcuirfí an titim atá tagtha ar phraghasanna fuinnimh agus an borradh atá tagtha faoi phraghsanna bia ar aghaidh chuig praghsanna earraí agus seirbhísí eile níos sciobtha ná mar atáthar ag súil leis faoi láthair.

Dálaí airgeadais agus airgeadaíochta

Leantar de ghéarú ár mbeartais airgeadaíochta a tharchur go láidir chuig coinníollacha cistithe níos leithne. Tá méadú tagtha ar rátaí úis saor ó riosca thar aibíocht ghearrthéarmach agus mheántéarmach ónár gcruinniú deireanach agus tá cistiú éirithe níos costasaí do bhainc, go páirteach mar gheall ar chéimniú amach leanúnach oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh (TLTROanna). Chuaigh aisíocaíocht mhór TLTRO i mí an Mheithimh go réidh, toisc go raibh na bainc ullmhaithe go maith. D'ardaigh meánrátaí iasachtaithe d’iasachtaí gnó agus morgáistí arís i mí na Bealtaine, go 4.6 faoin gcéad agus 3.6 faoin gcéad faoi seach.

Tháinig laghdú géar eile ar éileamh creidmheasa sa dara ráithe de bharr rátaí níos airde iasachtaíochta agus na ciorruithe gaolmhara ar phleananna caiteachais, mar a tuairiscíodh inár suirbhé is déanaí ar iasachtaí bainc. Ina theannta sin, tháinig géarú ar chaighdeáin chreidmheasa le haghaidh iasachtaí do ghnólachtaí agus do theaghlaigh, toisc go bhfuil bainc ag éirí níos buartha faoi na rioscaí a bhíonn roimh a gcuid custaiméirí agus nach bhfuil siad chomh toilteanach na rioscaí sin a iompar. Ciallaíonn coinníollacha maoinithe níos déine nach bhfuil tithíocht chomh inacmhainne ná chomh tarraingteach le hinfheistíocht a dhéanamh inti, agus tá an t-éileamh ar mhorgáistí tite don chúigiú ráithe as a chéile.

I gcomhthéacs an chúlra seo, lean an ráta fáis bliantúil ar iasachtú ag laghdú i mí an Mheithimh, ag titim go 3.0 faoin gcéad do ghnólachtaí agus 1.7 faoin gcéad do theaghlaigh, le rátaí fáis bliantúlaithe 0.0 faoin gcéad agus -0.2 faoin gcéad sa dara ráithe faoi seach. I measc iasachtú lag agus an laghdú ar chlár comhardaithe an Eurochórais, thit an ráta fáis bliantúil ar airgeadaíocht leathan go 0.6 faoin gcéad i mí an Mheithimh, le ráta fáis bliantúil -1.1 faoin gcéad sa dara ráithe.

Conclúid

Tá boilsciú fós ag teacht anuas ach mar sin féin, meastar go bhfanfaidh sé ró-ard ar feadh tréimhse rófhada. Chinn an Chomhairle Rialaithe inniu mar sin, ardú 25 bhonnphointe a chur ar na trí eochair-ráta úis atá ag an mBanc Ceannais Eorpach.

Cinnteoidh ár gcinntí amach anseo go socrófar eochair-rátaí úis an Bhainc Ceannais Eorpaigh ag leibhéil atá srianta go leor chomh fada agus is gá chun filleadh tráthúil ar bhoilsciú chuig ár sprioc mheántéarmach dó faoin gcéad a bhaint amach. Leanfaimid de chur chuige a bheidh ag brath ar shonraí a leanúint chun an leibhéal cuí agus fad an tsrianta a chinneadh. Go háirithe, leanfaidh ár gcinntí faoi rátaí úis de bheith bunaithe ar ár measúnú ar an ionchas boilscithe i bhfianaise na sonraí nua eacnamaíochta agus airgeadais, na ndinimicí maidir le boilsciú bunúsach, agus neart an tarchuir beartais airgeadaíochta.

I gcás ar bith, táimid réidh lenár n-ionstraimí uile a choigeartú laistigh dár sainordú chun a chinntiú go bhfillfidh boilsciú go dtí ár sprioc mheántéarmach agus an tarchur réidh beartais airgeadaíochta a choinneáil.

Táimid réidh anois le glacadh le bhur gcuid ceisteanna.

Tá an fhoclaíocht bheacht a chomhaontaigh an Chomhairle Rialaithe le fáil sa leagan Béarla den téacs seo.

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa