Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by
  • PREASEISIÚINT

Ráitis airgeadais BCE le haghaidh 2023

22 Feabhra 2024

  • Tuairiscíonn BCE caillteanas €1.3 billiún (2022: nialas) tar éis scaoileadh €6.6 billiún ón soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais
  • Tugtar anonn an caillteanas ar chlár comhardaithe BCE lena fhritháireamh in aghaidh brabús amach anseo

Léirítear i ráitis airgeadais iniúchta an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) le haghaidh 2023 caillteanas €1,266 mhilliún (2022: nialas) a thabharfar anonn ar chlár comhardaithe BCE lena fhritháireamh in aghaidh brabús amach anseo. Cuirtear san áireamh leis an gcaillteanas sin scaoileadh iomlán an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais, dar luach €6,620 milliún, lenar cumhdaíodh i bpáirt na caillteanais a tabhaíodh le linn na bliana. Ní dháilfear aon bhrabús ar bhainc cheannais náisiúnta an limistéir euro (BCNanna) le haghaidh 2023.

Tagann an caillteanas chun cinn tar éis beagnach scór bliain de bhrabús mór, agus léirítear leis ról agus gníomhartha beartais riachtanacha an Eurochórais chun a phríomh-shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun agus níl aon tionchar ag an gcaillteanas ar a chumas beartas airgeadaíochta éifeachtach a stiúradh. An toradh a bhí ar ardú eochair-rátaí úis BCE chun dul i ngleic leis an mboilsciú sa limistéar euro ná speansais úis níos mó ar dhliteanais BCE atá faoi réir rátaí úis athraitheacha. Mar sin féin, níor tháinig méadú chomh mór ná chomh tapa céanna ar ioncam úis ar shócmhainní BCE toisc go bhfuil rátaí seasta úis agus aibíochtaí fada ag na sócmhainní sin den chuid is mó. Is dócha go dtabhódh BCE caillteanais bhreise sna blianta amach romhainn, ach réamh-mheastar go bhfillfidh sé ar bhrabús marthanach ansin. Cuirtear i dtábhacht fóntacht airgeadais BCE arís lena chaipiteal agus lena chuntais athluachála thábhachtacha, arbh é €46 bhilliún a luach le chéile ag deireadh 2023. I gcás ar bith, is féidir le BCE oibriú go héifeachtach agus a phríomh-shainordú a chomhlíonadh go héifeachtach chun cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun gan beann ar aon chaillteanas.

In 2023, ba é €7,193 mhilliún speansas úis iomlán BCE (2022: glanioncam úis €900 milliún), i ngeall go príomha ar an speansas úis a d’eascair ó ghlandliteanas TARGET BCE arbh é €14,236 mhilliún a luach (2022: €2,075 mhilliún). Tháinig an speansas ní b’airde chun cinn mar gheall ar an ardú ar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (MRO), arb é sin an ráta a úsáidtear chun an dliteanas sin a íoc agus ar tháinig méadú air ó 0.6% ar an meán in 2022 go 3.8% ar an meán in 2023. Bhí ina dtoradh freisin ar an ardú ar an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin méaduithe ar an ioncam úis a tuilleadh ar sciar BCE d’iomlán na nótaí bainc euro i gcúrsaíocht agus ar an speansas úis a íocadh le BCNanna mar luach saothair ar a n-éilimh i leith cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE, arbh é €4,817 milliún agus €1,335 mhilliún a luach faoi seach (2022: €736 mhilliún agus €201 mhilliún faoi seach). Tháinig méadú ar an nglanioncam úis ó urrúis arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta go €3,467 milliún (2022: €1,534 mhilliún), agus tháinig méadú ar an nglanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha go €2,382 mhilliún (2022: €798 milliún). Bhí na méaduithe sin ina dtoradh ar mheántorthaí ní b’airde sa limistéar euro agus sna Stáit Aontaithe in 2023 go príomha.

Luach €38 milliún a bhí ar dhíluachálacha (2022: €1,840 milliún), agus d’eascair siad den chuid ba mhó as caillteanais phraghais neamhréadaithe ar roinnt urrúis arna sealbhú i bpunanna dhollar na Stát Aontaithe agus na gcistí dílse.

Rinneadh tástálacha lagaithe ar urrúis arna sealbhú ag BCE ina bpunanna beartais airgeadaíochta, a luacháiltear iad ar a gcostas amúchta (faoi réir lagú). Bunaithe ar thorthaí na dtástálacha sin, níor taifeadadh aon chaillteanas lagaithe le haghaidh na bpunann sin de BCE.

Tháinig méadú ar chostais foirne iomlána go €676 mhilliún (2022: €652 mhilliún), mar thoradh ar mheánlíon foirne níos airde in 2023, sa mhaoirseacht baincéireachta den chuid is mó, chomh maith le coigeartuithe tuarastail. Tháinig méadú ar chostais riaracháin eile go €596 mhilliún (2022: €572 mhilliún), mar gheall den chuid is mó ar an bhfilleadh ar leibhéal iomlán gníomhaíochta tar éis na paindéime, go háirithe sa mhaoirseacht baincéireachta, agus ar thionchar an bhoilscithe.

Luach €654 mhilliún (2022: €594 mhilliún) a bhí ar ioncam táille maoirseachta a dhíorthaítear ó tháillí a ghearrtar chun speansais arna dtabhú ag BCE i bhfeidhmiú a chúraimí maoirseachta a aisghabháil.

Tháinig laghdú €24 bhilliún ar mhéid iomlán chlár comhardaithe BCE go €674 bhilliún (2022: €699 mbilliún). Ba ann don laghdú go príomha mar gheall ar laghdú de réir a chéile ar shealúchais an chláir ceannaithe sócmhainní (CCS) mar thoradh ar athinfheistíocht pháirteach na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis a tháinig in aibíocht sa phunann sin idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2023, agus ar scor iomlán athinfheistíochtaí den sórt sin ó mhí Iúil 2023.

Clár comhardaithe comhdhlúite an Eurochórais

Ba é €6,935 bhilliún (2022: €7,951 bhilliún) méid chlár comhardaithe comhdhlúite an Eurochórais ag deireadh 2023, lena gcuimsítear sócmhainní agus dliteanais BCNanna an limistéir euro agus BCE i leith tríú páirtithe. An laghdú i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, bhain sé go príomha leis an laghdú ar oibríochtaí an Eurochórais chun iasacht a thabhairt go €410 billiún (2022: €1,324 bhilliún) mar thoradh, den chuid ba mhó, ar theacht in aibíocht agus aisíocaíochtaí luatha méideanna a fuarthas ar iasacht sa tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe fadtéarmacha (TLTRO III). Ina theannta sin, tháinig laghdú €243 bhilliún go €4,694 bhilliún (2022: €4,937 mbilliún) ar shealúchais urrúis an Eurochórais arna sealbhú chun críoch beartais airgeadaíochta, mar thoradh ar fhuascailtí den chuid ba mhó. Tháinig laghdú €228 mbilliún ar shealúchais CCS go €3,026 bhilliún agus tháinig laghdú €15 bhilliún ar shealúchais Chlár Ceannaithe d’Éigeandáil na Paindéime (CCÉP) go €1,666 bhilliún.

I gcás fiosruithe ó na meáin, déan teagmháil le William Lelieveldt, teil.: +496913447316.

Nótaí:

TEAGMHÁIL

Banc Ceannais Eorpach

Stiúrthóireacht Cumarsáide

Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

An Oifig Preasa