Cinntí beartas airgeadaíochta
Ag cruinniú an lae inniu, a tionóladh i mBaile Átha Cliath, chinn Comhairle Rialaithe an BCE go bhfanfaidh an t-íosráta tairisceana ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin agus na rátaí úis ar an tsaoráid iasachta imeallaí agus an tsaoráid taisce gan athrú ag 3.75%, 4.75% agus 2.75% faoi seach.
Déanfaidh Uachtarán an BCE trácht ar na cúinsí a bhí mar bhun leis na cinntí seo ag preasagallamh ag tosú ag 2.30 i.n. (ANLE) inniu.
Banc Ceannais Eorpach
Stiúrthóireacht Cumarsáide
- Sonnemannstrasse 20
- 60314 Frankfurt am Main, an Ghearmáin
- +49 69 1344 7455
- media@ecb.europa.eu
Ceadaítear atáirgeadh ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.
An Oifig Preasa