Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Príomh fhigiúir

1 Tuarascáil bhainistíochta

1.1 Cuspóir thuarascáil bhainistíochta BCE

Is[1] cuid lárnach de Chuntais Bhliantúla BCE í an tuarascáil bhainistíochta agus deartar í chun faisnéis chomhthéacsúil a chur ar fáil do léitheoirí maidir leis na ráitis airgeadais.[2] Ós rud é go dtugtar faoi ghníomhaíochtaí agus oibríochtaí BCE chun tacú lena chuspóirí beartais, ba cheart breathnú ar staid agus toradh airgeadais BCE i gcomhar lena ghníomhaíochtaí beartais.

Chuige sin, cuirtear i láthair sa tuarascáil bhainistíochta príomchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí BCE, chomh maith lena dtionchar ar a ráitis airgeadais. Thairis sin, déantar anailís inti ar na príomhfhorbairtí sa chlár comhardaithe agus sa chuntas brabúis agus caillteanais le linn na bliana agus áirítear inti faisnéis ar ghlanchothromas BCE. Ar deireadh, cuirtear síos inti ar an timpeallacht riosca ina bhfeidhmíonn BCE, ag cur ar fáil faisnéise ar na sonraí sonracha a bhfuil BCE neamhchosanta orthu, agus na beartais bhainistíochta riosca a úsáidtear chun rioscaí a mhaolú.

1.2 Príomhchúraimí agus príomhghníomhaíochtaí

Is cuid den Eurochóras BCE, lena gcuimsítear, seachas BCE, 19 mbanc ceannais náisiúnta (BCNanna) de Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) arb é an euro a n‑airgeadra.[3] Is é an príomhchuspóir atá ag an Eurochóras cobhsaíocht praghsanna a choimeád. Comhlíonann BCE a chúraimí mar atá tuairiscithe sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh[4] agus i Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (Reacht CEBC)[5] (Fíor 1). Seolann BCE a ghníomhaíochtaí chun a shainordú a chomhlíonadh agus ní leis an rún brabús a ghiniúint.

Fíor 1

Is iad príomhchúraimí BCE

Déantar beartas airgeadaíochta an Eurochórais a thaifeadadh i ráitis airgeadais BCE agus BCNanna an limistéir euro, ag léiriú phrionsabal chur chun feidhme díláraithe an bheartais airgeadaíochta san Eurochóras. I dTábla 1 thíos cuirtear ar fáil forbhreathnú ar phríomhoibríochtaí agus príomhfheidhmeanna BCE in iarracht a shainordú a chur i gcrích, agus a dtionchar ar ráitis airgeadais BCE.

Tábla 1

Príomhghníomhaíochtaí BCE agus a dtionchar ar ráitis airgeadais

Cur chun feidhme beartais airgeadaíochta

Oibríochtaí um malairt eachtrach a dhéanamh agus cúlchistí eachtracha a bhainistiú

Oibriú réidh na gcóras íocaíochta a chur chun cinn

Rannchuidiú le sábháilteacht agus fóntacht an chórais baincéireachta agus cobhsaíocht an chórais airgeadais

Eile

1) Is féidir tuilleadh sonraí faoi ionstraimí beartais airgeadaíochta an Eurochórais agus, ar dhóigh níos sonraí, faoi oibríochtaí margaidh oscailte a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
2) Is féidir tuilleadh sonraí faoi iasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
3) Is féidir tuilleadh sonraí faoin na línte babhtála airgeadra a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
4) Is féidir tuilleadh sonraí faoi oibríochtaí leachtachta euro an Eurochórais i gcoinne comhthaobhacht incháilithe a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.
5) Is féidir tuilleadh sonraí faoi TARGET a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

6) Is éard is córais choimhdeacha ann bonneagair margaidh airgeadais ar dheonaigh an Chomhairle Rialaithe rochtain ar chomhpháirt TARGET‑BCE dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a shainítear i gCinneadh (AE) 2022/911 ó BCE an 19 Aibreán 2022 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le córais choimhdeacha ar shuíomh gréasáin BCE.

1.3 Forbairtí airgeadais

1.3.1 Clár comhardaithe

Tháinig méadú suntasach ar chlár comhardaithe BCE ó 2019 go 2022, go príomha i ngeall ar cheannach glan amach urrús ag BCE i gcomhthéacs chur chun feidhme bheartas airgeadaíochta an Eurochórais (Cairt 1). Go sonrach, ba iad glancheannacháin urrús faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS)[6] agus seoladh chlár ceannaithe éigeandála na paindéime (CCÉP)[7] i mí an Mhárta 2020 príomhspreagthaí an leathnaithe shuntasaigh in 2020 agus in 2021. Scoireadh de ghlancheannacháin urrús faoi CCÉP agus CCSL ó dheireadh mhí an Mhárta 2022 agus ón 1 Iúil 2022, faoi seach, rud a d’fhág gur tháinig méadú níos measartha ar chlár comhardaithe BCE in 2022.

Cairt 1

Príomh-chomhpháirteanna chlár comhardaithe BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

In 2023, tháinig laghdú €24.4 billiún ar chlár comhardaithe BCE go €674.5 billiún, go príomha i ngeall ar laghdú de réir a chéile shealúchais CCS mar thoradh ar athinfheistíocht pháirteach na n‑íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis a tháinig in aibíocht sa phunann sin idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh 2023, agus ar scor iomlán athinfheistíochtaí den sórt sin ó mhí Iúil 2023.

B’urrúis ainmnithe in Euro arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta iad 63 % de shócmhainní iomlána BCE ag deireadh 2023. Faoin mír seo sa chlár comhardaithe, sealbhaíonn BCE urrúis a fuarthas i gcomhthéacs Chlár na Margaí Urrús (CMU), CCBC3, CCUSB, CCEP agus CCÉP. Luacháiltear na hurrúis faoi na cláir sin bunaithe ar chostas amúchta faoi réir lagú.

Bunaithe ar na cinntí lena mbaineann ón gComhairle Rialaithe, lean an tEurochóras d’athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis a tháinig in aibíocht faoi PEPP i rith na bliana, agus faoi CCS go dtí deireadh Feabhra 2023. Ó thús mhí an Mhárta go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023, ní dhearna an tEurochóras ach athinfheistíocht pháirteach ar na híocaíochtaí príomhshuime ó urrúis a tháinig in aibíocht faoi CCS, agus ó mhí Iúil 2023 d’éirigh sé as na hathinfheistíochtaí sin. Mar thoradh ar na cinntí sin, tháinig laghdú €31.9 billiún ar an bpunann urrús arna sealbhú ag BCE chun críocha beartais airgeadaíochta go €425.3 billiún (Cairt 2) agus tháinig laghdú €18.0 billiún, €9.5 billiún agus €1.6 billiún ar shealúchas CCEP, CCUSB agus CCBC3 faoi CCS faoi seach, faoi stiúir fuascailtí. Tháinig laghdú €2.6 billiún ar phunann CCÉP i ngeall, go príomha, ar ghlantionchar an amúchta préimheanna agus lascainí[8] ar urrúis arna sealbhú sa phunann.

Tá sé beartaithe[9] ag an gComhairle Rialaithe leanúint de na híocaíochtaí príomhshuime a athinfheistiú, ina n‑iomláine, ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoi CCÉP sa chéad leath de 2024. Tá sé beartaithe aici ansin laghdú €7.5 billiún sa mhí ar an meán a dhéanamh ar phunann CCÉP ar leibhéal Eurochórais le linn an dara leath den bhliain agus scor d’athinfheistíochtaí ag deireadh 2024. Leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi de bheith ag cur solúbthacht i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh na meicníochta tarchurtha beartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Cairt 2

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Maidir leis na cláir ghníomhacha urrús arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta, is iad sin CCSL agus CCÉP, bhí próifíl aibíochta éagsúlaithe[10] (Cairt 3) ag urrúis arna sealbhú ag BCE ag deireadh 2023.

Cairt 3

Próifíl aibíochta CCS agus CCÉP

Foinse: BCE.
Nóta: Le haghaidh urrúis shócmhainn-bhunaithe, tá an phróifíl aibíochta bunaithe ar shaolré meánach ualaithe na n-urrús seachas an dáta aibíochta dlíthiúil.

In 2023 tháinig méadú €3.3 billiún go €87.7 billiún ar luach coibhéiseach euro iomlán shócmhainní cúlchistí eachtracha BCE, arb é atá ann ór, cearta tarraingthe speisialta, dollair na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Síne.

Tháinig méadú €2.7 billiún go €30.4 billiún ar luach coibhéiseach euro shealúchais óir agus infháltais óir BCE in 2023 (Cairt 4) i ngeall, go príomha, ar mhéadú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. De bharr an ardaithe seo freisin bhí ardú coibhéiseach i gcuntais athluachála óir BCE (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”). De bhreis air sin, nuair a ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, d’aistrigh Hrvatska narodna banka ór dar luach €96 mhilliún chuig BCE.

Cairt 4

Sealúchais óir agus praghsanna óir

(scála ar chlé: EUR billiúin; scála ar dheis: euro in aghaidh unsa troí óir)

Foinse: BCE.
Nóta: Ní chumhdaíonn “Cuntais athluachála óir” ranníocaíochtaí bhainc ceannais na mBallstát a chuaigh isteach sa limistéar euro tar éis an 1 Eanáir 1999 le cuntais athluachála óir carntha BCE amhail ar an lá roimh a n-iontráil san Eurochóras.

Tháinig méadú €0.2 billiún go €55.2 billiún (Cairt 5) ar shealúchais airgeadra eachtraigh[11] BCE de dhollair na Stát Aontaithe, yen na Seapáine agus renminbi na Síne, go príomha de thairbhe an ioncaim a tuilleadh i rith na bliana, ar phunann dhollar na Stát Aontaithe den chuid is mó. De bhreis air sin, nuair a ghlac an Chróit an t-airgeadra aonair le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, d’aistrigh Hrvatska narodna banka sócmhainní cúlchistí eachtracha a ainmnítear i ndollair na Stát Aontaithe dar luach €544 mhilliún chuig BCE. An méadú ar luach iomlán na sealúchas airgeadra eachtraigh, fritháiríodh é go páirteach i ngeall ar dhímheas dhollar na Stát Aontaithe agus yen na Seapáine in aghaidh an euro den chuid is mó.

Cairt 5

Sealúchais airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Dollar na Stát Aontaithe atá i bpríomhchuid de shealúchais airgeadra eachtraigh BCE, agus 81% den iomlán a bhí i gceist leis ag deireadh 2023.

Bainistíonn BCE infheistíocht a shealúchais airgeadra eachtraigh trí úsáid a bhaint as cur chuige trí chéim. Ar dtús, déanann bainisteoirí riosca BCE punann tagarmharc straitéiseach a dhearadh agus déanann an Chomhairle Rialaithe é a cheadú. Sa dara dul síos, dearann bainisteoirí punainne BCE an phunann tagarmharc oirbheartaíoch, a dhéanann an Bord Feidhmiúcháin a fhaomhadh. Ar an tríú dul síos, déanann na BCNanna oibríochtaí infheistíochtaí ar bhealach díláraithe ar bhonn lá go lá.

Déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a infheistiú go príomha in urrúis agus taiscí margaí airgid nó coinnítear iad i gcuntais reatha (Cairt 6). Luacháiltear urrúis sa phunann seo ag praghsanna margaidh deireadh bliana.

Cairt 6

Comhdhéanamh infheistíochtaí airgeadra eachtraigh

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Is é cuspóir shealúchais airgeadra eachtraigh BCE idirghabhálacha féideartha airgeadais sa mhargadh malairte eachtraí a mhaoiniú. Ar an gcúis seo, déantar sealúchais airgeadais eachtraigh BCE a bhainistiú de réir trí chuspóir (in ord tosaíochta): leachtacht, sábháilteacht agus toradh. Ar an mbonn sin, cuimsítear go príomha sa phunann seo urrúis le haibíochtaí gearra (Cairt 7).

Cairt 7

Próifíl aibíochta urrús ainmnithe in airgeadra eachtrach

Foinse: BCE:

Tháinig méadú €1.0 billiún ar luach na punainne cistí dílse go €22.1 billiún (Cairt 8) go príomha i ngeall ar (i) athinfheistíocht ioncaim úis a gineadh ar an bpunann sin agus (ii) an méadú ar luach margaidh urrús a ainmnítear in euro a shealbhaítear sa phunann sin mar thoradh ar an laghdú ar thorthaí bannaí an limistéir euro ag deireadh na bliana (Cairt 17).

Urrúis ainmnithe in euro a luacháiltear ag praghsanna margaidh deireadh bliana go príomha atá sa phunann. In 2023, b’ionann urrúis fiachais rialtais agus 77% den phunann iomlán.

Lean sciar na n-infheistíochtaí glasa sa phunann cistí dílse dá mhéadú, ag dul ó 13% ag deireadh 2022 go 20% ag deireadh 2023. Beartaíonn BCE an sciar seo a ardú a thuilleadh sna blianta seo romhainn.[12] Ó 2021 comhlánaítear ceannacháin bannaí glasa i margaí tánaisteacha le hinfheistíochtaí i gciste infheistíochta bannaí glasa a ainmnítear in euro le haghaidh bainc cheannais a sheol an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta i mí Eanáir 2021.

Cáirt 8

Punann cistí dílse BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE:

Is éard atá i bpunann cistí dílse BCE go príomha infheistíochtaí a chaipitil íoctha agus na méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. Is é is cuspóir don phunann seo ioncam a sholáthar chun cuidiú le maoiniú na speansas oibriúcháin sin de chuid BCE nach bhfuil gaolta le comhlíonadh a chúraimí maoirseachta.[13] Infheistítear é i sócmhainní ainmnithe in euro, faoi réir na dteorainneacha a fhorchuirtear lena chreat rialaithe riosca. Tá de thoradh air seo struchtúr aibíochta níos éagsúlaithe (Cairt 9) ná sa phunann cúlchistí eachtracha.

Cairt 9

Próifíl aibíochta urrús cistí dílse

Foinse: BCE:

Ag deireadh 2023, ba é €1,567.7 billiún luach iomlán na nótaí bainc euro i gcúrsaíocht, luach ab ionann a bheag nó a mhór leis an luach ag deireadh 2022. Leithdháileadh sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht do BCE, arbh ionann é agus €125.4 billiún ag deireadh na bliana. De bhrí nach n‑eisíonn BCE féin nótaí bainc, coinníonn sé éilimh in‑Eurochórais vis-à-vis BCNanna an limistéir euro le haghaidh luach coibhéiseach le luach na nótaí bainc i gcúrsaíocht a leithdháiltear air.

Tháinig méadú €89.6 billiún go dtí €445.0 billiún in 2023 ar dhliteanais BCE laistigh den Eurochóras, arb é atá iontu den chuid is mó glan‑iarmhéid TARGET de BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE agus dliteanais BCE maidir leis na sócmhainní cúlchistí eachtracha a d’aistrigh BCNanna sa limistéar euro chuige nuair a chuaigh siad isteach san Eurochóras.

Bíonn forbairt na ndliteanas in-Eurochórais á spreagadh go príomha ag treocht ghlandliteanas TARGET. Ar na príomhthosca a chuir leis na hathruithe ar chomhardú ghlandliteanas TARGET le linn na tréimhse 2019-2023, bhí ceannacháin agus fuascailtí urrús beartais airgeadaíochta, a shocraítear trí chuntais TARGET, agus athruithe ar dhliteanais do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro (Cairt 10). In 2023, b’ísle an t‑insreabhadh airgid ó fhuascailtí na n‑urrús beartais airgeadaíochta ná an t‑eis‑sreabhadh airgid a bhain leis an laghdú ar dhliteanais do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro, as ar tháinig méadú foriomlán ar ghlandliteanas TARGET.

Cairt 10

Glan-iarmhéideanna TARGET in-Eurochórais, dliteanais do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro agus urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Chun críoch na cairte seo, is é atá i “Dliteanais do chónaitheoirí agus neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro” ná “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro”, “Dliteanais do chónaitheoirí eile an limistéir euro a ainmnítear in euro” agus “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”.

In 2023, tháinig laghdú €107.7 billiún ar dhliteanais eile BCE go €58.0 billiún, mar gheall ar an laghdú ar dhliteanais do chónaitheoirí agus do neamhchónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro. Go sonrach, tháinig laghduithe ar (i) thaiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach[14], (ii) comharduithe córas coimhdeach lasmuigh den limistéar euro atá nasctha le TARGET tríd an gcomhpháirt TARGET-BCE, agus (iii) airgead tirim a fuarthas mar chomhthaobhacht in aghaidh iasachtú urrúis CCEP agus CCÉP na hearnála poiblí.

1.3.2 Glanchothromas

Is éard atá i nglanchothromas BCE a chaipiteal, aon mhéid arna shealbhú sa soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais agus an cúlchiste ginearálta, na cuntais athluachála[15], aon chaillteanas carntha ó bhlianta roimhe sin agus aon bhrabús/chaillteanas le haghaidh na bliana.[16]

Ag deireadh 2023, luach €44.5 billiún ar an iomlán a bhí ar ghlanchothromas BCE (Cairt 11), luach a bhí €7.0 billiún níos ísle ná mar a bhí ag deireadh 2022 mar thoradh ar na caillteanais a tabhaíodh in 2023. Baineadh úsáid iomlán as an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais chun cuid de na caillteanais sin a chumhdach, rud a laghdaigh an caillteanas don bhliain go €1.3 billiún. An laghdú ar ghlanchothromas BCE a tháinig ó chaillteanais 2023, fritháiríodh go páirteach é (i) leis an méadú ar na cuntais athluachála, go príomha mar thoradh ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro in 2023, agus (ii) leis na ranníocaíochtaí ó Hrvatska narodna banka leis an gcaipiteal íoctha, na cuntais athluachála agus an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais tar éis don Chróit an t‑airgeadra aonair a ghlacadh le héifeacht ón 1 Eanáir 2023.

Cairt 11

Glanchothromas BCE

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Áirítear le “cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, sealúchais airgeadra agus urrús eachtracha, ach ní áirítear an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.

Cuirtear i láthair i dTábla 2 athruithe ar ghlanchothromas BCE le linn na bliana.

Tábla 2

Athruithe ar ghlanchothromas BCE

(EUR milliúin)

Caipiteal

Soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais

Cuntais athluachála

Brabús/
(caillteanas) don bhliain

Glanchothromas iomlán

Iarmhéid an 31 Nollaig 2022

8,880

6,566

36,118

-

51,564

Íocaíocht fhuílleach shuibscríobh an chaipitil ag Hrvatska narodna banka

69

69

Ranníocaíocht leis an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais ag Hrvatska narodna banka

53

53

Cuntais athluachála

743

Ór

2,634

Airgeadra eachtrach

(2,562)

Urrúis agus ionstraimí eile

378

Ranníocaíocht leis na cuntais athluachála ag Hrvatska narodna banka1

293

Scaoileadh ón soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais

(6,620)

(6,620)

Caillteanas don bhliain

(1,266)

(1,266)

Iarmhéid an 31 Nollaig 2023

8,948

-

36,861

(1,266)

44,543

1) Nuair a ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair, ranníoc Hrvatska narodna banka le hiarmhéideanna chuntais athluachála uile BCE mar a bhí an 31 Nollaig 2022. Ní áirítear leis an bhfigiúr sa tábla seo an ranníocaíocht leis an gcuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta, i gcomhréir leis an sainmhíniú ar “Chuntais athluachála” sa roinn seo.

Gnóthachain neamhréadaithe ar ór agus airgeadraí eachtracha agus gnóthachain neamhréadaithe ar urrúis atá faoi réir athluacháil praghsanna, ní aithnítear iad mar ioncam sa Chuntas Brabúis agus Caillteanais, ach déantar iad a thaifeadadh go díreach i gcuntais athluachála a thaispeántar ar thaobh dliteanais Chlár Comhardaithe BCE. Is féidir na hiarmhéideanna sna cuntais seo a úsáid chun tionchar aon ghluaiseachta neamhfhabhraí a sheasamh sna praghsanna faoi seach agus/nó rátaí malairte agus mar sin teacht aniar BCE i gcoinne rioscaí forluiteacha a neartú. In 2023 tháinig méadú €0.7 billiún go €36.9 billiún ar na cuntais athluachála d’ór, d’airgeadraí eachtracha agus d’urrúis de thairbhe comharduithe athluachála níos airde d’ór go príomha mar thoradh ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. Tháinig laghdú ar chomharduithe athluachála le haghaidh airgeadraí eachtracha i ngeall, go príomha, ar dhímheas dhollar na Stát Aontaithe agus yen na Seapáine in aghaidh an euro (Cairt 12).

Cairt 12

Na príomhrátaí malairte eachtraí agus praghas an óir le himeacht na tréimhse 2019-23

(athruithe céatadáin vis-à-vis 2019; sonraí deireadh bliana)

Foinse: BCE:

I bhfianaise a neamhchosanta ar rioscaí airgeadais (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”), féadfaidh BCE soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais a chur i leataobh a n-úsáidfear é a mhéid a mheasfaidh an Chomhairle Rialaithe is gá chun caillteanais a thiocfaidh chun cinn mar thoradh ar an neamhchosaint sin a fhritháireamh. Déantar méid an tsoláthair seo a athbhreithniú go bliantúil, ag cur réimse tosca san áireamh, lena n-áirítear an leibhéal sealúchas sócmhainní rioscúla, na torthaí réamh-mheasta don bhliain atá le teacht agus measúnú riosca. Ní féidir leis an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais, in éineacht le haon mhéid a choinnítear i gcúlchiste ginearálta BCE a bheith níos mó ná luach an chaipitil a íocann BCNanna an limistéir euro. Ba é €6,566 mhilliún luach an tsoláthair sin ag deireadh 2022. Nuair a ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair, ranníoc Hrvatska narodna banka €53 mhilliún leis an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, rud a mhéadaigh a luach go €6,620 milliún. Ag deireadh 2023, tar éis an athbhreithnithe bhliantúil, chinn an Chomhairle Rialaithe an soláthar sin a scaoileadh ina iomláine chun caillteanais a tabhaíodh in 2023 a fhritháireamh go páirteach. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais a athshlánú, i gcomhthéacs an athbhreithnithe bhliantúil, nuair a fhillfidh BCE ar bhrabús.

Ba é €1.3 billiún caillteanas BCE le haghaidh na bliana, tar éis scaoileadh an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais (féach Roinn 1.3.3 “Cuntas brabúis agus caillteanais”). Chinn an Chomhairle Rialaithe an caillteanas sin a thabhairt anonn ar chlár comhardaithe BCE lena fhritháireamh in aghaidh brabús amach anseo.

1.3.3 Cuntas brabúis agus caillteanais

Tháinig laghdú de réir a chéile ar thoradh BCE ó bhí 2019 ann (Cairt 13). In 2020 agus 2021, an t-ioncam ní ba lú a gineadh ar shócmhainní cúlchistí eachtracha agus ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta a spreag an laghdú sin go príomha. In 2022 agus 2023, tháinig an laghdú ar thoradh BCE chun cinn de dheasca teacht ann don riosca ráta úis mar bhí an t-ardú ar rátaí úis sa limistéar euro ina chúis le méadú láithreach ar an speansas úis a d’íoc BCE ar a ghlandliteanas TARGET, agus níor tháinig méadú chomh mór ná chomh tapa sin ar an ioncam a gineadh ar shócmhainní BCE (féach Roinn 1.4.1 “Rioscaí airgeadais”).

Tagann caillteanas BCE do 2023 tar éis tréimhse fhada de bhrabús mór, agus léirítear leis ról agus gníomhartha beartais riachtanacha an Eurochórais chun a phríomh‑shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun agus níl aon tionchar aige ar a chumas beartas airgeadaíochta éifeachtach a stiúradh. Sna blianta roimhe seo, leathnaíodh clár comhardaithe BCE go mór mar gheall, den chuid ba mhó, ar cheannach urrús faoi na cláir ceannaithe sócmhainní. Ó thaobh na sócmhainní de, formhór na n-urrús beartais airgeadaíochta arna sealbhú faoi láthair, ceannaíodh iad le haibíochtaí fada agus cúpóin sheasta le linn tréimhse inarbh íseal na rátaí úis. Leanfaidh siad d’ioncam úis réasúnta íseal a ghiniúint, agus ní rachaidh na hathruithe ar eochair-rátaí úis BCE i gcion orthu láithreach. An tráth céanna, bhí socrú airgid na gceannachán sin trí TARGET ina chúis le hardú ar ghlandliteanas TARGET BCE, a íoctar ag an ráta úis ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe (ráta MRO). Chun dul i ngleic leis an mboilsciú sa limistéar euro, tosaíodh ar an ráta sin a ardú in 2022, as ar eascair méadú láithreach ar speansas úis BCE.

Is dócha go dtabhódh BCE caillteanais bhreise sna blianta amach romhainn mar thoradh ar theacht ann do riosca ráta úis, sula bhfillfidh sé ar bhrabús marthanach. Is éiginnte tarlú agus méid na gcaillteanas sin, agus braithfidh siad cuid mhór ar threocht eochair-rátaí úis BCE amach anseo agus ar mhéid agus comhdhéanamh chlár comhardaithe BCE. Mar sin féin, cuirtear i dtábhacht fóntacht airgeadais BCE lena chaipiteal agus lena chuntais athluachála thábhachtacha, arbh é €45.8 billiún a luach le chéile ag deireadh 2023 (féach Roinn 1.3.2 “Glanchothromas”) agus, i gcás ar bith, is féidir le BCE oibriú go héifeachtach agus a phríomh-shainordú a chomhlíonadh maidir le cobhsaíocht praghsanna a choimeád ar bun gan beann ar aon chaillteanas.

Cairt 13

Príomh-chomhpháirteanna chuntas brabúis agus caillteanais BCE

(EUR milliúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Is éard atá in “Ioncam agus speansais eile” ná “Ioncam/speansas glan ó tháillí agus ó choimisiúin”, “Ioncam ó scaireanna cothromais agus leasanna rannpháirteacha”, “Ioncam eile” agus “Speansais eile”.

In 2023, bhain BCE úsáid as méid iomlán €6,620 milliún a cuireadh i leataobh le haghaidh rioscaí airgeadais chun caillteanais a tabhaíodh le linn na bliana a fhritháireamh go páirteach. Tar éis scaoileadh an tsoláthair sin, ba é €1,266 mhilliún (2022: nialas) caillteanas BCE. Ba é an glan-speansas úis mór (Cairt 14) an rud ba mhó a spreag an caillteanas sin.

Cairt 14

Nithe a spreag toradh BCE in 2022 agus 2023

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Ba é €7,193 mhilliún glan-speansas úis BCE in 2023, i gcomparáid le glanioncam úis €900 milliún in 2022 (Cairt 15). Ba é an speansas úis a d’eascair ó ghlandliteanas TARGET BCE ba chúis leis sin go príomha. Rannchuidigh an glanspeansas úis eile agus an speansas úis a bhain le híocaíocht éilimh BCN sa limistéar euro i ndáil le cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE leis an laghdú sin freisin. Rinneadh na costais sin a fhritháireamh go páirteach de bharr ioncam úis níos airde a d’eascair as (i) éilimh BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras, (ii) sócmhainní cúlchistí eachtracha agus (iii) urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta.

Cairt 15

Glanioncam úis/(glanspeansas úis)

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Tháinig méadú €1,933 mhilliún ar ghlanioncam úis a gineadh as urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta go €3,467 milliún in 2023 (Cairt 16), mar gheall go príomha ar an nglanioncam úis ní b’airde ó urrúis arna sealbhú faoi CCS (faoi CCBC3, CCUSB agus CCEP) agus CCÉP. Tháinig méadú €1,247 milliún ar an nglanioncam úis ó shealúchais CSS go €2,818 milliún in 2023, agus ghin punann CCÉP glanioncam úis €600 milliún in 2023 i gcomparáid le glanspeansas úis €103 mhilliún an bhliain roimhe sin. Ba é an t‑ardú mór ar rátaí úis agus ar thorthaí bannaí sa limistéar euro ba phríomhchúis leis na forbairtí sin, a thosaigh in 2022 (Cairt 17), (i) rud a d’fhág gurbh fhéidir athinfheistíochtaí a dhéanamh faoi CCS agus CCÉP ar thorthaí ní b’airde ná torthaí stairiúla na bpunann faoi seach agus (ii) rud a chuaigh i gcion ar bhealach deimhneach ar an gcúpón maidir le hurrúis lenar bhain rátaí úis athraitheacha (arna sealbhú faoi CCUSB go príomha). An t-amúchadh préimhe ní ba lú, ar urrúis earnála poiblí a fuarthas roimhe sin go háirithe, rannchuidigh sé leis an méadú freisin. Tháinig laghdú €16 mhilliún go €49 milliún ar ghlanioncam úis ar phunann CMU de thairbhe an laghdaithe ar mhéid na punainne sin mar thoradh ar urrúis ag teacht in aibíocht.

Cairt 16

Glanioncam/(speansas) úis ar urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Cairt 17

Torthaí bannaí ceannais seacht mbliana sa limistéar euro

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: BCE:

Tháinig méadú €1,583 milliún ar ghlanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha go €2,382 milliún, go príomha mar thoradh ar ioncam úis níos airde ar urrúis a ainmnítear i ndollair na Stát Aontaithe. Tháinig méadú in 2023 ar an meánráta úis a thuilltear ar phunann BCE de dhollair SAM i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin de bharr (i) díolacháin agus fuascailtí bannaí toraidh níos ísle a ceannaíodh san am a chuaigh thart; agus (ii) ceannacháin urrús lenar tháinig torthaí níos airde tar éis an mhéadaithe ar bhannaí dhollar SAM ó dheireadh 2021 i leith (Cairt 18).

Cairt 18

Torthaí bannaí ceannais dhá bhliain sna Stáit Aontaithe, sa tSeapáin agus sa tSín

(céatadán in aghaidh na bliana; sonraí deireadh míosa)

Foinse: LSEG.

Ioncam úis a eascraíonn as leithdháileadh nótaí bainc euro ar BCE agus speansas úis a eascraíonn as íocaíocht éilimh BCN i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú, tháinig méadú €4,081 mhilliún go €4,817 milliún agus méadú €1,133 mhilliún go €1,335 mhilliún orthu faoi seach in 2023. Bhí na hathruithe ina dtoradh ar mhéaduithe ar an ráta príomhoibríochta athmhaoiniúcháin, arb é sin an ráta a úsáidtear chun ús ar na hiarmhéideanna sin a ríomh. Ba é 4.5% an ráta príomhoibríochta athmhaoiniúcháin ag deireadh 2023 agus tháinig méadú 0.6% ar an meánráta bliantúil in 2022 go 3.8% in 2023.

Tháinig méadú €12,161 mhilliún go €14,236 mhilliún ar an nglan-speansas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET de bharr/ó BCNanna in 2023. Ba é an ráta príomhoibríochta athmhaoiniúcháin a bhí ní b’airde ná an meán in 2023 a spreag an méadú go príomha, agus is é an ráta sin a úsáidtear le haghaidh íocaíocht iarmhéideanna TARGET in-Eurochórais BCE.

Luach €2.288 milliún a bhí ar an nglan-speansas úis eile in 2023 i gcomparáid le glanioncam úis eile €108 milliún an bhliain roimhe. Íocaíocht taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach chomh maith le híocaíocht iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro ba chúis leis an athrú sin go príomha. Sa dara leath de 2022, nuair a d’iompaigh na rátaí íocaíochta ina rátaí deimhneacha, thosaigh BCE d’ús a íoc i leith na míreanna sin. Tháinig ardú eile ar rátaí íocaíochta agus meán‑iarmhéid na míreanna sin in 2023, agus bhí sé sin ina chúis le méadú ar an speansas úis. Fritháiríodh an speansas úis sin go páirteach de dhroim an ioncaim úis ní b’airde a tuilleadh ar an bpunann cistí dílse mar thoradh ar thorthaí méadaitheacha sa limistéar euro (Cairt 17).

Tháinig laghdú €4 mhilliún go €106 mhilliún ar ghlanchaillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais in 2023 (Cairt 19). Ba é ba chúis leis na caillteanais sin go príomha (i) préimheanna amuigh ar urrúis arna sealbhú in CCUSB ar aisíocadh iad roimh aibíocht, agus (ii) glanchaillteanais réadaithe ar phraghas ag eascairt as díolacháin urrús a ainmnítear i ndollar na Stát Aontaithe sa dara leath de 2023 (Cairt 20) a raibh tionchar diúltach ag torthaí bannaí i ndollar na Stát Aontaithe le linn na tréimhse sin ar a luach margaidh (Cairt 18).

Cairt 19

Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Cairt 20

Gnóthachain/caillteanais réadaithe ráithiúla a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais in 2022 agus 2023

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Déantar caillteanais athluachála neamhréadaithe a chur chun speansais i bhfoirm díluachálacha ag deireadh na bliana i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE. B’fhiú €38 milliún na díluachálacha sin in 2023, agus d’eascair siad den chuid ba mhó as caillteanais phraghais neamhréadaithe ar roinnt urrúis arna sealbhú i bpunanna dhollar na Stát Aontaithe agus na gcistí dílse. B’airde go mór na caillteanais sin in 2022, agus b’fhiú €1,840 milliún iad (Cairt 21), toisc gur tháinig méadú mór ar na torthaí comhfhreagracha, as ar tháinig laghdú mór ar luach margaidh thromlach na n‑urrús arna sealbhú i bpunanna cistí dílse agus dhollar na Stát Aontaithe ag deireadh na bliana sin.

Cairt 21

Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

Tháinig méadú €48 milliún ar speansais iomlána oibriúcháin BCE, lena n-áirítear dímheas agus seirbhísí táirgthe nóta bainc, go €1,272 milliún (Cairt 22). Costais foirne níos airde de thoradh ar meánlíon foirne níos airde in 2022, sa mhaoirseacht baincéireachta den chuid is mó, chomh maith le coigeartuithe tuarastail, ba chúis go príomha leis an méadú sin i gcomparáid le 2023. Fritháiríodh an méadú sin go páirteach le costais níos ísle i ndáil le sochair iarfhostaíochta de thoradh, go príomha, costas seirbhíse reatha níos ísle tar éis na luachála achtúirí bliantúla. Tháinig méadú ar chostais riaracháin, go príomha i ngeall ar chostais níos airde ar thacaíocht chomhairliúcháin sheachtrach agus filleadh ar leibhéal iomlán gníomhaíochta tar éis na paindéime, go háirithe sa mhaoirseacht baincéireachta, rud a léirigh tionchar an bhoilscithe freisin.

Clúdaíonn táillí arna thobhach ar na heintitis mhaoirsithe go hiomlán speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht. Ar bhonn na speansas iarbhír arna dtabhú ag BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta baincéireachta, b’ionann ioncam táillí maoirseachta le haghaidh 2023 agus €654 mhilliún.[17]

Cairt 22

Speansais oibriúcháin agus ioncam ó tháillí maoirseachta

(EUR milliúin)

Foinse: BCE:

1.4 Bainistíocht riosca

Is cuid ríthábhachtach í an bhainistíocht riosca de ghníomhaíochtaí BCE agus déantar í trí phróiseas leanúnach (i) um shainaithint agus measúnú riosca, (ii) um athbhreithniú na straitéisí agus na mbeartas riosca, (iii) cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí maolaithe riosca, agus (iv) faireachán agus tuairisciú riosca, a dtacaíonn modheolaíochtaí, próisis agus córais éifeachtacha leo go léir.

Fíor 2

Timthriall bainistíochta riosca

Dírítear sna ranna seo a leanas ar na rioscaí, a bhfoinsí agus na creataí rialaithe riosca is infheidhme.

1.4.1 Rioscaí airgeadais

Beartaíonn an Bord Feidhmiúcháin beartais agus nósanna imeachta lena gcinntítear leibhéal iomchuí cosanta in éadan na rioscaí airgeadais ar a bhfuil BCE neamhchosanta. Rannchuidíonn an Coiste um Bainistiú Riosca (CBR), ina bhfuil saineolaithe ó bhainc ceannais Eurochórais, le monatóireacht, tomhas agus tuairisciú rioscaí airgeadais a bhaineann le clár comhardaithe an Eurochórais, agus sainmhíníonn agus athbhreithníonn sé na modheolaíochtaí agus na creataí bainteacha. An tslí seo, cabhraíonn CBR leis na comhlachtaí cinnteoireachta chun an leibhéal iomchuí cosanta don Eurochórais a chinntiú.

Eascraíonn rioscaí airgeadais ó oibríochtaí agus neamhchosaintí bainteacha BCE. Tá na creataí agus teorainneacha rialaithe riosca a úsáideann BCE chun a phróifíl riosca a bhainistiú difriúil i gcineálacha oibríochta, agus léirítear leis sin beartas nó cuspóirí infheistíochta punanna éagsúla agus gnéithe riosca na mbunsócmhainní.

Chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar na rioscaí, braitheann BCE ar roinnt teicnící meastacháin riosca. Tá na teicnící seo bunaithe ar chomh-mhargadh agus creat ionsamhlúcháin riosca creidmheasa. Leis na príomhchoincheapa, na príomhtheicnící agus na príomhthoimhdí samhaltúcháin faoi na bearta riosca tarraingítear ar chaighdeáin tionscail agus sonraí margaidh atá ar fáil. Déantar na rioscaí a chainníochtú mar an t-easnamh ionchasach (EI)[18], a mheastar ag an leibhéal muiníne 99% thar thréimhse bliana. Úsáidtear dhá chur chuige chun rioscaí a mheas: (i) an cur chuige cuntasaíochta, faoina meastar cuntais athluachála BCE mar mhaolán i ríomh meastachán riosca i gcomhréir leis na rialacha cuntasaíochta is infheidhme; agus (ii) an cur chuige airgeadais, nach ndéantar na cuntais athluachála a mheas mar mhaolán faoi sa ríomh riosca. Ríomhann BCE bearta riosca eile ag leibhéil mhuiníne éagsúla, déanann sé cásanailís ar íogaireacht agus strus, agus déanann sé measúnú réamh-mheastacháin fhadtéarmacha neamhchosaintí agus ioncaim chun léargas cuimsitheach a choinneáil ar na rioscaí.[19]

Tháinig laghdú ar rioscaí iomlána BCE le linn na bliana. Ag deireadh 2023, luach €16.7 billiún a bhí ar na rioscaí airgeadais iomlána le chlár comhardaithe BCE, arna thomhas ag easnamh ionchasach ar an leibhéal muiníne 99% thar thréimhse 1 bhliain faoin gcur chuige cuntasaíochta, agus bhí sé €1.6 billiún níos airde ná na rioscaí a measadh ag deireadh 2022 (Cairt 23). Léirítear leis an laghdú ar an riosca an laghdú ar shealúchais BCE faoi CCS, ar dtús trí athinfheistíocht pháirteach na bpríomhíocaíochtaí ó urrúis a tháinig in aibíocht idir Márta agus Meitheamh 2023, agus ina dhiaidh sin an scor iomlán d’athinfheistíochtaí ó bhí Iúil 2023 ann.

Cairt 23

Iomlán rioscaí airgeadais (cur chuige cuntasaíochta EI 99%)

(EUR billiúin)

Foinse: BCE.
Nóta: Na rioscaí airgeadais iomlána ag deireadh 2023, ríomhadh iad de réir réamhíocaíochtaí modheolaíochta faoinar áiríodh an riosca ráta úis ag eascairt as neamhréireanna idir an ráta úis a tuilleadh ar shócmhainní agus an ráta úis a íocadh ar dhliteanais freisin mar ghné a chuir leis an riosca i dtomhas EI 99% de bhreis ar mhonatóireacht thráthrialta ar réamh-mheastacháin faoin nglanioncam. Rinneadh meastachán 2022 a athríomh chun inchomparáideacht a áirithiú.

Eascraíonn riosca creidmheasa ó phunanna beartais airgeadaíochta BCE, a phunann cistí dílse agus a shealúchais cúlchiste eachtracha. Cé go luacháiltear urrúis a choinnítear chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe agus níl siad mar sin, in éagmais díolachán, faoi réir athruithe a bhaineann le himircí creidmheasa, tá siad fós faoi réir riosca mainneachtain chreidmheasa. Luacháiltear cistí dílse agus cúlchistí eachtracha a ainmnítear in euro ag praghsanna margaidh agus, mar sin, tá siad faoi réir riosca imirce creidmheasa agus riosca mainneachtana creidmheasa. Ba sheasmhach an riosca creidmheasa cuid mhór, le hais 2022.

Déantar riosca creidmheasa a mhaolú go príomha trí chritéir incháilitheachta, nósanna imeachta díchill chuí agus teorainneacha atá éagsúil thar na punanna.

Eascraíonn rioscaí airgeadra agus tráchtearra as sealúchais airgeadra eachtracha agus óir BCE. Ba sheasmhach an riosca airgeadra cuid mhór i gcónaí le hais 2022.

I bhfianaise ról beartais na sócmhainní seo, ní fhálaíonn BCE na rioscaí bainteacha airgeadra agus tráchtearra. Ina ionad sin, déantar na rioscaí seo a mhaolú trí chuntais athluachála a bheith ann agus éagsúlú na sealúchas in airgeadraí éagsúla agus ór.

Tá cúlchistí eachtracha BCE agus cistí dílseacha ainmnithe in euro infheistithe go príomha in urrúis ioncaim sheasta agus tá siad faoi réir riosca ráta úis marcála ón margadh, ós rud é go luacháiltear iad ag praghsanna an mhargaidh. Déantar cúlchistí eachtracha BCE a infheistiú go príomha i sócmhainní le haibíochtaí measartha gairid (féach Cairt 7 i Roinn 1.3.1 “Clár comhardaithe”), agus bíonn go ginearálta aibíochtaí níos faide ag na sócmhainní sa phunann cistí dílse (féach Cairt 9 i Roinn 1.3.1 “Clár comhardaithe”). Tháinig laghdú ar riosca ráta úis na bpunann sin, arna thomhas faoin gcur chuige cuntasaíochta, i gcomparáid le 2022, rud a léiríonn forbairtí i ndálaí an mhargaidh.

Déantar riosca ráta úis marcála ón margadh BCE a mhaolú le beartais leithdháilte sócmhainne agus na cuntais athluachála.

Tá BCE faoi réir riosca ráta úis freisin, ag eascairt as mímheaitseálacha idir an ráta úis a thuilltear ar a shócmhainní agus an ráta úis a íoctar ar a dhliteanais, a bhfuil tionchar aige ar a ghlanioncam úis. Níl an riosca seo nasctha go díreach le haon phunann faoi leith ach le struchtúr chlár comhardaithe BCE san iomlán agus, go háirithe, mímheaitseálacha aibíochta agus toraidh a bheith ann idir sócmhainní agus dliteanais. I dteannta an riosca sin a chur san áireamh sa tomhas tráthrialta riosca airgeadais iomláin thar thréimhse 1 bhliana, déantar faireachán ar an riosca trí réamh-mheastacháin ar bhrabúsacht BCE thar thréimhse mheántéarmach go fadtéarmach.

Déantar an cineál seo riosca a bhainistiú trí bheartais leithdháilte sócmhainne agus déantar é a mhaolú a thuilleadh trí dhliteanais gan íocaíocht a bheith ar chlár comhardaithe BCE.

Dá ainneoin sin, tháinig an riosca sin chun cinn in 2023, as ar tháinig caillteanais airgeadais ar réamh-mheasadh iad a bheith ann sna blianta amach romhainn, agus tá coinne leis go bhfillfidh BCE ar bhrabús marthanach ina dhiaidh sin. Laghdú ar ghlanioncam úis BCE ba mhó a spreag na caillteanais réamh-mheasta. Cion mór de na sócmhainní meántéarmacha go fadtéarmacha lena ngabhann cúpóin ráta sheasta, sealbhaíodh iad nuair a bhí na rátaí úis an-íseal nó nialasach fiú, agus cistíodh iad le dliteanais ghearrthéarmacha den chuid is mó, a íoctar ag ráta MRO. Faoi mar a thosaigh na rátaí úis ag dul in airde i lár 2022, ba mhó costas na ndliteanas ná an t-ús a tuilleadh ar na sócmhainní. Dá réir sin, d’iompaigh glanioncam úis na bliana roimhe ina ghlanspeansas úis.

Na rioscaí a bhaineann leis an athrú aeráide, tá siad á n-ionchorprú i gcreat bainistíochta riosca BCE de réir a chéile. Rinne an tEurochóras an chéad tástáil struis aeráide ar chlár comhardaithe an Eurochórais[20] in 2022, lenarbh fhéidir réamh‑mheastachán a fháil ar thionchar an riosca sin ar chlár comhardaithe BCE. Sna blianta amach romhainn, déanfar tástáil struis aeráide go tráthrialta, agus tá an chéad tástáil eile beartaithe in 2024.

1.4.2 Riosca oibriúcháin

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as beartas agus creat bainistíochta riosca oibriúcháin BCE[21] (BRO). Tacaíonn an Coiste Riosca Oibriúcháin (CRO) leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag déanamh a róil, is é sin maoirseacht a dhéanamh ar bhainistiú rioscaí oibriúcháin. Is cuid lárnach BRO de struchtúr rialachais[22] agus próisis bhainistíochta BCE.

Is é príomhchuspóir chreat BRO BCE cuidiú maidir lena chinntiú go mbaineann BCE amach a mhisean agus a chuspóirí, agus a chlú agus a shócmhainní a chosaint i gcoinne caillteanais, mí-úsáide agus damáiste. Faoi chreat BRO, tá gach réimse gnó freagrach as a rioscaí oibriúcháin, teagmhais agus rialuithe a shainaithint, a mheasúnú, freagairt orthu, agus monatóireacht a dhéanamh orthu. Sa chomhthéacs seo, tugtar le beartas caoinfhulaingthe riosca BCE treoir maidir le straitéisí freagartha ar riosca agus nósanna imeachta glactha riosca. Tá sé nasctha le maitrís riosca cúig bliana bunaithe ar scálaí grádaithe tionchair agus dóchúlachta, trí úsáid a bhaint as critéir chainníochtúla agus cháilíochtúla.

Tá an timpeallacht ina bhfeidhmíonn BCE neamhchosanta ar bhagairtí atá ag éirí níos casta agus idirnasctha agus tá réimse leathan rioscaí oibriúcháin ann a bhaineann le himeachtaí BCE ó lá go lá. Ar na príomhréimsí imní do BCE tá speictream rioscaí neamhairgeadais mar thoradh ar dhaoine, faisnéis, córais, próisis agus soláthraithe seachtracha tríú páirtí. Dá bhrí sin, tá próisis curtha i bhfeidhm ag BCE chun bainistíocht leanúnach agus éifeachtach a éascú ar a rioscaí oibriúcháin agus chun faisnéis riosca a chomhtháthú isteach sa phróiseas cinnteoireachta. Thairis sin, tá BCE ag díriú i gcónaí ar a theacht aniar a fheabhsú, ag glacadh léargas leathan ar rioscaí agus deiseanna ó pheirspictíocht ceann go ceann, lena n-áirítear gnéithe inbhuanaitheachta. Bunaíodh struchtúir freagartha agus pleananna teagmhasacha chun leanúnachas na bhfeidhmeanna criticiúla gnó a áirithiú i gcás aon chur isteach nó géarchéime.

1.4.3 Riosca iompair

Oifig um Chomhlíonadh agus Rialachas tiomnaithe ag BCE mar phríomhfheidhm bainistíochta riosca chun creat rialachais BCE a neartú chun aghaidh a thabhairt ar riosca iompair.[23] Is é an cuspóir atá leis tacú leis an mBord Feidhmiúcháin agus é ag cosaint shláine agus cháil BCE, caighdeáin eiticiúla iompair a chur chun cinn agus cuntasaíocht agus trédhearcacht BCE a neartú. Cuireann Coiste Eitice neamhspleách comhairle agus treoraíocht ar fáil d’oifigigh ardleibhéil BCE maidir le hábhair ionracais agus iompair, agus tacaíonn sé leis an gComhairle Rialaithe rioscaí a bhainistiú ar leibhéal an fheidhmeannais go hiomchuí agus go comhleanúnach. Ar leibhéal an Eurochórais agus an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA), oibríonn an Coiste Eitice agus Comhlíontachta (CEC) chun na creataí iompair do BCNanna agus d’údaráis inniúla náisiúnta a chur chun feidhme go comhleanúnach.

In 2023, bhunaigh ECC Tascfhórsa um Riosca Iompair chun na rialacha reatha maidir le hiompar agus na próisis faireacháin agus tuairiscithe atá i bhfeidhm in BCE, BCNanna agus sna húdaráis inniúla náisiúnta a chur i gcomparáid. Is é is aidhm don tascfhórsa íoschaighdeáin choiteanna a shainiú agus creat riosca iompair simplí a sholáthar ar féidir é a leathnú amach agus a neartú in imeacht na mblianta.

2 Ráitis bhliantúla BCE

2.1 Clár comhardaithe an 31 Nollaig 2023

SÓCMHAINNÍ

Nóta
uimhir

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Ór agus infháltais óir

1

30,419

27,689

Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

2

55,876

55,603

Infháltais ó CAI

2.1

2,083

1,759

Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile

2.2

53,793

53,844

Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

2.2

1,450

1,159

Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

3

17

12

Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro

4

425,349

457,271

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

4.1

425,349

457,271

Éilimh in-Eurochórais

5

125,378

125,763

Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

5.1

125,378

125,763

Sócmhainní eile

6

34,739

31,355

Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe

6.1

1,023

1,105

Sócmhainní airgeadais eile

6.2

22,172

21,213

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

6.3

552

783

Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

6.4

10,905

7,815

Ilghnéitheach

6.5

88

438

Caillteanas don bhliain

1,266

-

Iomlán na sócmhainní

674,496

698,853

Nóta: Is féidir nach ionann na hiomláin sna ráitis airgeadais agus sna táblaí mar gheall ar shlánú. Léiríonn na figiúirí 0 agus (0) méideanna deimhneacha agus diúltacha slánaithe go náid, agus léiríonn dais (-) nialas.

DLITEANAIS

Nóta
uimhir

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

7

125,378

125,763

Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

8

4,699

17,734

Dliteanais do chónaitheoirí eile sa limistéar euro a ainmnítear in euro

9

20,622

63,863

Rialtas ginearálta

9.1

143

48,520

Dliteanais eile

9.2

20,479

15,343

Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro

10

23,111

78,108

Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

11

24

-

Taiscí, iarmhéideanna agus dliteanais eile

11.1

24

-

Dliteanais in-Eurochórais

12

445,048

355,474

Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha

12.1

40,671

40,344

Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

12.2

404,377

315,130

Dliteanais eile

13

9,498

5,908

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

13.1

68

430

Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré

13.2

8,030

3,915

Ilghnéitheach

13.3

1,401

1,562

Forálacha

14

67

6,636

Cuntais athluachála

15

37,099

36,487

Caipiteal agus cúlchistí

16

8,948

8,880

Caipiteal

16.1

8,948

8,880

Iomlán na ndliteanas

674,496

698,853

2.2 Cuntas brabúis agus caillteanais don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2023

Nóta
uimhir

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Ioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

23.1

2,382

798

Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

23.2

4,817

736

Ioncam úis eile

23.4

56,552

11,001

Ioncam úis

63,751

12,536

Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh

23.3

(1,335)

(201)

Speansas úis eile

23.4

(69,609)

(11,434)

Speansas úis

(70,944)

(11,636)

Glanioncam úis

23

(7,193)

900

Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn ó oibríochtaí airgeadais

24

(106)

(110)

Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais

25

(38)

(1,840)

Aistriú chuig/ó fhorálacha le haghaidh rioscaí airgeadais

6,620

1,627

Toradh glan ar oibríochtaí airgeadais, díluachálacha agus soláthar in aghaidh riosca

6,476

(322)

Glanioncam/glanspeansas ó tháillí agus ó choimisiúin

26

650

585

Ioncam ó scaireanna cothromais agus leasanna rannpháirteacha

27

1

1

Ioncam eile

28

72

61

Glanioncam iomlán

6

1,224

Costais foirne

29

(676)

(652)

Speansais riaracháin

30

(481)

(460)

Dímheas sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe

(106)

(103)

Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

31

(9)

(9)

Brabús/(caillteanas) don bhliain

(1,266)

-

Frankfurt am Main, 13 Feabhra 2024
an Banc Ceannais Eorpach

Christine Lagarde
Uachtarán

2.3 Beartais chuntasaíochta

Ábhar agus cur i láthair na ráiteas airgeadais

Tarraingíodh suas ráitis airgeadais BCE de réir na mbeartas cuntasaíochta seo a leanas,[24] i bhfianaise na Comhairle Rialaithe BCE go mbaineann siad amach cur i láthair cothrom de na ráitis airgeadais, ag léiriú ag an am céanna cineál gníomhaíochtaí bainc ceannais.

Prionsabail chuntasaíochta

Cuireadh na prionsabail chuntasaíochta seo a leanas i bhfeidhm: réaltacht eacnamaíoch agus trédhearcacht, críonnacht, aitheantas ar theagmhais iarchláir chomhardaithe, ábharthacht, gnóthas leantach, prionsabal na comhoiriúna, comhsheasmhacht agus inchomparáideacht.

Aitheantas sócmhainní agus dliteanas

Ní aithnítear sócmhainn ná dliteanas sa chlár comhardaithe ach nuair is dócha go sreabhfaidh aon sochar eacnamaíoch bainteach chuig nó ó BCE, go bhfuil bunús na rioscaí agus luaíochtaí lena mbaineann go léir aistrithe chuig BCE, agus gur féidir costas nó luach mhéid na hoibleagáide a thomhas go hiontaofa.

Bunús na cuntasaíochta

Ullmhaíodh na cuntais ar bhonn costais stairiúil, arna mhodhnú chun luacháil margaidh urrús indíolta (seachas urrúis a choinnítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta), ór agus gach sócmhainn agus dliteanas a ainmnítear in airgeadra eachtrach ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe a chur san áireamh.

Léirítear idirbheartaíochtaí i sócmhainní agus dliteanais airgeadais sna cuntais ar bhonn an dáta ar socraíodh iad.

Cé is moite de spot-idirbhearta in urrúis, déantar idirbhearta in ionstraimí airgeadais ainmnithe in airgeadas eachtrach a thaifeadadh i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe. Ar dháta na socraíochta, déantar na hiontrálacha lasmuigh den chlár comhardaithe a aisiompú agus déantar idirbhearta a iontráil ar an gclár comhardaithe. Le ceannacháin agus díolacháin airgeadra eachtraigh, imrítear tionchar ar ghlanstaid airgeadra eachtraigh ar an dáta trádála, agus déantar torthaí réadaithe a eascraíonn as díolacháin a ríomh ar an dáta sin freisin. Déantar ús fabhraithe, préimheanna agus lascainí a bhaineann le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach a ríomh agus a thaifeadadh go laethúil, agus déantar difear don staid airgeadra eachtraigh go laethúil leis na fabhruithe seo freisin.

Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh

Déantar sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach a thiontú chuig euro ag an ráta malairte atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe. Déantar ioncam agus speansais a thiontú ag an ráta malairte atá i réim ar an dáta taifeadta. Déantar athluacháil sócmhainní malairte agus dliteanais eachtracha, lena n-áirítear ionstraimí ar an gclár comhardaithe agus lasmuigh den chlár comhardaithe, ar bhonn airgeadra-ar-airgeadra

Caitear le hathluacháil go dtí an praghas margaidh le haghaidh sócmhainní agus dliteanais ainmnithe in airgeadra eachtrach ar leithligh ón athluacháil ráta malairte.

Déantar ór a luacháil ag an bpraghas margaidh atá i réim ag dáta an chláir comhardaithe. Ní dhéantar aon idirdhealú idir an praghas agus difríochtaí athluachála airgeadra don ór. Ina ionad sin, cuirtear luacháil óir aonair san áireamh ar bhonn an phraghais in euro in aghaidh an unsa troí óir, praghas a dhíorthaítear, don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2023, ó ráta malairte an euro in aghaidh dhollar na Stát Aontaithe an 29 Nollaig 2023.

Déantar an ceart tarraingthe speisialta (CTS) a shainmhíniú i dtéarmaí ciseán airgeadraí agus cinntear a luach le suim ualaithe rátaí malairte cúig mhór-airgeadra (dollar SAM, an euro, renminbi na Síne, yen na Seapáine agus an punt steirling). Comhshódh sealúchais CTSanna BCE go euro trí úsáid a bhaint as ráta malairte an euro i gcoinne CTS an 29 Nollaig 2023.

Urrúis

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta
Tugtar cuntas ar urrúis a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta ag costas amúchta faoi réir lagaithe.

Urrúis eile
Déantar urrúis indíolta (seachas urrúis a shealbhaítear faoi láthair chun críocha beartais airgeadaíochta) agus sócmhainní comhchosúla a luacháil ag na praghsanna meánmhargaidh nó ar bhonn chuar an toraidh bhaintigh atá i réim ar dháta an chláir comhardaithe, ar bhonn urrús go hurrús. Ní dhéantar roghanna a leabaítear in urrúis a scaradh chun críocha luachála. Don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2023, úsáideadh praghsanna meánmhargaidh an 29 Nollaig 2023.

Déantar cistí infheistíochta indíolta a athluacháil ar ghlanbhonn ag leibhéal ciste, trí úsáid a bhaint as a nglanluacha sócmhainne. Ní chuirtear aon ghlanluacháil i bhfeidhm idir gnóthachain neamhréadaithe agus caillteanais i gcistí infheistíochta éagsúla.

Déantar scaireanna cothromais neamhleachtacha, agus aon ionstraimí cothromais eile a choinnítear ag costas faoi réir lagaithe.

Aithint ioncaim

Aithnítear ioncam agus speansais sa tréimhse chuntasaíochta ina ndéantar iad a thuilleamh nó a thabhú.[25] Déantar gnóthachain agus caillteanais de thoradh ar dhíolachán airgeadra eachtraigh, óir agus urrús, a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais. Déantar gnóthachain agus caillteanais mar seo a ríomh trí thagairt do chostas meánach na sócmhainne faoi seach.

Ní aithnítear gnóthachain neamhréadaithe mar ioncam agus aistrítear iad go díreach go cuntas athluachála.

Déantar caillteanais neamhréadaithe a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais, ag deireadh na bliana, má sháraíonn siad gnóthachain athluachála roimhe sin a carnadh sa chuntas athluachála comhfhreagrach. Ní dhéantar glanluacháil ar chaillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon urrús amháin, ná ar aon airgeadra ná ar ór i gcoinne gnóthachain neamhréadaithe ar airgeadraí nó ór eile. I gcás caillteanais neamhréadaithe mar seo ar aon mhír a thaifeadtar sa chuntas brabúis agus caillteanais, déantar costas meánach na míre sin a laghdú go dtí an ráta malairte nó praghas margaidh deireadh bliana.

Déantar caillteanais lagaithe chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais agus ní aisiompófar iad sna blianta ina dhiaidh sin mura laghdaíonn an lagú agus más féidir an laghdú a cheangal le teagmhas inbhraite a tharla tar éis an lagaithe a taifeadadh den chéad uair.

Déantar préimheanna nó lascainí a eascraíonn as urrúis a amúchadh thar shaolré na n-urrús atá fágtha.

Idirbhearta droim ar ais

Is oibríochtaí iad idirbhearta droim ar ais trína gceannaíonn nó trína ndíolann BCE sócmhainní faoi chomhaontú athcheannaigh nó trína seolann BCE oibríochtaí creidmheasa i gcoinne comhthaobhachta.

Faoi chomhaontú athcheannaigh, díoltar urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a athcheannach ón gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh a thaifeadadh mar thaiscí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe. Fanann urrúis a dhíoltar faoi chomhaontú mar seo ar chlár comhardaithe BCE.

Faoi chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, ceannaítear urrúis le haghaidh airgead tirim le comhaontú comhuaineach chun iad a dhíol ar ais leis an gcontrapháirtí ag praghas comhaontaithe ar dháta socraithe amach anseo. Déantar comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais a thaifeadadh mar iasachtaí comhthaobhaithe ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe, ach ní chuirtear san áireamh iad i sealúchais urrúis BCE.

Ní thaifeadtar idirbhearta droim ar ais (lena n-áirítear idirbhearta iasachta urrús), a dhéantar faoi chlár a thairgeann institiúid speisialaithe, ar an gclár comhardaithe ach nuair a bhí comhthaobhacht curtha ar fáil i bhfoirm airgid agus fanann an t-airgead seo gan infheistiú.

Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Áirítear ionstraimí airgeadra, is é sin réamh-idirbhearta malairte eachtraí, réamh-mhalairtí babhtálacha malairte eachtraí agus ionstraimí airgeadra eile lena mbaineann malartú airgeadra amháin ar airgeadra eile amach anseo sna glanstaideanna airgeadra eachtraigh chun gnóthachain agus caillteanais malairte eachtraí a ríomh.

Déantar ionstraimí ráta úis a athluacháil ar bhonn mír ar mhír. Déantar athruithe laethúla ar chorrlach athrúcháin chonarthaí todhchaíochtaí ráta úis oscailte a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais. Déanann BCE luacháil réamh-idirbhearta in urrúis bunaithe ar mhodhanna luachála a bhfuil glacadh ginearálta leo trí úsáid a bhaint as praghsanna agus rátaí margaigh inbhraite, chomh maith le tosca lascaine ó na dátaí socraíochta go dtí an dáta luachála.

Sócmhainní seasta

Déantar sócmhainní seasta, lena n-áirítear sócmhainní doláimhsithe, ach gan talamh agus saothair ealaíne san áireamh, a luacháil ag costas lúide dímheas. Déantar talamh agus saothair ealaíne a luacháil ag costas. Déantar príomhfhoirgneamh BCE a luacháil ag costas lúide dímheas faoi réir lagú. Le haghaidh dhímheas phríomhfhoirgneamh BCE, déantar costais a shannadh do na comhpháirteanna sócmhainne cuí, a dhéantar a dhímheas de réir a saolré úsáidí measta. Déantar dímheas a ríomh ar bhonn líne dírí thar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne, ag tosú sa ráithe tar éis don tsócmhainn a bheith ar fáil le húsáid. Is iad na saolréanna úsáideacha a chuirtear i bhfeidhm le haghaidh na bpríomhaicmí sócmhainní:

Foirgnimh

20, 25 nó 50 bliain

Gléasra san fhoirgneamh

10 nó 15 bliana

Trealamh teicniúil

4, 10 nó 15 bliana

Ríomhairí, a bhaineann le crua-earraí agus bogearraí, agus mótarfheithiclí

4 bliana

Troscán

10 mbliana

Déantar an tréimhse dhímheasa le haghaidh caiteachas ar athchóiriú caipitlithe a bhaineann le háitreabh reatha BCE ar cíos a choigeartú chun aon imeachtaí a bhfuil tionchar acu ar shaolré úsáideach ionchasach na sócmhainne dá ndéantar difear a chur san áireamh.

Déanann BCE teist lagaithe bhliantúil ar a phríomhfhoirgnimh agus ar shócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige (féach “Léasanna” thíos). Má shainaithnítear táscaire lagaithe, agus má mheastar go bhféadfadh an tsócmhainn a bheith lagaithe, déantar an méid in-aisghabhála a mheas. Déantar caillteanas lagaithe a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais má tá an méid in-aisghabhála níos lú ná an glanluach de réir na leabhar.

Díscríobhtar sócmhainní seasta a bhfuil a gcostas faoi bhun €10,000 sa bhliain fála.

Déantar sócmhainní seasta a chomhlíonann na critéir chaipitlithe, ach atá fós á dtógáil nó i mbéal forbartha, a thaifeadadh faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”. Déantar na costais ghaolmhara a aistriú go dtí na ceannteidil sócmhainní seasta ábhartha nuair a bheidh na sócmhainní réidh le húsáid.

Léasanna

Gníomhaíonn BCE mar léasaí agus mar fholéasóir araon.

BCE mar léasaí
Maidir le gach léas inar léasaí é BCE agus lena mbaineann sócmhainn inláimhsithe, aithnítear an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide agus dliteanas léasa ar an gclár comhardaithe ar dháta tosaithe an léasa, i.e. tráth a bhíonn an tsócmhainn réidh le húsáid, agus a áirítear faoi na ceannteidil ábhartha sócmhainne seasta de “Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe” agus “Ilghnéitheach” (dliteanais), faoi seach. Nuair a chomhlíonann léasanna na critéir chaipitlithe, ach tá an tsócmhainn ábhartha fós á tógáil nó á hathrú, déantar taifead ar na costais a tabhaíodh roimh an dáta tosaigh léasa faoin gceannteideal “Sócmhainní á dtógáil”.

Déanta sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a luacháil ag costas lúide dímheas. Chomh maith leis sin, tá sócmhainní lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann le foirgnimh oifige faoi réir lagú (maidir leis an teist bhliantúil lagaithe, féach “Sócmhainní seasta” thuas). Déantar dímheas a ríomh ar bhonn na líne dírí ón dáta tosaigh go dtí deireadh shaolré úsáideach na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide nó deireadh théarma an léasa, cibé acu is luaithe.

Déantar an dliteanas léasa a thomhas ar dtús ag luach reatha na n-íocaíochtaí léasa todhchaí (nach bhfuil ach comhpháirteanna léasanna iontu), arna lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta iasachta incrimintí BCE. Ina dhiaidh sin, déantar an dliteanas léasa a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Déantar an speansas úis bainteach a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Speansas úis eile”. Nuair atá athrú in íocaíochtaí léasa todhchaí ag eascairt as athrú in innéacs nó athmheasúnú eile ar an gconradh reatha, déantar an dliteanas léasa a atomhas. De thoradh ar aon atomhas mar sin bíonn coigeartú comhfhreagrach ar shuim ghlanluacha na sócmhainne lena ngabhann ceart úsáide.

Déantar léasanna gearrthéarma a mhaireann 12 mhí nó níos lú agus léasanna sócmhainní ar luach íseal faoi bhun €10,000 (comhsheasmhach leis an tairseach a úsáidtear chun sócmhainní seasta a aithint) a thaifeadadh mar speansas sa chuntas brabúis agus caillteanais.

BCE mar fholéasóir
Maidir le gach léas inar foléasóir é BCE, tugann BCE do thríú páirtithe an ceart an bhunsócmhainn (nó cuid de shócmhainn den sórt sin) a úsáid, fad a mhaireann an léas idir an léasóir bunaidh agus BCE (ceannléas) i bhfeidhm. Aicmítear an foléas mar léas airgeadais nó oibriúcháin[26] trí thagairt don tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a eascraíonn as an gceannléas, seachas trí thagairt don bhunsócmhainn.

Na foléasanna inar foléasóir é BCE, aicmítear iad mar léas airgeadais agus dí‑aithníonn BCE ó “Sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe” an tsócmhainn lena ngabhann ceart úsáide a bhaineann leis an gceannléas (nó cuid de shócmhainn den sórt sin) a aistrítear chuig an bhfoléasaí, agus aithníonn faoi “Ilghnéitheach” (sócmhainní) foléas infhála. An dliteanas léasa a bhaineann leis an gceannléas, ní dhéanann an foléas aon difear dó.

Ag an dáta tosaithe, déantar an foléas infhála a thomhas i dtosach ag luach láithreach na n-íocaíochtaí léasa amach anseo a fhabhróidh do BCE, arna lascainiú leis an ráta lascaine a úsáidtear le haghaidh an cheannléasa. Ina dhiaidh sin, déantar an foléas infhála a thomhas ag costas amúchta trí úsáid a bhaint as modh an úis ghlain. Déantar an t-ioncam úis bainteach a thaifeadadh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoi “Ioncam úis eile”.

Sochair iarfhostaíochta BCE, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta

Feidhmíonn BCE pleananna sochair shainithe dá fhoireann agus do chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus do chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE.

Tá an plean pinsin foirne á mhaoiniú ag sócmhainní atá á sealbhú i gciste sochar fadtéarmach d’fhostaithe. Léirítear na ranníocaíochtaí éigeantacha a dhéanann BCE agus an fhoireann i gcolún sochair shainithe an phlean. Is féidir le baill foirne ranníocaíochtaí breise a dhéanamh ar bhonn deonach i gcolún ranníocaíochta sainithe ar féidir a úsáid chun sochair bhreise a chur ar fáil.[27] Cinneann méid na ranníocaíochtaí deonacha in éineacht leis na brabúis infheistíochta a eascraíonn as na ranníocaíochtaí sin na sochair bhreise seo.

Tá socruithe neamh-mhaoinithe i bhfeidhm do na sochair iarfhostaíochta agus na sochair fhadtéarmacha eile atá ag comhaltaí den Bhord Feidhmiúcháin agus comhaltaí den Bhord Maoirseachta atá á bhfostú ag BCE. I gcás baill foirne, tá socruithe neamh‑mhaoinithe i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta seachas pinsin agus le haghaidh sochair fhadtéarmacha eile.

Glandliteanas sochair shainithe
Is ionann an dliteanas a aithnítear sa chlár comhardaithe faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais) i dtaca leis na pleananna sochair shainithe, lena n-áirítear sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta[28] agus luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe ag dáta an chláir chomhardaithe, lúide luach cothrom sócmhainní plean a úsáidtear chun an oibleagáid ghaolmhar a mhaoiniú.

Déanann achtúirí neamhspleácha an oibleagáid sochair shainithe a ríomh go bliantúil trí úsáid a bhaint as modh creidmheasa an aonaid réamh-mheasta. Déantar luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe a ríomh trí na sreafaí airgid measta amach anseo a lascainiú trí úsáid a bhaint as ráta a chinntear le tagairt do thorthaí margaidh ag dáta an chláir chomhardaithe ar bhannaí corparáideacha ardchaighdeáin ainmnithe in euro a bhfuil téarmaí comhchosúla acu go haibíocht agus atá ag an oibleagáid ghaolmhar.

Is féidir le gnóthachain agus caillteanais achtúireacha eascairt as coigeartuithe taithí (mar a bhfuil torthaí iarbhíre difriúil leis na toimhdí achtúireacha a rinneadh roimhe) agus athruithe i dtoimhdí achtúireacha.

Glanchostas sochair shainithe
Tá an glanchostas sochair shainithe scoilte i gcomhpháirteanna a thuairiscítear sa chuntas brabúis agus caillteanais agus atomhais i dtaca le sochair iarfhostaíochta a léirítear sa chlár comhardaithe faoi “Cuntais athluachála”.

Is é atá sa ghlanmhéid a mhuirearaítear chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais;

  1. costas seirbhíse reatha na sochar sainithe a fhabhraítear don bhliain;
  2. costas seirbhíse roimhe seo na sochar sainithe a eascraíonn as leasú plean;
  3. ús glan ag an ráta lascaine ar an nglandliteanas sochair shainithe;
  4. atomhais maidir le sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta de chineál fadtéarmach[29], más ann dóibh, ina n-iomláine.

Is é atá sa ghlanmhéid a thaispeántar faoi “Cuntais athluachála” na míreanna seo a leanas:

  1. gnóthachain agus caillteanais achtúireacha ar an oibleagáid sochair shainithe;
  2. an toradh iarbhír ar shócmhainní plean, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe;
  3. aon athrú ar éifeacht uasteorainn na sócmhainne, gan méideanna a áirítear san ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe a áireamh.

Déanann achtúirí neamhspleácha na méideanna seo a luacháil go bliantúil chun an dliteanas cuí sna ráitis airgeadais a bhunú.

Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais

Bíonn iarmhéideanna in-CEBC ann go príomha de thoradh ar íocaíochtaí trasteorann san Aontas Eorpach a shocraítear in airgead bainc ceannais in euro. Den chuid is mó is eintitis phríobháideacha (i.e. institiúidí creidmheasa, corparáidí agus daoine aonair) a thionscnaíonn na hidirbhearta seo. Socraítear iad in TARGET – an tUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach – agus tugann siad údar le hiarmhéideanna déthaobhacha i gcuntais TARGET de bhainc cheannais an Aontais Eorpaigh. Íocaíochtaí a dhéanann BCE agus na bainc cheannais náisiúnta (BCNanna), déanann siad difear do na cuntais sin freisin. Déantar gach socrú a chomhiomlánú agus a choigeartú go huathoibríoch chun bheith ina gcuid de sheasamh aonair gach BCN maidir le BCE. Is ionann na staideanna seo i leabhair BCE agus glanéileamh nó glandliteanas gach BCN i gcoinne na coda eile den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC). Na gluaiseachtaí i gcuntais TARGET, léirítear iad i dtaifid chuntasaíochta BCE agus BCNanna ar bhonn laethúil.

Déantar iarmhéideanna laistigh den Eurochóras de chuid BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE a eascraíonn as TARGET, chomh maith le hiarmhéideanna laistigh den Eurochóras a ainmnítear in euro (e.g. dáileadh eatramhach brabúis BCE ar BCNanna, más ann dóibh), a thíolacadh ar chlár comhardaithe BCE mar ghlansuíomh aonair sócmhainní nó dliteanas faoi “Éilimh eile laistigh den Eurochóras (glan)” nó faoi “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”. Nochtar iarmhéideanna in-CEBC BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro vis-à-vis BCE, ag eascairt as a rannpháirtíocht in TARGET,[30] faoi “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”.

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as leithroinnt nótaí euro laistigh den Eurochóras san áireamh mar ghlansócmhainn aonair faoi “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” thíos).

Tá iarmhéideanna in-Eurochórais ag eascairt as aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha go dtí BCE ag BCNanna ag dul isteach san Eurochóras ainmnithe in euro agus tuairiscítear iad faoi “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”.

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Eisíonn BCE agus BCNanna an limistéir euro, arb iad le chéile an tEurochóras, nótaí bainc euro.[31] Leithroinntear luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht do bhainc ceannais an Eurochórais ar an lá oibre deireanach de gach mí de réir an scála leithdháilte nótaí bainc.[32]

Leithdháileadh do BCE sciar 8% de luach iomlán nótaí bainc euro i gcúrsaíocht a nochtar sa chlár comhardaithe faoin mír dliteanais “Nótaí bainc i gcúrsaíocht”. Tacaíonn éilimh ar BCNanna le sciar BCE den eisiúint iomlán nótaí bainc euro. Nochtar na héilimh sin, a[33] bhfuil ús orthu, faoin mír “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras” (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais”). Tá an t-ioncam úis ar na héilimh sin curtha san áireamh sa chuntas brabúis agus caillteanais faoin mír “Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”.

Dáileadh eatramhach brabúis

Méid atá comhionann le suim ioncam BCE ar nótaí bainc euro i gcúrsaíocht agus ioncam a eascraíonn as na hurrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta a cheannaítear (i) faoin gClár Margaí Urrús, (ii) faoin tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach, (iii) faoin gclár ceannaigh d’urrúis sócmhainn‑bhunaithe, (iv) faoin gclár ceannaigh earnála poiblí, agus (v) faoin gclár ceannaigh éigeandála paindéime a dháilfear i mí Eanáir na bliana ina dhiaidh sin trí bhíthin dáileadh eatramhach brabúis, ach amháin má chinneann an Chomhairle Rialaithe a mhalairt.[34] Glacfar aon chinneadh den sórt sin más rud é, ar bhonn meastacháin réasúnaithe arna ullmhú ag an mBord Feidhmiúcháin, go bhfuil an Chomhairle Rialaithe ag súil go mbeidh caillteanas bliantúil foriomlán ag BCE nó go ndéanfaidh sé brabús bliantúil is lú ná an t‑ioncam sin. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe cinneadh a dhéanamh freisin an t‑ioncam sin ina iomláine nó cuid de a aistriú chuig soláthar i gcomhair rioscaí airgeadais. Thairis sin, féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh méid an ioncaim ar nótaí bainc euro atá i gcúrsaíocht a laghdú, ar ioncam é a bheidh le dáileadh i mí Eanáir faoi mhéid na gcostas arna dtabhú ag BCE i dtaca le nótaí bainc euro a eisiúint agus a láimhseáil.

Teagmhais iarchláir chomhardaithe

Déantar luachanna sócmhainní agus dliteanas a choigeartú le haghaidh imeachtaí a tharlaíonn idir dáta an chláir chomhardaithe bhliantúil agus an dáta a cheadaíonn an Bord Feidhmiúcháin cur isteach Chuntais Bhliantúla BCE chuig an gComhairle Rialaithe le faomhadh, má dhéanann imeachtaí mar seo difear ábhartha do riocht sócmhainní nó dliteanas ar dháta an chláir chomhardaithe.

Sna nótaí nochtar teagmhais iarchláir chomhardaithe nach ndéanann difear do riocht sócmhainní agus dliteanas ag dáta an chláir chomhardaithe.

Athruithe ar bheartais chuntasaíochta

In 2023 ní dhearnadh aon athrú ar na beartais chuntasaíochta a chuir BCE i bhfeidhm.

Saincheisteanna eile

De réir Airteagal 27 de Reacht CEBC, agus ar bhonn moladh den Chomhairle Rialaithe, d’fhormheas Comhairle an Aontais Eorpaigh ceapachán Baker Tilly GmbH & Co. KG Wirtschaftsprüfungsgesellschaft, Düsseldorf (Poblacht Chónaidhme na Gearmáine) i dtús báire mar iniúchóirí seachtracha BCE ar feadh tréimhse 5 bliana go dtí deireadh na bliana airgeadais 2022. In 2023, rinne Comhairle an Aontais Eorpaigh, bunaithe ar mholadh ón gComhairle Rialaithe, síneadh 2 bhliain bhreise leis an tréimhse sin go dtí deireadh bhliain airgeadais 2024 a fhormheas.

2.4 Nótaí an chláir chomhardaithe

Nóta 1 – Ór agus infháltais óir

Cuimsítear leis an mír seo sealúchais óir BCE:

2023

2022

Cainníocht

Unsaí d’ór mín1

16,285,778

16,229,522

Praghas

Dollar na Stát Aontaithe in aghaidh an unsa troí óir

2,063.950

1,819.700

Dollar SAM in aghaidh an euro

1.1050

1.0666

Margadhluach (€ milliúin)

30,419

27,689

1) Comhfhreagraíonn sé sin do 506.5 agus 504.8 tona in 2023 agus 2022 faoi seach.

Ba é an t‑ardú ar mhargadhphraghas an óir go príomha ba chúis le méadú a chomhluacha in euro maidir le sealúchais óir BCE i dtéarmaí euro (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 15 “Cuntais athluachála”). De bhreis air sin, nuair a ghlac an Chróit an t-airgeadra aonair le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, d’aistrigh Hrvatska narodna banka 56,256 unsa d’ór mín dar luach €96 mhilliún chuig BCE.

Nóta 2 – Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro agus cónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Nóta 2.1 – Infháltais ó CAI

Léiríonn an tsócmhainn seo sealúchais BCE de chearta tarraingthe speisialta (CTSanna) dar luach €2,083 mhilliún an 31 Nollaig 2023 (2022: €1,759 milliún). Tagann sé seo chun cinn de bharr socrú trádála deonaí déthreo ceannaithe agus díolta SDR leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI), ar bhealach go bhfuil CAI údaraithe díolacháin nó ceannacháin SRDanna in aghaidh euro a eagrú, ar son an Bhainc Ceannais Eorpaigh, taobh istigh de na leibhéil sealúchais íosta agus uasta. Chun críocha cuntasaíochta, caitear le cearta tarraingthe speisialta mar airgeadra eachtrach (féach “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). Tháinig méadú ar shealúchais BCE i CTSanna in 2023, go príomha mar thoradh ar idirbheart a rinneadh i gcomhthéacs an tsocraithe trádála deonaí thuasluaite.

Nóta 2.2 – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Tá iarmhéideanna i gceist leis an dá mhír le bainc agus iasachtaí a ainmnítear in airgeadra eachtrach, agus infheistíochtaí in urrúis a ainmnítear i ndollar SAM, i yen na Seapáine agus i renminbi na Síne.

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro

Cuntais reatha

7,161

15,687

(8,526)

Taiscí margaí airgid

474

985

(512)

Infheistíochtaí urrúis

46,158

37,172

8,986

Na héilimh iomlána ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro

53,793

53,844

(52)

Éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro

Cuntais reatha

25

34

(10)

Taiscí margaí airgid

1,426

1,125

301

Na héilimh iomlána ar chónaitheoirí an limistéir euro

1,450

1,159

291

Iomlán

55,243

55,004

239

Tháinig méadú ar luach iomlán na míreanna sin in 2023, go príomha de thairbhe an ioncaim a tuilleadh le linn na bliana, ar phunann dhollar na Stát Aontaithe den chuid is mó. De bhreis air sin, nuair a ghlac an Chróit an t-airgeadra aonair le héifeacht ón 1 Eanáir 2023, d’aistrigh Hrvatska narodna banka sócmhainní cúlchistí eachtracha a ainmnítear i ndollair na Stát Aontaithe dar luach €544 mhilliún chuig BCE. Mar sin féin, fritháiríodh an méadú iomlán ar fad nach mór i ngeall, go príomha, ar dhímheas dhollar na Stát Aontaithe agus yen na Seapáine in aghaidh an euro.

Ba mar a leanas iad sealúchais airgeadra eachtraigh an Bhainc Ceannais Eorpaigh[35]:

2023
Airgeadra eachtrach i milliúin

2022
Airgeadra eachtrach i milliúin

Dollar SAM

52,590

49,590

Yen na Seapáine

1,089,844

1,090,312

Renminbi na Síne

4,545

4,440

Níor tharla aon idirghabháil malairte eachtraí le linn 2023.

Nóta 3 - Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

Ba é a bhí sa mhír sin an 31 Nollaig 2023 iarmhéideanna cuntais reatha le cónaitheoirí an limistéir euro dar luach €17 milliún (2022: €12 mhilliún).

Nóta 4 - Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro

Nóta 4.1 - Urrúis arna sealbhú chun críocha beartas airgeadaíochta

An 31 Nollaig 2023, is éard a bhí sa mhír sin urrúis arna bhfáil ag BCE laistigh de raon feidhme an Chláir Margaí Urrús (CMU), an tríú clár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CCBC3), an chláir ceannaithe urrús sócmhainn-bhunaithe (CCUSB), chlár ceannaithe na hearnála poiblí (CCEP) agus an chláir ceannaithe éigeandála paindéime (CCÉP).

Dáta tosaigh

Dáta deiridh

Cinneadh

Réimse na n-urrús incháilithe1

Cláir Chríochnaithe/Fhoirceanta

CCBC12

Iúil 2009

Meitheamh 2010

BCE/2009/16

Bannaí faoi chumhdach de chuid chónaitheoirí an limistéir euro

CCBC22

Samhain 2011

Deireadh Fómhair 2012

BCE/2011/17

Bannaí faoi chumhdach de chuid chónaitheoirí an limistéir euro

CMU

Bealtaine 2010

Meán Fómhair 2012

BCE/2010/5

Urrúis fiachais phríobháideacha agus phoiblí a eisítear sa limistéar euro3

An Clár Ceannaithe Sócmhainní (CCS)4

CCBC3

Deireadh Fómhair 2014

gníomhach

BCE/2020/8,
arna leasú

Bannaí faoi chumhdach de chuid chónaitheoirí an limistéir euro

CCUSB

Samhain 2014

gníomhach

BCE/2014/45,
arna leasú

Tráinsí mezzanine sinsearacha agus ráthaithe d’urrúis shócmhainn‑bhunaithe de chuid chónaitheoirí an limistéireuro

CCEP

Márta 2015

gníomhach

BCE/2020/9

Bannaí arna n‑eisiúint ag rialtais láir, réigiúnacha nó áitiúla nó ag gníomhaireachtaí aitheanta sa limistéar euro chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus bainc forbartha iltaobhacha lonnaithe sa limistéar euro

CCEC5

Meitheamh 2016

gníomhach

BCE/2016/16,
arna leasú

Bannaí agus páipéar tráchtála arna n-eisiúint ag institiúidí airgeadais neamhbhainc bunaithe sa limistéar euro

An clár ceannaigh éigeandála paindéime (CCÉP)

CCÉP

Márta 2020

gníomhach

BCE/2020/17,
arna leasú

Na catagóirí ar fad atá incháilithe faoi CCS

1) Tá critéir incháilitheachta bhreise le haghaidh na gclár sonrach le fáil i gcinntí na Comhairle Rialaithe.
2) Ag deireadh 2022 agus ag deireadh 2023, ní raibh aon sealúchas urrús ag BCE faoin gcéad agus faoin dara clár ceannaithe bannaí faoi chumhdach (CCBC1 agus CCBC2). Mar sin féin, in 2022, thaifid BCE ioncam úis ó na punanna sin i gcónaí, mar tháinig na sealúchais deiridh faoi CCBC1 agus CCBC2 in aibíocht in Iúil 2022 agus i mí Mheán Fómhair 2022 faoi seach.
3) Níor ceannaíodh faoi CMU ach urrúis fiachais phoiblí arna n‑eisiúint ag cúig státchiste sa limistéar euro.
4) Scoireadh de na hathinfheistíochtaí faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS) ón 1 Iúil 2023.
5) Ní shealbhaíonn BCE urrúis faoi chlár ceannaigh na hearnála corparáidí (CSPP).

Go dtí deireadh mhí Feabhra 2023[36], lean an tEurochóras de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis ag teacht in aibíocht, arna gceannach faoin gclár ceannaithe sócmhainní (CCS)[37]. Ina dhiaidh sin, tháinig laghdú ar phunann CCS ag ráta tomhaiste intuartha. Go dtí deireadh mhí an Mheithimh 2023, €15 bhilliún sa mhí ar an meán a bhí sa laghdú sin, mar ní dhearna an tEurochóras na híocaíochtaí príomhshuime go léir ó urrúis a bhí ag teacht in aibíocht a athinfheistiú. In mí an Mheithimh 2023, chinn an Chomhairle Rialaithe[38] scor de na hathinfheistíochtaí faoi CCS ó Iúil 2023. Tháinig laghdú ina dhiaidh sin ar phunann CCS de thoradh urrúis a tháinig in aibíocht.

Maidir le CCÉP[39], lean an tEurochóras de bheith ag athinfheistiú, ina n-iomláine, na n-íocaíochtaí príomhshuime ó urrúis atá ag teacht in aibíocht, arna gceannach le linn na bliana. Tá sé beartaithe[40] ag an gComhairle Rialaithe leanúint de na híocaíochtaí príomhshuime a athinfheistiú, ina n‑iomláine, ó urrúis atá ag teacht in aibíocht faoi CCÉP sa chéad leath de 2024. Tá sé beartaithe aici freisin laghdú €7.5 billiún sa mhí ar an meán a dhéanamh ar phunann CCÉP le linn an dara leath de 2024 agus scor d’athinfheistíochtaí ag deireadh na bliana sin. Ina theannta sin, leanfaidh an Chomhairle Rialaithe léi de bheith ag cur solúbthacht i bhfeidhm maidir le hathinfheistiú fuascailtí dlite i bpunann CCÉP d’fhonn cur i gcoinne rioscaí in aghaidh na meicníochta tarchurtha beartais airgeadaíochta, ar rioscaí iad a bhaineann leis an bpaindéim.

Luacháiltear na hurrúis faoi na cláir seo bunaithe ar chostas amúchta faoi réir lagú (féach “Urrúis” i Roinn 2.3 “Beartais Chuntasaíochta”).

Is iad seo a leanas costais amúchta na n‑urrús arna sealbhú ag BCE agus a margadhluach[41] (nach ndéantar taifead orthu ar an gclár comhardaithe ná ar an gcuntas brabúis agus caillteanais agus a sholáthraítear ar chúiseanna comparáide amháin):

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Costas
amúchta

Luach
margaidh

Costas
amúchta

Luach
margaidh

Costas
amúchta

Luach
margaidh

Cláir Chríochnaithe/Fhoirceanta

CMU

496

522

718

766

(222)

(244)

CCSL

CCBC3

23,530

21,490

25,116

22,136

(1,587)

(647)

CCUSB

13,348

13,225

22,895

22,605

(9,547)

(9,379)

CCEP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

224,867

205,847

242,857

213,750

(17,991)

(7,903)

CCSL Iomlán

261,744

240,562

290,868

258,491

(29,124)

(17,930)

CCÉP

CCÉP – bannaí faoi chumhdach

839

736

769

628

70

108

CCÉP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

162,270

143,669

164,916

138,072

(2,646)

5,597

CCÉP Iomlán

163,109

144,405

165,685

138,700

(2,576)

5,705

Iomlán

425,349

385,489

457,271

397,957

(31,922)

(12,468)

D’athraigh luach an chostais amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag BCE i rith na bliana mar seo a leanas:

2022
€ milliúin

Ceannacháin chomhlána
€ milliúin

Fuascailtí
€ milliúin

Glanlascaine/
(glanbhiseach)1
€ milliúin

2023
€ milliúin

CMU

718

-

(235)

13

496

CCBC3

25,116

1,512

(3,057)

(42)

23,530

CCUSB

22,895

690

(10,142)

(95)

13,348

CCEP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

242,857

10,141

(26,160)

(1,971)

224,867

CCÉP – bannaí faoi chumhdach

769

85

(15)

(1)

839

CCÉP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

164,916

17,220

(17,922)

(1,945)

162,270

Iomlán

457,271

29,649

(57,530)

(4,041)

425,349

1) San áireamh le “glanlascaine/ (biseach)” tá glanghnóthachain/(caillteanais) réadaithe, más ann dóibh.

Déanann an Chomhairle Rialaithe measúnú rialta ar na rioscaí airgeadais a bhaineann leis na hurrúis a shealbhaítear de réir na gclár seo.

Sa chás seo, déantar scrúduithe bearnaithe ar bhonn bliantúil, ach úsáid a bhaint as sonraí ag deireadh na bliana, agus déanann an Chomhairle Rialaithe iad a fhaomhadh. Sna scrúduithe in, déantar measúnú ar na táscairí bearnaithe ar leithligh le haghaidh gach cláir. I gcásanna ina ndéantar breathnóireacht ar tháscairí bearnaithe, déantar tuilleadh anailíse chun a dheimhniú nár chuir eachtra bearnaithe isteach ar shreabhadh airgid na n-urrús forluiteach. Ar bhonn na dtorthaí ó na tástálacha bearnaithe i mbliana, níor thaifead BCE aon chaillteanas maidir leis na hurrúis arna sealbhú ina phunanna beartais airgeadaíochta in 2023.

Tá luach an chostais amúchta ar na hurrúis arna sealbhú ag an Eurochóras mar seo a leanas:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

BCE

BCNanna sa limistéar euro

An tEurochóras Iomlán

BCE

BCNanna salimistéar euro

An tEurochóras Iomlán

Cláir Chríochnaithe/Fhoirceanta

CMU

496

1,901

2,397

718

2,143

2,860

CCSL

CCBC3

23,530

262,090

285,620

25,116

276,857

301,973

CCUSB

13,348

-

13,348

22,895

-

22,895

CCEP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

224,867

1,922,907

2,147,774

242,857

2,066,581

2,309,438

CCEP – urrúis fhornáisiúnta

-

255,261

255,261

-

275,228

275,228

CCEC

-

323,921

323,921

-

344,119

344,119

CCSL Iomlán

261,744

2,764,180

3,025,924

290,868

2,962,785

3,253,653

CCÉP

CCÉP – bannaí faoi chumhdach

839

5,197

6,036

769

5,283

6,052

CCÉP – urrúis rialtais/gníomhaireachta

162,270

1,297,397

1,459,667

164,916

1,317,937

1,482,853

CCÉP – urrúis fhornáisiúnta

-

154,332

154,332

-

145,687

145,687

CCÉP – urrúis san earnáil chorparáideach

-

45,989

45,989

-

46,074

46,074

CCÉP Iomlán

163,109

1,502,915

1,666,024

165,685

1,514,981

1,680,666

Iomlán

425,349

4,268,996

4,694,345

457,271

4,479,908

4,937,179

Nóta: Tá na figiúirí le haghaidh “BCNanna sa limistéar euro” réamhbharúlach agus d’fhéadfaidís a bheith faoi réir athbhreithniú, rud a d’fhágfadh go mbeadh athrú coibhéise ann maidir leis na figiúirí le haghaidh “An tEurochóras Iomlán”.

Nóta 5 - Éilimh in-Eurochórais

Nóta 5.1 - Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

Is é atá sa mhír sin éilimh BCE vis-à-vis BCNanna sa limistéar euro maidir le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) agus ar an 31 Nollaig 2023 b’ionann iad agus €125,378 milliún (2022: €125,763 mhilliún). Déantar íocaíocht na n‑éileamh sin a ríomh go laethúil ar an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin (féach nóta 23.2 “ioncam úis a eascraíonn as leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”).

Nóta 6 - Sócmhainní eile

Nóta 6.1 - Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe

Cuimsítear na míreanna seo a leanas leis na sócmhainní seo:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Costas

Talamh agus foirgnimh

1,014

1,007

7

Foirgnimh lena ngabhann ceart úsáide

315

296

19

Gléasra san fhoirgneamh

222

222

-

Crua-earraí agus bogearraí ríomhaire

142

140

1

Trealamh, troscán agus mótarfheithiclí

111

110

1

Trealamh lena ngabhann ceart úsáide

2

3

(1)

Sócmhainní á dtógáil

0

5

(5)

Sócmhainní seasta eile

11

11

(0)

Costas iomlán

1,818

1,796

22

Dímheas carntha

Talamh agus foirgnimh

(227)

(204)

(23)

Foirgnimh lena ngabhann ceart úsáide

(197)

(152)

(45)

Gléasra san fhoirgneamh

(144)

(128)

(16)

Crua-earraí agus bogearraí ríomhaire

(129)

(120)

(9)

Trealamh, troscán agus mótarfheithiclí

(92)

(82)

(11)

Trealamh lena ngabhann ceart úsáide

(2)

(2)

(0)

Sócmhainní seasta eile

(3)

(3)

(0)

Dímheas carntha iomlán

(795)

(690)

(104)

Glanluach iomlán na leabhar

1,023

1,105

(82)

I leith phríomhfhoirgneamh BCE agus an oifig lena gabhann ceart úsáide, rinneadh scrúdú bearnaithe ag deireadh na bliana agus níor taifeadadh aon chaillteanas bearnaithe.

Nóta 6.2 - Sócmhainní airgeadais eile

Is é atá sa mhír sin go príomha punann chistí dílse BCE, arb é atá ann den chuid is mó infheistíochtaí chaipiteal íoctha BCE chomh maith le méideanna a chuirtear i leataobh sa chúlchiste ginearálta agus sa soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais. San áireamh leis sin tá 3,211 scair sa Bhanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BSI) ag costas éadála €42 milliún agus cuntais reatha eile ainmnithe in euro.

Is mar seo a leanas a bhí comhpháirteanna na míre sin:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Cuntais reatha in euro

46

38

8

Urrúis ainmnithe in euro

20,355

19,280

1,075

Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais in euro

1,730

1,854

(124)

Sócmhainní airgeadais eile

42

42

(0)

Iomlán

22,172

21,213

959

Ba é ba chúis leis an nglanmhéadú sa mhír sin in 2023 den chuid ba mhó (i) athinfheistíocht ioncaim úis a gineadh ar phunann chistí dílse BCE agus (ii) an méadú ar luach margaidh urrús a ainmnítear in euro a shealbhaítear sa phunann sin.

Nóta 6.3 - Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Is é atá sa mhír seo go príomha athruithe luachála ar bhabhtáil agus ar réamh-idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2023 (féach nóta 20 “Babhtáil malairte eachtraí agus réamh-idirbhearta”). B’ionann na hathruithe luachála sin agus €552 mhilliún (2022: €783 mhilliún) agus tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Nóta 6.4 - Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ús fabhraithe ar iarmhéideanna TARGET dlite ó BCNanna

4,955

2,856

2,099

Ús fabhraithe ar éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro

1,429

575

855

Ús fabhraithe ar urrúis

3,709

3,640

69

Ioncam fabhraithe a bhaineann le cúraimí maoirseachta

654

594

60

Fabhruithe agus speansais réamhíoctha eile

158

151

7

Iomlán

10,905

7,815

3,090

An 31 Nollaig 2023, áiríodh sa mhír sin ús fabhraithe is infhaighte ar iarmhéideanna TARGET atá dlite ó BCNanna sa limistéar euro le haghaidh mhí na Nollag 2023 (féach nóta 12.2 “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”) agus ús fabhraithe is infhaighte ó BCNanna sa limistéar euro don ráithe deiridh de 2023 i ndáil le héilimh BCE a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras (féach nóta 5.1 “Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras”). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2024.

Áiríodh inti freisin ús cúpóin fabhraithe ar urrúis, lena n‑áirítear ús gan íoc a íocadh agus é á éadáil (féach nóta 2.2 “Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, nóta 4 “Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro” agus nóta 6.2 “Sócmhainní airgeadais eile”).

Comhfhreagraíonn ioncam fabhraithe a bhaineann le cúraimí maoirseachta do na táillí maoirseachta atá le fáil do thréimhse táillí 2023 a bhaileofar in 2024 (féach nóta 26 “Glanioncam/speansas ó tháillí agus ó choimisiúin”).[42]

Cuimsíodh le fuílleach na míre sin go príomha (i) ioncam úis fhabhraithe ar ionstraimí airgeadais eile; (ii) ioncam fabhraithe ó thionscadail CEBC agus seirbhísí atá á n‑oibriú (féach nóta 28 “Ioncam eile”); agus (iii) réamhíocaíochtaí ilghnéitheacha.

Nóta 6.5 - Ilghnéitheach

€88 milliún a bhí sa mhír sin an 31 Nollaig 2023 (2022: €438 milliún). Áiríodh iarmhéideanna ilghnéitheacha dar luach €60 milliún (2022: €90 milliún), lenar cuimsíodh go príomha infháltais i ndáil le tionscadail CEBC agus seirbhísí atá á n‑oibriú (féach nóta 28 “Ioncam eile”) agus iarmhéideanna i ndáil le cáin bhreisluacha inghnóthaithe.

Áiríodh ann freisin iarmhéideanna dar luach €28 milliún (2022: €349 milliún) maidir le babhtáil agus réamh‑idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2023 (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta”). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Nóta 7 - Nótaí bainc i gcúrsaíocht

Is é atá sa mhír sin sciar BCE (8%) de na nótaí bainc euro iomlán i gcúrsaíocht (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) arbh ionann iad agus €125,378 milliún an 31 Nollaig 2023 (2022: €125,763 mhilliún).

Nóta 8 - Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

Tá an deis ag bainc cheannais an Eurochórais glacadh le hairgead tirim mar chomhthaobhacht ina gcuid saoráidí iasachtaithe urrús CCEP agus CCÉP san earnáil phoiblí gan a bheith orthu é a athinfheistiú. I gcás BCE, déantar na hoibríochtaí seo trí institiúid speisialta.

An 31 Nollaig 2023, b’ionann na hidirbhearta iasachtaithe gan íoc in aghaidh na comhthaobhachta airgid thirim a rinneadh sna hinstitiúidí creidmheasa sa limistéar euro agus €4,699 milliún (2022: €17,734 mhilliún). Airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht, aistríodh é chuig cuntais TARGET. De bharr nach ndearnadh athinfheistíocht ar an airgead faoi dheireadh na bliana, rinneadh taifeadadh ar na hidirbhearta ar an gclár comhardaithe (féach “Idirbhearta droim ar ais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).[43]

Nóta 9 - Éilimh ar chónaitheoirí eile an limistéir euro a ainmnítear in euro

Nóta 9.1 - Rialtas ginearálta

Amhail an 31 Nollaig 2023 b’ionann an mhír seo agus €143 mhilliún (2022: €48,520 milliún) agus san áireamh ann bhí taiscí de chuid na Saoráide Eorpaí um Chobhsaíocht Airgeadais (SECA) agus an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE). I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.

Nóta 9.2 - Dliteanais eile

Is éard atá sa mhír seo iarmhéideanna de chórais choimhdeacha an limistéir euro[44] atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET‑BCE arbh é a bhí iontu €20 479 milliún an 31 Nollaig 2023 (2022: €15 343 mhilliún).

Nóta 10 - Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Iarmhéideanna TARGET

3,854

42,808

(38,954)

Airgead arna fháil mar chomhthaobhacht in idirbhearta iasachtaithe urrús

5,637

15,008

(9,372)

Taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach

12,383

19,904

(7,522)

Línte babhtála a sholáthraíonn leachtacht

1,237

388

850

Iomlán

23,111

78,108

(54,997)

An 31 Nollaig 2023, ba é a bhí ar an gcomhpháirt ba mhó den mhír seo taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais (féach nóta 21 “Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe”).

Áiríodh leis an mír seo freisin iarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta iasachtaithe urrús CCEP agus CCÉP san earnáil phoiblí gan íoc agus idirbhearta iasachtaithe urrús san earnáil phoiblí a rinneadh le hinstitiúidí creidmheasa nach bhfuil sa limistéar euro ina bhfuarthas airgead tirim mar chomhthaobhacht agus inar aistríodh chuig cuntais TARGET é (féach nóta 8 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro”).

Thairis sin, áiríodh ann iarmhéideanna TARGET, ina bhfuil iarmhéideanna TARGET de BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro i leith BCE (féach “Iarmhéideanna in-CEBC/iarmhéideanna in-Eurochórais” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”) agus iarmhéideanna na gcóras coimhdeach nach bhfuil sa limistéar euro atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET-BCE. Freagraíonn an laghdú sna hiarmhéideanna sin in 2023 d’iarmhéideanna níos ísle de na córais choimhdeacha nach bhfuil sa limistéar euro.

Is é atá sa chuid eile den mhír seo iarmhéid a eascraíonn as an gcomhshocrú seasmhach airgeadra cómhalartach le Córas an Chúlchiste Fheidearálaigh. Faoin socrú seo, cuireann Banc Cúlchiste Feidearálaigh Nua-Eabhrac dollair SAM ar fáil do BCE trí idirbhearta babhtála, agus é mar sprioc maoiniú dollar SAM gearrthéarmach a thairiscint do contrapháirtithe an Eurochórais. Idir an dá linn gabhann BCE le hidirbhearta comhuaineacha babhtála le BCNanna sa limistéar euro, a úsáideann na cistí atá ann dá bharr chun tabhairt faoi oibríochtaí dollar SAM chun leachtacht a sholáthar le contrapháirtithe an Eurochórais i bhfoirm idirbheart droim ar ais. De bharr na n-idirbheart comhuaineach babhtála tá iarmhéideanna in-Eurochórais idir BCE agus BCNanna sa limistéar euro. Thairis sin, bíonn éilimh agus dliteanais réamhchonartha ann de thoradh na n-idirbheart babhtála a dhéantar i gcomhar le Banc Cúlchiste Feidearálach Nua-Eabhrac agus BCNanna sa limistéar euro agus déantar taifeadadh ar an héilimh agus dliteanais sin sna cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta”).

Nóta 11 – Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

Nóta 11.1 - Taiscí, iarmhéideanna agus dliteanais eile

An 31 Nollaig 2023, ba é a bhí sa mhír seo dliteanas in airgeadra eachtrach i leith neamhchónaitheoir de chuid an limistéir euro dar luach €24 mhilliún (2022: nialas) a tháinig chun cinn i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 12 – Dliteanais in-Eurochórais

Nóta 12.1 – Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha

Déanann siad seo ionadaíocht ar na dliteanais do BCNanna sa limistéar euro a tháinig chun cinn de bharr aistriú na sócmhainní cúlchistí eachtracha chuig BCE nuair a tháinig siad isteach san Eurochóras. I gcomhréir le hAirteagal 30.2 de Reacht CEBC, socraítear na ranníocaíochtaí sin i gcomhréir le scaireanna BCN i gcaipiteal suibscríofa BCE. Tháinig méadú ar na dliteanais sin de thoradh an aistrithe sócmhainní cúlchistí eachtracha a rinne Hrvatska narodna banka nuair a ghlac an Chróit an t-airgeadra aonair.

Ón
1 Eanáir 2023
€ milliúin

An
31 Nollaig 2022
€ milliúin

Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique (an Bheilg)

1,470

1,470

Deutsche Bundesbank (an Ghearmáin)

10,635

10,635

Eesti Pank (an Eastóin)

114

114

Banc Ceannais na hÉireann (Éire)

683

683

Banc na Gréige (an Ghréig)

998

998

Banco de España (an Spáinn)

4,811

4,811

Banque de France (an Fhrainc)

8,240

8,240

Hrvatska narodna banka (an Chróit)

327

-

Banca d’Italia (an Iodáil)

6,854

6,854

Banc Ceannais na Cipire (an Chipir)

87

87

Latvijas Banka (an Laitvia)

157

157

Lietuvos bankas (an Liotuáin)

233

233

Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg)

133

133

Banc Ceannais Mhálta (Málta)

42

42

De Nederlandsche Bank (An Ísiltír)

2,364

2,364

Oesterreichische Nationalbank (an Ostair)

1,181

1,181

Banco de Portugal (an Phortaingéil)

944

944

Banka Slovenije (an tSlóivéin)

194

194

Národná banka Slovenska (an tSlóvaic)

462

462

Suomen Pankki – Banc na Fionlainne (an Fhionlainn)

741

741

Iomlán

40,671

40,344

Socraíodh éileamh Hrvatska narodna banka ag €327 milliún lena áirithiú, maidir leis an gcóimheas idir an t‑éileamh sin agus an t‑éileamh comhiomlán a chuirtear do shochar BCNanna eile Ballstát arb é an euro a n‑airgeadra, go mbeadh an cóimheas sin cothrom leis an gcóimheas idir ualú Hrvatska narodna banka ar scála caipitil BCE agus ualú comhiomlán BCNanna eile an limistéir euro ar an scála sin. An difríocht idir an t‑éileamh agus luach na sócmhainní a aistríodh (féach nóta 1 “Ór agus infháltais óir” agus nóta 2.2 “Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile; agus éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro ainmnithe in airgeadra eachtrach”), láimhseáladh í mar chuid de na ranníocaíochtaí ó Hrvatska narodna banka, a bhí dlite faoi Airteagal 48.2 de Reacht CEBC, do na cúlchistí agus soláthairtí is comhionann le cúlchistí BCE an 31 Nollaig 2022 (féach nóta 14 “Soláthairtí” agus nóta 15 “Cuntais athluachála”).

Déantar íocaíocht na ndliteanas sin a ríomh go laethúil ar an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, arna choigeartú chun toradh nialasach ar an gcomhpháirt óir a léiriú (féach nóta 23.3 “Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh”).

Nóta 12.2 – Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

In 2023 b’ionann an mhír sin den chuid is mó d’iarmhéideanna TARGET de BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE (féach “Iarmhéideanna laistigh de CEBC/iarmhéideanna laistigh den Eurochóras” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Glandliteanas TARGET

404,336

315,090

Dlite do BCNanna sa limistéar euro i leith TARGET

1,616,387

1,830,483

Dlite ó BCNanna sa limistéar euro i leith TARGET

(1,212,050)

(1,515,393)

Dliteanais eile laistigh den Eurochóras

40

41

Iomlán

404,377

315,130

An laghdú ar an nglandliteanas TARGET, bhí sé inchurtha go príomha i leith na n-insreafaí airgid mar thoradh orthu seo: (i) taiscí níos ísle SCE agus EFSF (féach nóta 9.1 “Rialtas ginearálta”); (ii) iarmhéideanna níos ísle chórais choimhdeacha an limistéir euro atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET-BCE (féach nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”); agus (iii) an laghdú ar airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht in aghaidh iasachtú urrúis CCEP agus CCÉP na hearnála poiblí (féach nóta 8 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro” agus nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”). Fritháiríodh go páirteach tionchar na dtosca sin go príomha leis na hinsreafaí airgid mar thoradh ar aibiú urrús faoi CCS agus CCÉP, ar socraíodh iad trí chuntais TARGET (féach nóta 4 “Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro”).

Déantar íocaíocht shuíomhanna TARGET arna sealbhú ag BCNanna sa limistéar euro vis‑à‑vis BCE, cé is moite d’iarmhéideanna a eascraíonn as idirbhearta babhtála droim‑le‑droim i ndáil le hoibríochtaí soláthair leachtachta dhollar na Stát Aontaithe, a ríomh go laethúil ar an ráta úis is déanaí atá ar fáil agus a úsáideann an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin.

Ba é a bhí i gceist le dliteanais eile laistigh den Eurochóras go príomha taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach don Choimisiún Eorpach, a bhaineann le riar ghníomhaíochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais (féach nóta 21 “Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe”).

Nóta 13 – Dliteanais eile

Nóta 13.1 – Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Is é atá sa mhír seo go príomha athruithe luachála ar bhabhtáil agus ar réamh-idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2023 (féach nóta 20 “Babhtáil malairte eachtraí agus réamh-idirbhearta”). B’ionann na hathruithe luachála sin agus €68 milliún (2022: €430 milliún) agus tá siad ann de thoradh comhshó idirbheart den sórt sin isteach ina luachanna coibhéiseacha in euro de réir na rátaí malairte eachtraí a bhí ann ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro atá ann de thoradh chomhshó na n-idirbheart ag meánchostas an airgeadra eachtraigh faoi seach ar an dáta sin (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” agus “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Nóta 13.2 – Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré

Cuimsítear na nithe seo a leanas leis an mír seo:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ús fabhraithe ar iarmhéideanna TARGET dlite do BCNanna

6,390

3,530

2,860

Ús fabhraithe ar éilimh BCN i leith cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú chuig BCE

1,335

201

1,133

Ús fabhraithe ar thaiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach

172

94

78

Fabhruithe eile agus ioncam iarchurtha

134

90

43

Iomlán

8,030

3,915

4,114

An 31 Nollaig 2023 ba iad an dá phríomh‑chomhpháirt faoin gceannteideal seo ús fabhraithe iníoctha ar iarmhéideanna TARGET mar gheall ar BCNanna le haghaidh mhí na Nollag 2023 (féach nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro” agus nóta 12.2 “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”) agus ús fabhraithe iníoctha le BCNanna sa limistéar euro le haghaidh 2023 i ndáil lena n‑éilimh a bhaineann le cúlchistí eachtracha arna n‑aistriú chuig BCE (féach nóta 12.1 “Dliteanais atá coibhéiseach le cúlchistí eachtracha a aistriú”). Socraíodh na méideanna sin i mí Eanáir 2024.

Áiríodh sa mhír sin freisin ús fabhraithe a bhí iníoctha i leith taiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach (féach nóta 9.1 “Rialtas ginearálta”, nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro’” agus nóta 12.2 “Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)”).

Áiríodh leis an gcuid eile den mhír seo go príomha (i) ús fabhraithe is iníoctha ar iarmhéideanna chórais choimhdeacha an limistéir euro atá nasctha le TARGET trí chomhpháirt TARGET-BCE (féach nóta 9.2 “Dliteanais eile”), (ii) fabhruithe ilghnéitheacha agus ioncam iarchurtha; agus (iii) ús fabhraithe is iníoctha ar airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht i gcomhthéacs oibríochtaí iasachtaithe urrús BCE (nóta 8 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro” agus nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”).

Nóta 13.3 – Ilghnéitheach

An 31 Nollaig 2023 b’ionann an mhír seo agus €1,401 mhilliún (2022: €1,562 mhilliún). Áiríodh ann iarmhéideanna dar luach €635 mhilliún (2022: €974 mhilliún) maidir le babhtáil agus réamh-idirbhearta in airgeadra eachtrach a bhí gan íoc an 31 Nollaig 2023 (féach nóta 20 “Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbhearta”). Tháinig na hiarmhéideanna seo chun cinn ó chomhshó idirbheart dá leithéid ina gcoibhéis euro ag meánchostas an airgeadra faoi seach ar dháta an chláir chomhardaithe, i gcomparáid leis na luachanna euro a ndearnadh taifeadadh orthu ar dtús (féach “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

San áireamh sa mhír freisin tá dliteanas léasa dar luach €117 milliún (2022: €141 mhilliún) (féach “Léasanna” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”).

Chomh maith leis sin, san áireamh leis an mír seo tá glandliteanas sochair shainithe BCE i leith shochair iarfhostaíochta agus shochair fhadtéarmacha eile a fhoirne[45] agus chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin, chomh maith le comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE. San áireamh leis sin tá sochair foirceanta fhoireann BCE.

Sochair iarfhostaíochta BCE, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta

Clár comhardaithe
Bhí na méideanna a aithnítear sa chlár comhardaithe faoin mír “Ilghnéitheach” (dliteanais) i leith sochair iarfhostaíochta, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta de chuid na foirne[46] mar seo a leanas:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Oibleagáid sochair shainithe

2,458

35

2,493

1,947

31

1,978

Luach cóir na sócmhainní plean

(1,983)

-

(1,983)

(1,638)

-

(1,638)

Glandliteanas sochair shainithe san áireamh faoi “Ilghnéitheach” (dliteanais)

475

35

510

309

31

340

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

San áireamh i luach láithreach na hoibleagáide sochair shainithe vis-à-vis an fhoireann dar luach €2 458 milliún (2022: €1 947 milliún) in 2023 bhí sochair neamh‑mhaoinithe dar luach €278 milliún (2022: €233 mhilliún) maidir le sochair iarfhostaíochta seachas pinsin agus sochair fhadtéarmacha eile. Maidir leis an luach láithreach den oibleagáid sochair shainithe vis-à-vis comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta dar luach €35 mhilliún (2022: €31 mhilliún), ní bhaineann sé ach le socruithe neamh-mhaoinithe atá i bhfeidhm le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile.

Tugtar aitheantas don atomhas ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta sa chlár comhardaithe faoin mír dhliteanais “Cuntais athluachála”. In 2023, ba é €238 milliún (2022: €369 milliún) luach na ngnóthachan atomhais faoin mír dhliteanais sin (féach nóta 15 “Cuntais athluachála”).

Athruithe san oibleagáid sochair shainithe, sócmhainní plean agus torthaí atomhais
Bhí na hathruithe i luach reatha na hoibleagáide sochair shainithe mar seo a leanas:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Oibleagáid sochair shainithe tosaigh

1,947

31

1,978

3,165

43

3,209

Costas seirbhíse reatha

101

2

103

164

4

168

Costais úis ar an oibleagáid

77

1

79

42

1

42

Ranníocaíochtaí a d’íoc rannpháirtithe plean1

36

0

36

40

0

41

Sochair íoctha

(30)

(3)

(33)

(38)

(2)

(40)

(Gnóthachain)/caillteanais atomhais

327

4

331

(1,426)

(16)

(1,441)

Oibleagáid sochair shainithe deiridh

2,458

35

2,493

1,947

31

1,978

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta.
1) An glanfhigiúr lena n-áirítear ranníocaíochtaí éigeantacha agus aistrithe isteach i bpleananna agus amach as pleananna. Is iad na ranníocaíochtaí éigeantacha a d’íoc an fhoireann 7.4%, le hais 20.7% a íocann BCE den bhuntuarastal.

Na gnóthachain atomhais iomlána €331 mhilliún ar an oibleagáid sochair shainithe in 2023, tháinig siad chun cinn go príomha mar thoradh ar an laghdú ar an ráta lascaine a úsáideadh don luacháil achtúireach ó 3.9% in 2022 go 3.4% in 2023.

Bhí na hathruithe ar luach cóir na sócmhainní plean agus sa cholún sochair shainithe i leith na foirne mar seo a leanas:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Luach cóir tosaigh na sócmhainní plean

1,638

1,749

Ioncam úis ar shócmhainní plean

66

23

Gnóthachain/(caillteanais) atomhais

189

(228)

Ranníocaíochtaí a d’íoc an fostóir

75

71

Ranníocaíochtaí a d’íoc páirtithe plean

36

40

Sochair íoctha

(20)

(18)

Luach cóir deiridh na sócmhainní plean

1,983

1,638

Léirigh na gnóthachain atomhais maidir le sócmhainní plean in 2023 gurbh airde an toradh iarbhír ar na haonaid mhaoinithe ná an t-ioncam úis gafa ar shócmhainní plean, rud a bhí bunaithe ar an toimhde ráta lascaine 3.9%.

Bhí athruithe na dtorthaí atomhais mar seo a leanas:

2023
€ milliúin 

2022
€ milliúin

Gnóthachain/(caillteanais) atomhais tosaigh

369

(799)

Ranníocaíochtaí ó BCNanna a théann isteach sa Eurochóras1

3

-

Gnóthachain/(caillteanais) ar shócmhainní plean

189

(228)

Gnóthachain/(caillteanais) ar oibleagáid

(331)

1,441

(Gnóthachain)/caillteanais a aithnítear sa chuntas brabúis agus caillteanais

8

(45)

Gnóthachain atomhais deiridh a áirítear faoi “Cuntais athluachála”

238

369

1) Nuair a ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair, ranníoc Hrvatska narodna banka le hiarmhéideanna chuntais athluachála go léir BCE an 31 Nollaig 2022 lenar áiríodh freisin na gnóthachain atomhais a bhí amuigh an dáta sin.

Cuntas brabúis agus caillteanais
Bhí na méideanna a aithníodh sa chuntas brabúis agus caillteanais mar seo a leanas:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Baill Foirne

Boird

Iomlán

Costas seirbhíse reatha

101

2

103

164

4

168

Ús glan ar an nglandliteanas sochair shainithe

12

1

13

19

1

19

Costais úis ar an oibleagáid

77

1

79

42

1

42

Ioncam úis ar shócmhainní plean

(66)

-

(66)

(23)

-

(23)

(Gnóthachain)/caillteanais atomhais ar
shochair fhadtéarmacha eile agus ar shochair foirceanta

8

(0)

8

(44)

(0)

(45)

An t-iomlán san áireamh i “Costais Foirne”

121

3

124

138

5

142

Nóta: Is iad na colúin a bhfuil “Boird” orthu a thuairiscíonn méideanna i leith an Bhoird Feidhmiúcháin agus an Bhoird Maoirseachta araon.

Na méideanna a aithnítear sa chuntas brabúis agus caillteanais le haghaidh an chostais seirbhíse reatha, costas úis ar an oibleagáid agus ioncam úis ar shócmhainní plean, déantar iad a mheas de réir na rátaí a bhí i bhfeidhm an bhliain roimhe sin. An ráta lascaine a úsáideadh le haghaidh na luachála achtúirí, tháinig ardú air ó 1.3% in 2021 go 3.9% in 2022, agus bhí mar thoradh air sin in 2023 (i) costas seirbhíse reatha níos ísle, (ii) costas úis níos airde ar an oibleagáid, agus (iii) ioncam úis níos airde ar shócmhainní plean.

Na hatomhais ar shochair fhadtéarmacha eile agus ar shochair foirceanta, aithnítear iad i gcuntas brabúis agus caillteanais na bliana reatha, agus léirítear na rátaí is infheidhme maidir leis an luacháil. Dá bhrí sin, bhí mar thoradh ar an ráta lascaine níos ísle 3,4 % a úsáideadh le haghaidh na luachála achtúirí ag deireadh 2023 caillteanas atomhais a aithnítear an bhliain sin.

Príomhthoimhdí
Agus na hachtúirí neamhspleácha ag ullmhú na luachálacha dá dtagraítear sa nóta seo, bhain siad úsáid as toimhdí ar ghlac an Bord Feidhmiúcháin leo chun críocha cuntasaíochta agus nochta. Na príomhthoimhdí a úsáideadh chun an dliteanas a ríomh le haghaidh sochair iarfhostaíochta agus sochair fhadtéarmacha eile, ba mar seo a leanas iad:

2023
%

2022
%

Ráta lascaine

3.40

3.90

Toradh ionchasach ar shócmhainní plean1

5.30

4.90

Méaduithe ginearálta ar thuarastal amach anseo2

2.00

2.00

Méaduithe ar phinsin amach anseo3

1.70

1.70

1) Baineadh úsáid as na toimhdí seo chun an chuid d’oibleagáid sochair shainithe BCE a mhaoiníonn sócmhainní a bhfuil ráthaíocht chaipitil acu a ríomh.
2) Ina theannta sin, cuirtear méaduithe tuarastail aonair ionchasacha san áireamh suas le 1.8% sa bhliain, ag brath ar aois na rannpháirtithe plean.
3) De réir rialacha an phlean phinsin de chuid BCE, méadófar na pinsin go bliantúil. Má bhíonn athruithe tuarastail ginearálta fhostaithe BCE faoi bhun an bhoilscithe praghsanna, beidh aon mhéadú ar phinsin de réir athruithe tuarastail ginearálta. Má théann na hathruithe tuarastail ginearálta os cionn boilsciú praghsanna, cuirfear i bhfeidhm iad chun méadú na bpinsean a fáil amach, ar choinníoll gur féidir le staid airgeadais phleananna pinsean BCE a leithéid de mhéadú a sheasamh.

Nóta 14 – Soláthairtí

Áiríodh leis an mír seo an 31 Nollaig 2023 soláthairtí riaracháin dar luach €67 milliún (2022: €69 milliún). Ag deireadh 2022, áiríodh leis an mír seo freisin soláthar maidir le rioscaí airgeadais dar luach €6 566 mhilliún. Nuair a ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair, ranníoc Hrvatska narodna banka €53 mhilliún leis an soláthar sin le héifeacht ón 1 Eanáir 2023[47], rud a mhéadaigh a luach go €6 620 milliún.

Déantar athbhreithniú ar mhéid agus ar riachtanas reatha an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais go bliantúil, bunaithe ar mheasúnú BCE ar a neamhchosaint ar na rioscaí céanna agus réimse fachtóirí á gcur san áireamh. Ní féidir lena mhéid, in éineacht le haon mhéid a choinnítear sa chúlchiste ginearálta, a bheith níos mó ná luach chaipiteal BCE a íocann BCNanna an limistéir euro. Is é is cuspóir don soláthar seo ná go n-úsáidfear é a mhéid a mheasann an Chomhairle Rialaithe gá a bheith leis chun caillteanais a eascraíonn as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais a fhritháireamh. Ag deireadh 2023 scaoileadh an soláthar sin ina iomláine chun caillteanais a chumhdach a d’eascair as neamhchosaintí ar rioscaí airgeadais, rud a d’fhág go raibh caillteanas €1 266 mhilliún ar BCE don bhliain. Tháinig na caillteanais go príomha as an méadú ar an ráta úis a d’úsáid an tEurochóras ina thairiscintí le haghaidh príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin as ar lean speansas suntasach úis a d’eascair as glandliteanas TARGET BCE (féach nóta 23.4 “Ioncam úis eile; agus speansas úis eile”).

Mar thoradh ar scaoileadh iomlán an tsoláthair sin le haghaidh rioscaí airgeadais, ba é nialas a mhéid an 31 Nollaig 2023. Féadfaidh an Chomhairle Rialaithe a chinneadh an soláthar le haghaidh rioscaí airgeadais a athshlánú, i gcomhthéacs an athbhreithnithe bhliantúil, nuair a fhillfidh BCE ar bhrabús.

Nóta 15 – Cuntais athluachála

Sa mhír seo, den chuid is mó, tá iarmhéideanna athluachála a eascraíonn as gnóthachain neamhréadaithe ar shócmhainní, ar dhliteanais agus ar ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe (féach “Aithint ioncaim”, “Sócmhainní agus dliteanais óir agus airgeadra eachtraigh”, “Urrúis” agus “Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta”). San áireamh leis sin freisin tá, atomhais ar ghlandliteanas sochair shainithe BCE i leith sochair iarfhostaíochta (féach “Sochair iarfhostaíochta, sochair fhadtéarmacha eile agus sochair foirceanta BCE” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” agus nóta 13.3 “Ilghnéitheach”).

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ór

26,622

23,794

2,827

Airgeadra eachtrach

9,842

12,305

(2,462)

Dollar SAM

9,624

11,225

(1,601)

Yen na Seapáine

206

977

(771)

Renminbi na Síne

9

47

(38)

Ceart Tarraingthe Speisialta

4

56

(52)

Eile

0

-

0

Urrúis agus ionstraimí eile

397

19

378

Glandliteanas sochair shainithe i leith sochair iarfhostaíochta

238

369

(131)

Iomlán

37,099

36,487

611

Tháinig méadú ar na cuntais athluachála in 2023 go príomha i ngeall ar an ardú ar phraghas margaidh an óir i dtéarmaí euro. De bhreis air sin, nuair a ghlac an Chróit an t-airgeadra aonair, ranníoc Hrvatska narodna banka €296 mhilliún leis na hiarmhéideanna sin le héifeacht ón 1 Eanáir 2023. Fritháiríodh an méadú sin go páirteach i ngeall ar laghdú ar mhéid na gcuntas athluachála airgeadra eachtraigh de bharr dhímheas dhollar na Stát Aontaithe agus yen na Seapáine in aghaidh an euro den chuid is mó.

Ba iad seo a leanas na rátaí malairte eachtraí a úsáideadh le haghaidh athluachála dheireadh na bliana:

Rátaí malairte

2023

2022

Dollar SAM in aghaidh an euro

1.1050

1.0666

Yen na Seapáine in aghaidh an euro

156.33

140.66

Renminbi na Síne in aghaidh an euro

7.8509

7.3582

An euro in aghaidh SDR

1.2157

1.2517

euro in aghaidh an unsa troí óir

1,867.828

1,706.075

Nóta 16 – Caipiteal agus cúlchistí

Nóta 16.1 – Caipiteal

Is ionann caipiteal suibscríofa BCE agus €10,825 milliún.

Ghlac an Chróit an t‑airgeadra aonair an 1 Eanáir 2023. I gcomhréir le hAirteagal 48.1 de Reacht CEBC, d’íoc Hrvatska narodna banka €69 milliún an 1 Eanáir 2023[48], agus ba é sin a raibh fágtha dá shuibscríobh caipitil le BCE. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar chaipiteal íoctha iomlán BCE ó €8,880 milliún an 31 Nollaig 2022 go €8,948 milliún an 1 Eanáir 2023, mar a léirítear sa tábla thíos.

Ón 1 Eanáir 2023

An 31 Nollaig 2022

Scála caipitil
%

Caipiteal suibscríofa
€ milliúin

Caipiteal íoctha
€ milliúin

Scála caipitil
%

Caipiteal suibscríofa
€ milliúin

Caipiteal íoctha
€ milliúin

Nationale Bank van België/
Banque Nationale de Belgique (an Bheilg)

2.9630

321

321

2.9630

321

321

Deutsche Bundesbank (an Ghearmáin)

21.4394

2,321

2,321

21.4394

2,321

2,321

Eesti Pank (an Eastóin)

0.2291

25

25

0.2291

25

25

Banc Ceannais na hÉireann (Éire)

1.3772

149

149

1.3772

149

149

Banc na Gréige (an Ghréig)

2.0117

218

218

2.0117

218

218

Banco de España (an Spáinn)

9.6981

1,050

1,050

9.6981

1,050

1,050

Banque de France (an Fhrainc)

16.6108

1,798

1,798

16.6108

1,798

1,798

Hrvatska narodna banka (an Chróit)

0.6595

71

71

-

-

-

Banca d’Italia (an Iodáil)

13.8165

1,496

1,496

13.8165

1,496

1,496

Banc Ceannais na Cipire (an Chipir)

0.1750

19

19

0.1750

19

19

Latvijas Banka (an Laitvia)

0.3169

34

34

0.3169

34

34

Lietuvos bankas (an Liotuáin)

0.4707

51

51

0.4707

51

51

Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg)

0.2679

29

29

0.2679

29

29

Banc Ceannais Mhálta (Málta)

0.0853

9

9

0.0853

9

9

De Nederlandsche Bank
(An Ísiltír)

4.7662

516

516

4.7662

516

516

Oesterreichische Nationalbank (an Ostair)

2.3804

258

258

2.3804

258

258

Banco de Portugal (an Phortaingéil)

1.9035

206

206

1.9035

206

206

Banka Slovenije (an tSlóivéin)

0.3916

42

42

0.3916

42

42

Národná banka Slovenska (an tSlóvaic)

0.9314

101

101

0.9314

101

101

Suomen Pankki – Banc na Fionlainne (an Fhionlainn)

1.4939

162

162

1.4939

162

162

Fo-iomlán le haghaidh NCBanna sa limistéar euro

81.9881

8,875

8,875

81.3286

8,804

8,804

Българска народна банка
(Banc Náisiúnta na Bulgáire) (an Bhulgáir)

0.9832

106

4

0.9832

106

4

Česká národní banka (Poblacht na Seice)

1.8794

203

8

1.8794

203

8

Danmarks Nationalbank (an Danmhairg)

1.7591

190

7

1.7591

190

7

Hrvatska narodna banka (an Chróit)

-

-

-

0.6595

71

3

Magyar Nemzeti Bank (an Ungáir)

1.5488

168

6

1.5488

168

6

Narodowy Bank Polski (an Pholainn)

6.0335

653

24

6.0335

653

24

Banca Naţională a României (an Rómáin)

2.8289

306

11

2.8289

306

11

Sveriges Riksbank (an tSualainn)

2.9790

322

12

2.9790

322

12

Fo-iomlán le haghaidh NCBanna nach bhfuil sa limistéar euro

18.0119

1,950

73

18.6714

2,021

76

Iomlán

100.0000

10,825

8,948

100.0000

10,825

8,880

Rinne BCNanna an limistéir euro a gcion de chaipiteal suibscríofa a íoc ina iomláine.

Ceanglaítear ar BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro 3.75% dá gcaipiteal suibscríofa a íoc mar ranníocaíocht do chostais oibriúcháin BCE. Níl NCBanna nach bhfuil sa limistéar euro i dteideal aon scair de bhrabúis indáilte BCE, ná níl aon dualgas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a chumhdach ach an oiread.

2.5 Ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

Nóta 17 – Cláir iasachtaithe urrús

Mar chuid de bhainistíocht chistí dílse BCE, tá comhaontú cláir iasachtaithe urrús i bhfeidhm ag BCE agus de réir an chomhaontaithe, téann institiúid speisialta in idirbhearta iasachtaithe urrús ar son BCE.

Ina theannta sin, i gcomhréir le cinntí na Comhairle Rialaithe, rinne BCE urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta a chur ar fáil lena n-iasachtú.[49]

Mura ndéantar na gníomhaíochtaí iasachtaithe urrús seo in aghaidh comhthaobhacht airgid a fhágtar gan a infheistiú ag deireadh na bliana, déantar taifead orthu i gcuntais lasmuigh den chlár comhardaithe.[50] Bhí gníomhaíochtaí iasachtaithe urrús den sórt sin, dar luach €32,791 mhilliún (2022: €11,569 milliún), gan íoc an 31 Nollaig 2023. Bhain €26,577 milliún den mhéid sin (2022: €6,637) le hiasachtú urrús arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta.

Nóta 18 – Todhchaíochtaí ráta úis

Bhí na hidirbhearta seo a leanas, a cuireadh i láthair ag ráta malairte eachtraí dheireadh na bliana, gan íoc:

Todhchaíochtaí ráta úis in airgeadra eachtrach

2023
Luach conartha
€ milliúin

2022
Luach conartha
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ceannacháin

2,207

692

1,515

Díolacháin

4,142

1,401

2,741

Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 19 – Réamh-idirbhearta in urrúis

Bhí na hidirbhearta seo a leanas, a cuireadh i láthair ag ráta malairte eachtraí dheireadh na bliana, gan íoc:

Réamh-idirbhearta in urrúis

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ceannacháin

45

-

45

Díolacháin

45

-

45

Rinneadh na hidirbhearta seo i gcomhthéacs bhainistíocht chúlchistí eachtracha BCE.

Nóta 20 – Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart

Cúlchistí eachtracha a bhainistiú
Rinneadh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbhearta a riar i gcomhthéacs cúlchistí eachtracha BCE a bhainistiú. Ba iad seo a leanas na héilimh agus na dliteanais de thoradh na n‑idirbheart sin a cuireadh i láthair ag ráta malairte eachtraí dheireadh na bliana:

Babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh-idirbheart

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Éilimh

2,778

3,269

(491)

Dliteanais

2,901

3,541

(639)

Línte babhtála a chruthaíonn leachtacht
Tá BCE mar chuid de líonra líne babhtála de bhainc cheannais agus tá socruithe babhtála cómhalartacha i bhfeidhm aige le Banc Cheanada, Banc Shasana, Banc na Seapáine, an Córas Cúlchiste Feidearálach agus Banc Náisiúnta na hEilvéise. Tá líne babhtála cómhalartaí aige freisin le Daonbhanc na Síne. Cumasaíonn na línte babhtála sin soláthar (i) leachtachta in aon airgeadra de chuid na mbanc ceannais thuasluaite chuig bainc sa limistéar euro nó (ii) leachtachta euro chuig institiúidí airgeadais i ndlínsí na mbanc ceannais thuasluaite. Ina theannta sin, tá línte babhtála i bhfeidhm freisin le Nationalbank Danmarks, Narodowy Bank Polski agus Sveriges Riksbank chun leachtacht euro a sholáthar d’institiúidí airgeadais ina ndlínsí. Is é is aidhm do na socruithe thuas aghaidh a thabhairt ar riachtanais leachtachta a d’fhéadfadh a bheith ann chun cur i gcoinne mífheidhmiú a d’fhéadfadh a bheith sa mhargadh agus, ar an gcaoi sin, an baol go mbeidh éifeachtaí iarmhartacha díobhálacha ar mhargaí airgeadais agus ar gheilleagair an limistéir euro a íoslaghdú.[51]

Éilimh agus dliteanais atá ainmnithe i ndollar na Stát Aontaithe a bhfuil dáta aibíochta acu in 2024, tháinig siad chun cinn i ndáil le leachtacht dhollar na Stát Aontaithe a sholáthar do chontrapháirtithe an Eurochórais (féach nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”).

Nóta 21 – Riar oibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe

In 2023, lean BCE de bheith freagrach as riar cuntas agus próiseáil íocaíochtaí a bhaineann le hoibríochtaí iasachtaíochta agus iasachtaithe an Aontais faoin tsaoráid cúnaimh airgeadais mheántéarmaigh, faoin Sásra Cobhsaíochta Airgeadais Eorpach, agus as an gcomhaontú saoráide iasachta don Ghréig.

Mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, dheonaigh an tAontas iasachtaí do na Ballstáit faoina ionstraim le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE). Tháinig deireadh le hinfhaighteacht na hionstraime sin an 31 Nollaig 2022, ach bannaí d’aibíocht idir 5 bliana agus 30 bliain ar fhad a bhí sna heisiúintí lena mbaineann. Lean an tAontas in 2023 de bheith ag soláthar maoiniú do na Ballstáit i bhfoirm tacaíochta airgeadais neamh-inaisíoctha agus tacaíochta iasachta faoin gclár Next Generation EU (NGEU), a bunaíodh chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch san Aontas, agus chun aistriú glas agus digiteach gheilleagar an Aontais a éascú an tráth céanna. In 2023, thug an tAontas tacaíocht don Úcráin freisin i bhfoirm iasachtaí trí ionstraim nua cúnaimh macrairgeadais (MFA+). Thacaigh BCE leis an gCoimisiún Eorpach i riar na n-oibríochtaí a bhaineann leis na hionstraimí thuasluaite.

In 2023, phróiseáil BCE íocaíochtaí a bhaineann leis na hoibríochtaí thuasluaite go léir.

Nóta 22 - Dliteanais theagmhasacha ó chásanna dlí atá ar feitheamh

Comhdaíodh cásanna dlí i gcoinne BCE maidir lena fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú ar Banca Carige S.p.A. (Banca Carige). I gceann amháin de na himeachtaí sibhialta sin, lorgaíonn scairshealbhóirí Banca Carige cúiteamh airgeadais ó BCE as an díobháil a líomhnaítear a rinneadh mar thoradh ar ghníomhaíochtaí éagsúla de chuid BCE a bhaineann le feidhmiú a fheidhmeanna maoirseachta i leith Banca Carige agus arb éard atá iontu cásanna líomhnaithe neamhghníomhaíochta agus gníomhaíochtaí díobhálacha araon. Cinnfear an cás seo agus toradh deiridh cásanna gaolmhara eile, i measc fachtóirí eile, á chur san áireamh ann. I gceann amháin acu, mheas Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh, lena breithiúnas an 12 Deireadh Fómhair 2022, nach raibh bunús dlí iomchuí le dlí na hIodáile ag cinneadh BCE Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach. Dá réir sin, neamhnigh an Chúirt Ghinearálta cinneadh BCE Banca Carige a chur faoi riarachán sealadach chomh maith leis an gcéad síneadh ar ré an riaracháin shealadaigh in 2019. Rinne BCE achomharc ar bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, áfach, a fhéadfaidh fós an breithiúnas sin a chur ar ceal. Thairis sin, tá dhá chinneadh eile de chuid BCE lena gcuirtear síneadh leis an riarachán sealadach á gconspóid faoi láthair i gcaingean le haghaidh neamhniú, atá fós ar feitheamh.

2.6 Nótaí ar an gcuntas brabúis agus caillteanais

Nóta 23 - Glanioncam úis

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Glanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

2,382

798

1,583

Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

4,817

736

4,081

Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh

(1,335)

(201)

(1,133)

Glanspeansas úis eile

(13,057)

(433)

(12,624)

Glanioncam úis

(7,193)

900

(8,093)

Nóta 23.1 - Ioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

Áiríonn an mhír seo ioncam úis, glan ar speansas úis, i dtaca le glansócmhainní cúlchistí eachtracha BCE.

Taispeántar glanioncam/glanspeansas úis le haghaidh gach cineál ionstraime thíos:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Cuntais reatha

82

22

60

Taiscí margaí airgid

129

51

78

Comhaontuithe athcheannaigh

-

(0)

0

Comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais

271

148

122

Urrúis

1,745

513

1,232

Réamh-idirbhearta agus idirbhearta babhtála in airgeadraí eachtracha

155

64

91

Glanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

2,382

798

1,583

Ba é seo a leanas an glanioncam/glanspeansas úis in aghaidh an airgeadra eachtraigh:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Dollar SAM

2,298

771

1,527

Yen na Seapáine

(2)

(4)

2

Renminbi na Síne

13

14

(0)

Ceart Tarraingthe Speisialta

73

18

54

Glanioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

2,382

798

1,583

Nóta 23.2 — Ioncam úis a eascraíonn as leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

Is é atá san mhír seo, an t-ioncam úis a bhaineann le sciar 8% an Bhainc Ceannais Eorpaigh d’eisiúint iomlán nótaí bainc an euro (féach “Nótaí bainc i gcúrsaíocht” i Roinn 2.3 “Beartais Chuntasaíochta” agus nóta 5.1 “Éilimh a bhaineann le leithdháileadhnótaí bainc an euro laistigh den Eurochóras”). Ba é €4,817 milliún (2022: €736 mhilliún) luach an úis ioncaim in 2023. Bhí an méadú ar an ioncam sin ina thoradh ar an meánráta úis níos airde ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe seo (3,8% in 2023, i gcomparáid le 0,6% in 2022).

Nóta 23.3 — Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh

Nochtar an íocaíocht le BCNanna sa limistéar euro agus a n-éilimh i dtaca le sócmhainní cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig an mBanc Ceannais Eorpach (féach nóta 12.1 “Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha”) faoin gceannteideal seo. Ba é €1,335 mhilliún (2022: €201 mhilliún) luach an speansais úis in 2023. Bhí an méadú ar an luach saothair sin ina thoradh ar an meánráta úis níos airde ar na príomhoibríochtaí athmhaoinithe in 2023 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin (3.8% in 2023, i gcomparáid le 0.6% in 2022).

Nóta 23.4 – Ioncam úis eile; agus speansas úis eile

Mar seo a leanas a bhí an t-ioncam úis eile agus speansas úis eile:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Glanspeansas úis a eascraíonn as iarmhéideanna TARGET dlite ó/do BCNanna

(14,236)

(2,075)

(12,161)

Glanioncam/(glanspeansas) úis ar urrúis bheartais airgeadaíochta

3,467

1,534

1,933

CCBC1 agus CCBC2

-

2

(2)

CMU1

49

65

(16)

CCBC3

179

120

59

CCUSB

642

140

502

CCEP

1,997

1,310

686

CCÉP

600

(103)

703

Glanioncam/(glanspeansas) úis ar iasachtú urrús beartais airgeadaíochta2

(308)

80

(388)

Glanioncam úis ar chistí dílse

627

57

571

Glanspeansas úis ar thaiscí ar ghlac BCE leo ina ról mar ghníomhaire fioscach

(1,953)

(150)

(1,803)

Glanioncam/(glanspeansas) úis ar shócmhainní/dliteanais eile

(655)

121

(776)

Glanspeansas úis eile

(13,057)

(433)

(12,624)

1) Ba é €31 mhilliún (2022: €43 mhilliún) glanioncam úis BCE ar shealúchais CMU de bhannaí rialtais na Gréige.
2) Áirítear freisin leis an nglanioncam/(glanspeansas) úis ar iasachtú urrús beartais airgeadaíochta an t‑ioncam/(speansas) úis ar airgead a fuarthas mar chomhthaobhacht.

Nóta 24 - Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

Seo a leanas gnóthachain agus caillteanais réadaithe a d’eascair as oibríochtaí airgeadais:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Glanchaillteanais praghsanna réadaithe

(117)

(351)

234

Glanráta malairte réadaithe agus gnóthachain ar phraghas an óir

11

241

(230)

Glanchaillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais

(106)

(110)

4

Áirítear le glanchaillteanais praghsanna réadaithe gnóthachain agus caillteanais réadaithe ar urrúis agus todhchaíochtaí ráta úis. Na glanchaillteanais praghais réadaithe in 2023, tháinig siad chun cinn go príomha ón gcur chuige cuntasaíochta d’amúchadh préimhe agus lascaine a bhain le haisíocaíochtaí urrús a shealbhaítear in CCUSB.[52]

Taispeántar gnóthachain agus caillteanais réadaithe a eascraíonn as oibríochtaí airgeadais in aghaidh an airgeadra agus na ráithe thíos:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

R1

R2

R3

R4

Iomlán

R1

R2

R3

R4

Iomlán

Gnóthachain/(caillteanais) praghais réadaithe ghlana

Dollar SAM

41

22

(64)

(20)

(21)

(9)

(87)

(76)

(88)

(260)

Yen na Seapáine

(5)

4

(1)

(4)

(5)

(1)

(3)

1

(2)

(4)

Renminbi na Síne

0

0

0

(0)

0

2

2

2

0

6

Euro

(42)

(21)

(16)

(12)

(91)

(34)

(40)

(9)

(9)

(92)

Fo‑iomlán

(5)

4

(81)

(35)

(117)

(42)

(128)

(82)

(99)

(351)

Glanráta malairte réadaithe agus gnóthachain/(caillteanais) ar phraghas an óir

Dollar SAM

0

2

1

5

8

9

20

15

192

236

Yen na Seapáine

2

0

0

0

2

1

1

0

3

4

Renminbi na Síne

0

(0)

0

(0)

0

0

0

0

0

0

Eile

0

0

0

0

0

0

0

(0)

0

0

Fo‑iomlán

2

3

1

5

11

10

21

15

195

241

Iomlán

(3)

7

(80)

(30)

(106)

(32)

(107)

(67)

96

(110)

Nóta 25 - Díluacháil ar shócmhainní airgeadais agus ar shuíomhanna airgeadais

Mar seo a leanas a bhí na díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Caillteanais phraghais neamhréadaithe ar urrúis

(38)

(1,840)

1,802

Caillteanais ráta malairte neamhréadaithe

-

(0)

0

Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais

(38)

(1,840)

1,802

D’ísligh luach margaidh roinnt urrús a sealbhaítear i ndollar SAM agus i bpunanna cistí dílse, mar aon le méadú sna torthaí comhfhreagracha in 2023. Bhí caillteanais phraghais neamhréadaithe ag deireadh na bliana mar thoradh air seo. B’airde go mór na caillteanais sin in 2022 toisc gur tháinig méadú mór ar na torthaí comhfhreagracha, as ar tháinig laghdú mór ar luach margaidh thromlach na n‑urrús arna sealbhú sna punanna sin ag deireadh na bliana sin.

Nóta 26 — Glanioncam/glanspeansas ó tháillí agus ó choimisiúin

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ioncam ó tháillí agus ó choimisiúin

672

606

66

Speansais a bhaineann le táillí agus coimisiúin

(22)

(21)

(1)

Glanioncam ó tháillí agus ó choimisiúin

650

585

65

Táillí maoirseachta is mó atá san ioncam faoin gceannteideal seo. Táillí cumhdaigh is mó atá i gceist leis na speansais.

Ioncam agus speansas a bhaineann le cúraimí maoirseachta
Ioncam ó tháillí maoirseachta go príomha atá san ioncam a bhaineann le maoirseacht baincéireachta. Gearrann BCE táillí ar eintitis mhaoirsithe chun caiteachas a thabhaítear i ndéanamh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil. Bunaithe ar speansais bhliantúla iarbhír BCE arna dtabhú i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta baincéireachta, ba é €654 mhilliún an t-ioncam ó tháillí maoirseachta le haghaidh 2023 (2022: €594 mhilliún).

Chun méid na dtáillí maoirseachta atá le tobhach a chinneadh, déantar an caiteachas bliantúil iarbhír a choigeartú do mhéideanna a aisíocadh le bainc aonair/a fuarthas uathu le haghaidh tréimhsí táillí roimhe sin agus coigeartuithe eile, lena n‑áirítear ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha.[53] Agus coigeartú a chomhfhreagraíonn don ús a fuarthas ar íocaíochtaí déanacha chomh maith le glan-aisíocaíochtaí le bainc aonair ar feadh tréimhsí táillí roimhe seo á gcur san áireamh, is ionann na táillí maoirseachta bliantúla a ghearrfar ar na heintitis faoi mhaoirseacht don tréimhse táille 2023 agus méid beagnach comhionann leis na speansais bhliantúla iarbhír €654 mhilliún[54] (féach nóta 6.4 “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”). Déanfar na táillí maoirseachta aonair a shonrascadh sa dara ráithe de 2024.[55]

Tá BCE i dteideal freisin pionóis riaracháin a fhorchur ar eintitis faoi mhaoirseacht as dlí baincéireachta an Aontais is infheidhme maidir le ceanglais stuamachta (lena n‑áirítear cinntí maoirseachta BCE) a neamhchomhlíonadh. Ní dhéantar an t‑ioncam gaolmhar a mheas i ríomh táillí maoirseachta bliantúla, ná ní aisíoctar na pionóis sin i gcás ina ndéanfar cinntí smachtbhannaí roimhe sin a leasú nó a neamhniú. Ina ionad sin, déantar na suimeanna lena mbaineann a thaifeadadh i gcuntas brabúis agus caillteanais BCE. B’ionann an t-ioncam a eascraíonn as pionóis ar eintitis faoi mhaoirseacht agus €18 milliún in 2023 (2022: €12 mhilliún).

Mar sin, mar seo a leanas a bhí ioncam BCE ó thascanna maoirseachta:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Ioncam ó tháillí maoirseachta

654

594

60

Ioncam ó tháillí ó eintitis shuntasacha nó ó ghrúpaí suntasacha

626

567

59

Ioncam ó tháillí ó eintitis nach bhfuil chomh suntasach céanna nó ó ghrúpaí nach bhfuil chomh suntasach céanna

27

27

0

Pionóis riaracháin a forchuireadh

18

12

6

Ioncam a bhaineann le cúraimí maoirseachta baincéireachta

671

606

65

Speansais a bhaineann le maoirseacht ar bhaincéireacht ón maoirseacht dhíreach ar eintitis shuntasacha, an fhormhaoirseacht ar mhaoirseacht eintitis a bhfuil suntas níos lú ag baint leo agus déanamh tascanna cothrománacha agus seirbhísí speisialaithe. Is é atá iontu ná speansais dhíreacha de chuid fheidhm maoirseachta BCE agus na speansais ábhartha a eascraíonn as réimsí tacaíochta a theastaíonn chun freagrachtaí maoirseachta BCE a chomhlíonadh, a sheasann dá gcuid seirbhísí maidir le háitribh agus aiseanna; acmhainní daonna; teicneolaíocht faisnéise (TF); dlí, iniúchóireacht agus riarachán; cumarsáid agus aistriúchán; chomh maith le gníomhaíochtaí eile.

B’ionann na speansais iarbhír a bhaineann le cúraimí maoirseachta BCE, a aisghabhtar trí na táillí maoirseachta bliantúla le haghaidh 2023 agus €654 mhilliún (2022: €594 mhilliún). Na costais foirne níos airde in 2023 a spreag an méadú foriomlán. An bhliain roimhe sin, tháinig laghdú ar na costais foirne mar thoradh ar ghnóthachain achtúireacha a breithníodh i ndáil le sochair fhadtéarmacha eile i ngeall ar an ráta lascaine a bhí cuid mhór ní b’airde a úsáideadh le haghaidh na luachála achtúirí ag deireadh 2022[56]. In 2023, chuir meánlíon foirne ní b’airde ag obair le Maoirseacht Baincéireachta BCE agus coigeartuithe tuarastail freisin leis an ardú ar chostais foirne. Anuas ar na costais foirne níos airde, an filleadh ar leibhéil iomlána gníomhaíochta sa mhaoirseacht baincéireachta tar éis na paindéime, chuir sé freisin leis an méadú foriomlán ar speansais a bhain le cúraimí maoirseachta.

Nóta 27 - Ioncam ó ghnáthscaireanna agus ó leasanna rannpháirteachais

Léirítear an díbhinn €1 mhilliún in 2023 (2022: €1 mhilliún) a fuarthas ar scaireanna atá i seilbh BCE in BIS (féach nóta 6.2 “Sócmhainní airgeadais eile”) faoin gceannteideal seo.

Nóta 28 — Ioncam eile

Ba é €72 mhilliún an t-ioncam ilghnéitheach eile in 2023 (2022: €61 mhilliún), agus d’eascair sé go príomha as ranníocaíochtaí BCNanna rannpháirteacha le costais arna dtabhú ag BCE i ndáil le tionscadail CEBC agus seirbhísí atá á n-oibriú.

Nóta 29 — Costais foirne

Mar seo a leanas a bhí na costais foirne:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Tuarastail agus liúntais1

528

487

41

Árachas foirne

25

23

2

Sócmhainní iar-fhostaíochta, sócmhainní fadtéarmacha eile agus sócmhainní foirceanta

124

142

(19)

Costais foirne

676

652

25

1) Tá na tuarastail agus na liúntais múnlaithe den chuid is mó ar scéimeanna luach saothair an Aontais Eorpaigh agus d’fhéadfaí iad a chur i gcomparáid leo.

B’ionann meánlíon na bhfostaithe, arna léiriú i gcoibhéis lánaimseartha (FTEnna)[57], agus 4,222 (2022: 4,136), agus as sin is foireann bhainistíochta a bhí i gceist le 380 díobh (2022: 373).

Tháinig méadú ar thuarastail agus ar liúntais mar thoradh ar an líon níos airde foirne atá fostaithe ag BCE, sa mhaoirseacht baincéireachta go príomha, chomh maith leis na coigeartuithe tuarastail. Fritháiríodh an méadú sin i bpáirt le costais níos ísle i ndáil le sochair iarfhostaíochta a bhí mar thoradh, den chuid is mó, ar ráta lascaine níos airde a úsáideadh sa luacháil achtúireach chun an costas seirbhíse reatha le haghaidh 2023 a ríomh[58] (féach nóta 13.3 “Ilghnéitheach”).

Luach saothair na mBord Feidhmiúcháin agus Maoirseachta
Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus comhaltaí an Bhoird Maoirseachta a fhostaíonn BCE tuarastal bunúsach agus liúntas cónaithe. I gcás an Uachtaráin, cuirtear áit chónaithe ar fáil in ionad liúntais chónaithe. Faigheann comhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta liúntas ionadaíochta chomh maith. Ag brath ar na Coinníollacha Fostaíochta d’Fhoireann an Bhainc Ceannais Eorpaigh, d’fhéadfadh baill an dá bhord a bheith i dteideal liúntais teaghlaigh, leanaí, oideachais agus eile, ag brath ar a gcúinsí ar leith. Tá na tuarastail faoi réir cánach ar leas an Aontais Eorpaigh, chomh maith le hasbhaintí i dtaca le ranníocaíochtaí chuig na scéimeanna pinsin, leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí. Níl liúntais faoi réir cánach agus ní féidir pinsean a éileamh uathu.

In 2023, ba iad seo a leanas buntuarastail chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí an Bhoird Maoirseachta arna bhfostú ag BCE (i.e. seachas ionadaithe maoirseoirí náisiúnta):[59]

2023

2022

Christine Lagarde (Uachtarán)

444,984

427,560

Luis de Guindos Jurado (Leasuachtarán)

381,444

366,504

Philip R. Lane (Comhalta Boird)

317,856

305,400

Fabio Panetta (Comhalta Boird go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2023)

264,880

305,400

Isabel Schnabel (Comhalta Boird)

317,856

305,400

Frank Elderson (Comhalta Boird)

317,856

305,400

Piero Cipollone (Comhalta Boird ón 1 Samhain 2023)

52,976

-

Bord Feidhmiúcháin Iomlán

2,097,852

2,015,664

Iomlán an Bhoird Maoirseachta (comhaltaí atá fostaithe ag BCE)1

1,374,853

1,225,887

lena n‑áirítear:

Andrea Enria (Cathaoirleach an Bhoird Maoirseachta)

317,856

305,400

Iomlán

3,472,705

3,241,551

1) Áirítear san fhigiúr iomlán luach saothair Chathaoirleach an Bhoird Maoirseachta agus luach saothair ceathrar ionadaithe ón mBanc Ceannais Eorpach. Ní fhaigheann Frank Elderson aon luach saothair breise ina ról mar Leas‑Chathaoirleach ar an mBord Maoirseachta. Rinneadh difear do na méideanna iomlána le haghaidh 2022 mar gheall ar bhearna ama idir deireadh agus tús na dtéarmaí oifige, faoi seach, ag Pentti Hakkarainen agus ag a chomharba Anneli Tuominen, ach in 2023 bhí gach comhalta BCE den Bhord Maoirseachta in oifig i rith na bliana go léir.

B’ionann na liúntais iomlána a íocadh le comhaltaí an dá bhord agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €1,169,703 (2022: €1,110,618).

D’fhéadfaí íocaíochtaí idirthréimhseacha a íoc le hiarchomhaltaí de chuid an dá bhord le haghaidh tréimhse theoranta tar éis dheireadh a dtéarmaí oifige. B’ionann na híocaíochtaí d’iar-chomhaltaí an dá bhord, na liúntais ghaolmhara agus ranníocaíochtaí BCE i dtreo scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh agus árachais timpistí ar a son agus €365,864 in 2023 (2022: €742,892). Ba é ba chúis leis an laghdú ar na híocaíochtaí sin go príomha go raibh líon níos lú iarchomhaltaí boird á bhfáil in 2023 i gcomparáid le 2022.

B’ionann na híocaíochtaí a bhain le pinsin, lena n-áirítear liúntais iarfhostaíochta, agus na ranníocaíochtaí chuig scéimeanna leighis, cúraim fhadtéarmaigh, agus árachais timpistí le haghaidh iarchomhaltaí boird agus a gcleithiúnach agus €2,670,313 (2022: €1,095,737)[60].Áiríodh sa tsuim sin in 2023 íocaíocht chnapshuime ar dul ar scor d’iarchomhalta boird in ionad íocaíochtaí pinsin amach anseo.

Nóta 30 - Speansas riaracháin

Mar seo a leanas a bhí na speansais riaracháin:

2023
€ milliúin

2022
€ milliúin

Athrú
€ milliúin

Cíos, cothabháil maoine agus fóntais

52

54

(2)

Speansais a bhain leis an bhfoireann

67

60

7

Speansais a bhain le TF

137

138

(2)

Seirbhísí seachtracha

161

151

10

Speansais eile

64

57

7

Speansais riaracháin

481

460

20

Ba é ba chúis go príomha leis an méadú foriomlán ar chostais riaracháin in 2023 (i) speansais níos airde le haghaidh tacaíocht chomhairliúcháin sheachtrach i ndáil le gníomhaíochtaí cothabhála TF agus tionscadail Eurochórais (“Seirbhísí seachtracha”); (ii) filleadh ar leibhéal iomlán gníomhaíochta tar éis na paindéime, go háirithe sa mhaoirseacht baincéireachta; agus (iii) tionchar an bhoilscithe. Rinne an dá thoisc dheiridh sin difear do speansais éagsúla a thaifeadtar faoin mír seo.

Nóta 31 - Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

In 2023 b’ionann an speansas sin agus €9 milliún (2022: €9 milliún) Tháinig sé chun cinn den chuid is mó ó iompar trasteorann nótaí bainc euro idir clólanna nótaí bainc agus BCNanna, chun nótaí bainc nua a sheachadadh, agus idir BCNanna, chun ganntanais le stoic bharrachais a chúiteamh. Glacann BCE na costais seo go lárnach.

2.7 Teagmhais iarchláir chomhardaithe

Nóta 32 – Coigeartú gach 5 bliana ar scála caipitil BCE

De bhun Airteagal 29 de Reacht CEBC, déantar coigeartú gach 5 bliana ar na hualuithe a shanntar do BCNanna sa scála le haghaidh shuibscríobh chaipiteal BCE[61]. Rinneadh an cúigiú coigeartú den sórt sin tar éis bhunú BCE an 1 Eanáir 2024, mar a leanas:

Scála caipitil ón 1 Eanáir 2024
%

Scála caipitil an 31 Nollaig 2023
%

Nationale Bank van België/Banque Nationale de Belgique (an Bheilg)

3.0005

2.9630

Deutsche Bundesbank (an Ghearmáin)

21.7749

21.4394

Eesti Pank (an Eastóin)

0.2437

0.2291

Banc Ceannais na hÉireann (Éire)

1.7811

1.3772

Banc na Gréige (an Ghréig)

1.8474

2.0117

Banco de España (an Spáinn)

9.6690

9.6981

Banque de France (an Fhrainc)

16.3575

16.6108

Hrvatska narodna banka (an Chróit)

0.6329

0.6595

Banca d’Italia (an Iodáil)

13.0993

13.8165

Banc Ceannais na Cipire (an Chipir)

0.1802

0.1750

Latvijas Banka (an Laitvia)

0.3169

0.3169

Lietuvos bankas (an Liotuáin)

0.4826

0.4707

Banque centrale du Luxembourg (Lucsamburg)

0.2976

0.2679

Banc Ceannais Mhálta (Málta)

0.1053

0.0853

De Nederlandsche Bank (An Ísiltír)

4.8306

4.7662

Oesterreichische Nationalbank (an Ostair)

2.4175

2.3804

Banco de Portugal (an Phortaingéil)

1.9014

1.9035

Banka Slovenije (an tSlóivéin)

0.4041

0.3916

Národná banka Slovenska (an tSlóvaic)

0.9403

0.9314

Suomen Pankki – Banc na Fionlainne (an Fhionlainn)

1.4853

1.4939

Fo-iomlán le haghaidh BCNanna sa limistéar euro

81.7681

81.9881

Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire) (an Bhulgáir)

0.9783

0.9832

Česká národní banka (Poblacht na Seice)

1.9623

1.8794

Danmarks Nationalbank (an Danmhairg)

1.7797

1.7591

Magyar Nemzeti Bank (an Ungáir)

1.5819

1.5488

Narodowy Bank Polski (an Pholainn)

6.0968

6.0335

Banca Naţională a României (an Rómáin)

2.8888

2.8289

Sveriges Riksbank (an tSualainn)

2.9441

2.9790

Fo-iomlán le haghaidh BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro

18.2319

18.0119

Iomlán

100.0000

100.0000

Tionchar ar chaipiteal íoctha BCE
De bharr laghdú foriomlán 0,2200 pointe céatadáin ar ualú BCNanna an limistéir euro (le suibscríbhinní íoctha ina n‑iomláine) i gcaipiteal suibscríofa BCE €10 825 mhilliún, agus de bharr an mhéadaithe choibhéisigh ar ualú BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro (nach n‑íocann ach 3,75% dá suibscríbhinní), tháinig laghdú €23 mhilliún ar chaipiteal íoctha BCE an 1 Eanáir 2024.

Tionchar ar éilimh BCNanna coibhéiseach leis na sócmhainní cúlchistí eachtracha a aistríodh chuig BCE
De bhun Airteagal 30.2 de Reacht CEBC, socraítear ranníocaíochtaí BCNanna leis an aistriú sócmhainní cúlchistí eachtracha chuig BCE i gcomhréir lena scair i gcaipiteal suibscríofa BCE. Mar gheall ar an laghdú ar ualú BCNanna an limistéir euro (a d’aistrigh sócmhainní cúlchistí eachtracha chuig BCE) i gcaipiteal suibscríofa BCE, rinneadh an t‑éileamh atá coibhéiseach leis an aistriú sin a choigeartú freisin. Laghdú €109 milliún an 1 Eanáir 2024 an toradh a bhí air sin, agus aisíocadh é sin le BCNanna an limistéir euro.

2.8 Ráitis airgeadais 2019-23

2.8.1 Clár comhardaithe

SÓCMHAINNÍ

2019
€ milliúin

2020
€ milliúin

2021
€ milliúin

2022
€ milliúin

2023
€ milliúin

Ór agus infháltais óir

21,976

25,056

26,121

27,689

30,419

Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

51,188

45,971

51,433

55,603

55,876

Infháltais ó CAI

710

680

1,234

1,759

2,083

Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile

50,478

45,291

50,199

53,844

53,793

Éilimh ar chónaitheoirí sa limistéar euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

2,637

4,788

2,776

1,159

1,450

Éilimh ar chónaitheoirí nach bhfuil sa limistéar euro a ainmnítear in euro

-

1,830

3,070

-

-

Iarmhéideanna le bainc, infheistíochtaí urrúis agus iasachtaí

-

1,830

3,070

-

-

Éilimh eile ar institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

109

81

38

12

17

Urrúis chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in euro

250,377

349,008

445,384

457,271

425,349

Urrúis arna sealbhú chun críocha beartais airgeadaíochta

250,377

349,008

445,384

457,271

425,349

Éilimh in-Eurochórais

103,420

114,761

123,551

125,763

125,378

Éilimh a bhaineann le leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

103,420

114,761

123,551

125,763

125,378

Sócmhainní eile

27,375

27,797

27,765

31,355

34,739

Sócmhainní seasta láimhsithe agus doláimhsithe

1,330

1,262

1,189

1,105

1,023

Sócmhainní airgeadais eile

20,633

20,785

21,152

21,213

22,172

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

619

388

620

783

552

Fabhruithe agus speansais réamhíoctha

2,572

3,390

4,055

7,815

10,905

Ilghnéitheach

2,221

1,970

749

438

88

Caillteanas don bhliain

-

-

-

-

1,266

Iomlán na sócmhainní

457,082

569,292

680,140

698,853

674,496

DLITEANAIS

2019
€ milliúin

2020
€ milliúin

2021
€ milliúin

2022
€ milliúin

2023
€ milliúin

Nótaí bainc i gcúrsaíocht

103,420

114,761

123,551

125,763

125,378

Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro

1,325

2,559

9,473

17,734

4,699

Dliteanais do chónaitheoirí eile sa limistéar euro a ainmnítear in euro

20,466

13,700

7,604

63,863

20,622

Rialtas ginearálta

18,198

10,012

3,200

48,520

143

Dliteanais eile

2,268

3,688

4,404

15,343

20,479

Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro

7,245

11,567

112,492

78,108

23,111

Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach

-

-

-

-

24

Taiscí, iarmhéideanna agus dliteanais eile

-

-

-

-

24

Dliteanais in-Eurochórais

274,632

378,432

375,136

355,474

445,048

Dliteanais comhionann le haistriú cúlchistí eachtracha

40,344

40,344

40,344

40,344

40,671

Dliteanais eile laistigh den Eurochóras (glan)

234,288

338,088

334,792

315,130

404,377

Dliteanais eile

2,962

3,095

2,877

5,908

9,498

Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe

709

636

568

430

68

Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré

66

40

32

3,915

8,030

Ilghnéitheach

2,188

2,419

2,277

1,562

1,401

Forálacha

7,586

7,641

8,268

6,636

67

Cuntais athluachála

29,420

28,235

32,277

36,487

37,099

Caipiteal agus cúlchistí

7,659

7,659

8,270

8,880

8,948

Caipiteal

7,659

7,659

8,270

8,880

8,948

Brabús don bhliain

2,366

1,643

192

-

-

Iomlán na ndliteanas

457,082

569,292

680,140

698,853

674,496

Nóta: Na méideanna a léirítear faoi na fomhíreanna “Rialtas ginearálta” agus “Dliteanais eile” faoin mír “Dliteanais do chónaitheoirí eile an limistéir euro a ainmnítear in euro”, coigeartaíodh iad le haghaidh 2019 i gcomhréir leis an gcur chuige atá i bhfeidhm ó 2020 chun inchomparáideacht a áirithiú. Tá tuilleadh sonraí faoin athrú sin le fáil in “Athaicmithe” i Roinn 2.3 “Beartais chuntasaíochta” de Chuntais Bhliantúla BCE 2020.

2.8.2 Cuntas brabúis agus caillteanais

2019
€ milliúin

2020
€ milliúin

2021
€ milliúin

2022
€ milliúin

2023
€ milliúin

Ioncam úis ar shócmhainní cúlchistí eachtracha

1,052

474

197

798

2,382

Ioncam úis a eascraíonn ó leithdháileadh nótaí bainc euro laistigh den Eurochóras

-

-

-

736

4,817

Ioncam úis eile

1,828

1,844

1,531

11,001

56,552

Ioncam úis

2,879

2,318

1,728

12,536

63,751

Íocaíocht éilimh BCNanna maidir le cúlchistí eachtracha a aistríodh

-

-

-

(201)

(1,335)

Speansas úis eile

(193)

(301)

(162)

(11,434)

(69,609)

Speansas úis

(193)

(301)

(162)

(11,636)

(70,944)

Glanioncam úis

2,686

2,017

1,566

900

(7,193)

Gnóthachain/caillteanais réadaithe a eascraíonn ó oibríochtaí airgeadais

197

342

(6)

(110)

(106)

Díluachálacha ar shócmhainní agus staideanna airgeadais

(20)

(26)

(133)

(1,840)

(38)

Aistriú chuig/ó fhorálacha le haghaidh rioscaí airgeadais

84

(48)

(610)

1,627

6,620

Toradh glan ar oibríochtaí airgeadais, díluachálacha agus soláthar in aghaidh riosca

260

268

(749)

(322)

6,476

Glanioncam/glanspeansas ó tháillí agus ó choimisiúin

531

520

559

585

650

Ioncam ó scaireanna cothromais agus leasanna rannpháirteacha

1

-

2

1

1

Ioncam eile

43

37

56

61

72

Glanioncam iomlán

3,522

2,842

1,435

1,224

6

Costais foirne

(566)

(646)

(674)

(652)

(676)

Speansais riaracháin

(476)

(434)

(444)

(460)

(481)

Dímheas sócmhainní seasta inláimhsithe agus doláimhsithe

(102)

(106)

(108)

(103)

(106)

Seirbhísí táirgthe nótaí bainc

(12)

(14)

(13)

(9)

(9)

Speansais eile

-

-

(5)

-

-

Brabús/(caillteanas) don bhliain

2,366

1,643

192

-

(1,266)

Dáileadh brabúis

2,366

1,643

192

-

-

3 Tuarascáil iniúchóra neamhspleách

Chuig Uachtarán agus Comhairle Rialaithe
an Bhainc Ceannais Eorpaigh
Frankfurt am Main

Tuarascáil maidir leis an Iniúchadh ar Ráitis Airgeadais BCE 2023

Tuairim

Rinneamar iniúchadh ar Ráitis Airgeadais an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE) don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2023 – san áireamh i gCuntais Bhliantúla BCE – a chuimsíonn an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais, agus achoimre ar bheartais chuntasaíochta shuntasacha agus nótaí mínithe eile.

Dar linne, tugann na Ráitis Airgeadais lena ngabhann léargas fíor agus cothrom ar staid airgeadais BCE amhail an 31 Nollaig 2023 agus ar thorthaí a oibríochtaí airgeadais le haghaidh na bliana a chríochnaigh ansin i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaigh an Chomhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 ar chuntais bhliantúla BCE (BCE/2016/35), arna leasú, rud atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 maidir leis an gcreat dlíthiúil i dtaca le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34), arna leasú.

Bonn na Tuairime

Rinneamar ár n-iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta (“ISAnna”). Déantar cur síos mionsonraithe ar ár bhfreagrachtaí faoi na caighdeáin sin faoin mír Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais inár dtuarascáil. Táimid neamhspleách ar BCE de réir na gceanglas eiticiúil Gearmánach atá ábhartha lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, atá ag teacht leis an gCód Eitice le haghaidh Cuntasóirí Gairmiúlade chuid an Bhoird Idirnáisiúnta Caighdeán Eitice le haghaidh Cuntasóirí agus chomhlíonamar ár bhfreagrachtaí eiticiúla i gcomhréir leis na ceanglais sin. Creidimid go bhfuil an fhianaise iniúchta a fuaireamar dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim.

Faisnéis Eile

Tá Bord Feidhmiúcháin BCE freagrach as an bhfaisnéis eile a chuirtear ar fáil i gCuntais Bhliantúla BCE. Is éard atá san fhaisnéis eile ná an fhaisnéis uile atá san áireamh i dTuarascáil Bhliantúil BCE seachas Ráitis Airgeadais BCE agus an tuarascáil iniúchóra dár gcuid.

Ní chuimsíonn ár dtuairim ar na Ráitis Airgeadais an fhaisnéis eile agus ní léirímid aon chineál tátail dheimhnithe maidir leis an bhfaisnéis sin.

Maidir lenár n-iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais, tá sé de fhreagracht orainn an fhaisnéis eile a léamh agus, é sin ar bun againn, an méid seo a leanas a mheas: an bhfuil an fhaisnéis eile neamhréireach go hábhartha leis na Ráitis Airgeadais nó leis an eolas a fuaireamar san iniúchadh, nó an léir go bhfuil sí míshonraithe go hábhartha ar shlí eile?

Freagrachtaí an Bhoird Feidhmiúcháin agus iad siúd a raibh dualgas orthu maidir le Rialachas i gcomhair na Ráiteas Airgeadais

Tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as ullmhú agus as cur i láthair cóir na Ráiteas Airgeadais i gcomhréir leis na prionsabail a bhunaigh an Chomhairle Rialaithe, a leagtar síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 ar chuntais bhliantúla BCE (BCE/2016/35), arna leasú, rud atá bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de chuid BCE ar an 3 Samhain 2016 maidir leis an gcreat dlíthiúil i dtaca le cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34), arna leasú, agus le haghaidh an rialaithe inmheánaigh sin a chinneann an Bord Feidhmiúcháin a bheith riachtanach i dtaca le Ráitis Airgeadais nach bhfuil míráitis ábhartha iontu, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, a ullmhú.

Agus na Ráitis Airgeadais á n-ullmhú, tá an Bord Feidhmiúcháin freagrach as cumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach a mheas, as nithe a bhaineann le gnóthas leantach a nochtadh, de réir mar is infheidhme, agus as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh a úsáid.

Tá na daoine siúd a raibh dualgas an rialachais orthu freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar phróiseas tuairiscithe airgeadais BCE.

Freagrachtaí an Iniúchóra maidir leis an Iniúchadh ar na Ráitis Airgeadais

Is iad ár spriocanna ná dearbhú réasúnta a fháil cibé an bhfuil nó nach bhfuil na Ráitis Airgeadais saor ó mhíráitis ábhartha san iomlán, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, agus tuarascáil iniúchóra a eisiúint a bhfuil ár dtuairim san áireamh ann. Is ardleibhéal dearbhuithe é dearbhú réasúnta, ach ní gealltanas atá ann go n-aimseoidh iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta míráiteas ábhartha i gcónaí más ann dó. Féadfaidh míráitis eascairt as calaois nó earráid agus meastar go bhfuil siad ábhartha i gcás ina bhféadfaí a bheith ag súil leis le réasún go n-imreoidís tionchar, ar bhonn aonair nó ar bhonn comhiomláin, ar chinntí eacnamaíocha na n-úsáideoirí a dhéantar ar bhonn na Ráiteas Airgeadais seo.

Mar chuid d’iniúchadh i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Iniúchóireachta, bainimid leas as breithiúnas gairmiúil agus coinnímid amhras gairmiúil i bpleanáil agus i ndéanamh an iniúchta síos tríd. Ina theannta sin:

  • Aithnímid agus measaimid na rioscaí a bhaineann le míráiteas ábhartha sna Ráitis Airgeadais, bíodh sin de dheasca calaoise nó earráide, dearaimid agus cuirimid nósanna imeachta iniúchta i gcrích a mbíonn aird acu ar na rioscaí sin, agus faighimid fianaise iniúchta atá dóthanach agus cuí chun bunús a thabhairt lenár dtuairim. Is mó an riosca nach mbraithfí míráiteas ábhartha a eascraíonn as calaois ná an riosca nach mbraithfí míráiteas ábhartha a eascraíonn as earráid, toisc go bhféadfadh claonpháirteachas, brionnú, easnaimh d'aon turas, mífhaisnéisí nó sárú ar rialú inmheánach a bheith i gceist le calaois.
  • Faighimid tuiscint ar rialú inmheánach a bhaineann leis an iniúchadh ar mhaithe le nósanna imeachta iniúchta a dhearadh atá cuí sna cúinsí ar leith, agus ní ar mhaithe le tuairim a nochtadh faoi éifeachtacht rialú inmheánach BCE.
  • Déanaimid measúnú ar oiriúnacht na mbeartas cuntasaíochta a úsáideadh agus ar réasúnacht na meastachán cuntasaíochta agus na nochtuithe gaolmhara arna soláthar ag an mbainistíocht.
  • Tagaimid ar chonclúid maidir le cé chomh hoiriúnach agus a bhí an úsáid a bhain an bhainistíocht as bonn cuntasaíochta an ghnóthais leantaigh agus, bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear, cinnimid cé acu atá nó nach bhfuil neamhchinnteacht ábhartha ann a bhaineann le himeachtaí nó coinníollacha a d'fhéadfadh amhras suntasach a tharraingt ar chumas BCE leanúint ar aghaidh mar ghnóthas leantach. Má thagaimid ar chonclúid gur ann do neamhchinnteacht ábhartha, tá dualgas orainn béim a leagan air inár dtuarascáil iniúchóra maidir leis na nochtuithe a bhaineann leis sna Ráitis Airgeadais nó, murar leor nochtuithe dá leithéid, ár dtuairim a mhionathrú. Tá ár gcuid conclúidí bunaithe ar an bhfianaise iniúchta a fhaightear suas go dtí dáta ár dtuarascála iniúchóra.
  • Déanaimid measúnú ar chur i láthair, ar leagan amach agus ar ábhar iomlán na Ráiteas Airgeadais, lena n-áirítear na nochtuithe, agus measaimid cé acu a chuireann nó nach gcuireann na Ráitis Airgeadais na hidirbhearta agus na himeachtaí is bun leo in iúl ar bhealach a bhaineann cur i láthair cothrom amach.

Tá dualgas orainn raon feidhme agus tráth beartaithe an iniúchta agus torthaí suntasacha an iniúchta, lena n-airítear aon difríochtaí suntasacha i rialú inmheánach a aithnímid i gcaitheamh ár n-iniúchta, a chur in iúl dóibh siúd a bhfuil dualgas rialachais orthu.

Frankfurt am Main, an 14 Feabhra 2024

Baker Tilly GmbH & Co. KG
Wirtschaftsprüfungsgesellschaft
(Düsseldorf)


An Dr Stefan Wolfgang Fischer
Wirtschaftsprüfer


Maria Brück
Wirtschaftsprüferin

4 Nóta maidir le dáileadh brabúis/leithdháileadh caillteanas

Ní cuid de ráitis airgeadais BCE don bhliain 2023 an nóta seo.

De bhun Airteagal 33 de Reacht CEBC, aistreofar glanbhrabús BCE san ord seo a leanas:

  1. aistreofar suim a chinnfidh an Chomhairle Rialaithe, nach mbeidh níos mó ná 20% den ghlanbhrabús i gceist leis, chuig an gcúlchiste ginearálta, faoi réir teorainn cothrom le 100% an chaipitil; agus
  2. dáilfear an glanbhrabús atá fágtha ar scairshealbhóirí BCE i gcomhréir lena scaireanna íoctha.[62]

Sa chás go dtabhaíonn BCE caillteanas, d’fhéadfaí an ganntanas a fhritháiriú in aghaidh chúlchiste ginearálta BCE agus, más gá, i ndiaidh cinneadh de chuid na Comhairle Rialaithe, in aghaidh ioncam airgeadaíochta na bliana airgeadais ábhartha i gcomhréir agus suas leis na méid a leithdháileadh ar na bainc cheannais náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 32.5 de Reacht CEBC.[63]

Ba é €1,266 mhilliún (2022: nialas) caillteanas BCE le haghaidh 2023, tar éis scaoileadh iomlán an tsoláthair le haghaidh rioscaí airgeadais. Tar éis cinneadh ón gComhairle Rialaithe, tabharfar anonn an caillteanas sin ar chlár comhardaithe BCE agus déanfar é a fhritháireamh in aghaidh brabús amach anseo.

© An Banc Ceannais Eorpach, 2024

Seoladh poist 60640 Frankfurt am Main, An Ghearmáin
Guthán +49 69 1344 0
Suíomh Gréasáin www.ecb.europa.eu

Gach ceart ar chosaint. Ceadaítear atáirgeadh ar mhaithe le hoideachas agus le cúiseanna nach mbaineann le tráchtáil a fhad is go dtugtar aitheantas don fhoinse.

Tá téarmaíocht ar leith ar fáil ó ghluais BCE (ar fáil i mBéarla amháin).

HTML ISBN 978-92-899-6637-5, ISSN 2811-7611, doi:10.2866/032155, QB-BS-24-001-GA-Q


  1. I rith an doiciméid seo, is féidir nach suimeoidh na huimhreacha a chuirtear i láthair go beacht go dtí na hiomláin agus is féidir nach léireoidh na céatadáin go beacht na figiúir absalóideacha mar gheall ar shlánú.

  2. Is éard atá sna “ráitis airgeadais” an clár comhardaithe, an cuntas brabúis agus caillteanais agus na nótaí lena mbaineann. Is éard atá sna “Cuntais Bhliantúla” na ráitis airgeadais, an tuarascáil bhainistíochta, tuarascáil an iniúchóra neamhspleách agus an nóta ar dháileachán brabúis/leithdháileadh caillteanas. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar na próisis ullmhaithe agus faofa gaolmhara ar shuíomh gréasáin BCE.

  3. Bhí 20 cinn de BCNanna san Eurochóras in 2023.

  4. Leagan comhdhlúite den Chonradh maidir le Feidhmiú an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  5. Prótacal (Uimh 4) ar Chonradh ar Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 230). Is éard atá sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC) BCE agus BCNanna na 27 mBallstát AE uile.

  6. Is éard atá in CCS an tríú clár ceannaigh bannaí faoi chumhdach (CCBC3), clár ceannaigh urrús sócmhainn-bhunaithe (CCUSB), clár ceannaigh na hearnála poiblí (CCEP) agus clár ceannaigh na hearnála corparáidí (CCEC). Ní fhaigheann BCE urrúis faoi CCEC. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar na próisis CCS ar shuíomh gréasáin BCE.

  7. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE.

  8. Eascraíonn amúchadh ón bprionsabal cuntasaíochta faoina gceanglaítear urrús a athluacháil in airde nó in ísleacht le himeacht ama i dtreo a ndáta aibíochta ag brath ar cibé acu ar ceannaíodh iad ag praghsanna faoi bhun a aghaidhluacha nó os a chionn.

  9. Chun tuilleadh sonraí a fháil, féach an phreaseisiúint an 14 Nollaig 2023 ar chinntí na Comhairle Rialaithe.

  10. Is féidir teacht ar shrianta aibíochta do CCS agus CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE.

  11. San áireamh sna sealúchais seo tá sócmhainní a chuimsítear faoi na míreanna den chlár comhardaithe “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach – Iarmhéideanna le bainc agus infheistíochtaí urrúis, iasachtaí seachtracha agus sócmhainní seachtracha eile” agus “Éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”.

  12. I gcomhréir le moltaí an Tascfhórsa um Nochtadh Airgeadais a bhaineann leis an Aeráid, d’fhoilsigh BCE na chéad nochtuithe airgeadais a bhaineann leis an aeráid i ndáil lena chistí dílse agus a phunanna pinsean ar shuíomh gréasáin BCE i mí an Mhárta 2023, agus d’fhógair sé go nochtfaidh sé faisnéis a bhaineann leis an aeráid faoi na punanna sin gach bliain.

  13. Déantar speansais a thabhaíonn BCE i gcomhlíonadh a chúraimí maoirseachta a aisghabháil trí tháillí maoirseachta bliantúla arna thobhach ar eintitis mhaoirsithe. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.

  14. I gcomhréir le hAirteagal 21 de Reacht CEBC, d’fhéadfadh BCE feidhmiú mar ghníomhaire fioscach d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí nó gníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh, rialtais láir, údaráis réigiúnacha, áitiúla nó údaráis phoiblí eile, comhlachtaí eile rialaithe ag an dlí poiblí, nó gnóthais phoiblí de chuid na mBallstát.

  15. Sa roinn seo, áirítear le “Cuntais athluachála” gnóthachain athluachála iomlána ar ór, sealúchais airgeadra agus urrús eachtracha, ach ní áirítear an cuntas athluachála le haghaidh sochair iarfhostaíochta.

  16. Is sainmhíniú é seo a úsáidtear chun Cuntais Bhliantúla BCE a ullmhú agus chun na críche sin amháin.

  17. Cuirtear Ioncam ó tháillí maoirseachta san áireamh faoi “Ioncam agus speansais eile” (Cairt 13).

  18. Sainmhínítear EI mar chaillteanas meánach arna ualú de réir dóchúlachta a tharlaíonn sa chás is measa (1-p)%, mar a sheasann p don leibhéal muiníne.

  19. Is féidir tuilleadh sonraí ar an gcur chuige samhaltúcháin in The financial risk management of the Eurosystem’s monetary policy operations [Bainistíocht riosca oibríochtaí beartais airgeadaíochta an Eurochórais], BCE, Iúil 2015.

  20. Rinneadh torthaí na tástála struis ar shealúchais bannaí corparáide a ionchorprú sna nochtaí a bhaineann leis an aeráid ar shealúchais bannaí corparáideacha BCNanna sa limistéar euro faoi CCEC agus CCÉP, agus thosaigh BCE á bhfoilsiú go bliantúil ó mhí an Mhárta 2023. Tá tuilleadh sonraí le fáil in Climate-related financial disclosures of the Eurosystem’s corporate sector holdings for monetary policy purposes [Nochtaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid maidir le sealúchais earnála corparáidí an Eurochórais chun críocha beartais airgeadaíochta], BCE, Márta 2023.
    Ina theannta sin, foilsíodh torthaí cáilíochtúla ginearálta na tástála struis sin in Feasachán Eacnamaíoch BCE. Tá tuilleadh sonraí le fáil in Results of the 2022 climate risk stress test of the Eurosystem balance sheet [Torthaí thástáil struis riosca aeráide 2022 de chlár comhardaithe an Eurochórais], Feasachán Eacnamaíoch, Eagrán 2, BCE, 2023.

  21. Cuimsítear le riosca oibriúcháin gach riosca neamhairgeadais agus sainmhínítear é mar riosca tionchair dhiúltaigh gnó, clú agus/nó airgeadais ar BCE a leanann as daoine, cur chun feidhme neamh‑leordhóthanach nó mainneachtain rialachais inmheánaigh agus próiseas gnó, cliseadh córas ar a mbraitheann córais, nó imeachtaí seachtracha (e.g. tubaistí nádúrtha nó ionsuithe seachtracha).

  22. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar struchtúr rialachais BCE ar shuíomh gréasáin BCE.

  23. Tá níos mó airde faighte ag bainistiú riosca iompair san earnáil chorparáideach agus phoiblí. Cuireann sé leis an mbainistiú riosca airgeadais agus oibríochtúil agus, i gcás BCE, is féidir é a shainmhíniú mar neamhchosaint na hinstitiúide ar dhamáiste do chlú, nó ar dhamáiste airgeadais nó de chineálacha eile, a dhéanann dochar dá leasanna, i ngeall ar ghníomhartha d’aon turas nó faillíocha a dhéanann a hoifigigh ardleibhéil, a fostaithe nó a conraitheoirí, agus nach bhfuil i gcomhréir le rialacha na hinstitiúide i ndáil le heitic, cúrsaí dlí ná ionracas, ná caighdeáin maidir le dea-rialachas agus dea-riar.

  24. Tá beartais chuntasaíochta BCE leagtha síos i gCinneadh (AE) 2016/2247 de BCE ar an 3 Samhain 2016 ar Chuntais Bhliantúla BCE (BCE/2016/35) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille le liosta na leasuithe a fháil anseo.
    Chun cuntasaíocht chomhchuibhithe agus tuairisciú airgeadais na n‑oibríochtaí Eurochórais a áirithiú, tá an Cinneadh thuasluaite bunaithe ar Threoirlíne (AE) 2016/2249 de BCE an 3 Samhain 2016 ar an gcreat dlíthiúil le haghaidh cuntasaíochta agus tuairisciú airgeadais sa Chóras Eorpach Banc Ceannais (BCE/2016/34) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 37), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil maille le liosta na leasuithe a fháil anseo.
    Tá na beartais sin, a athbhreithnítear agus a nuashonraítear go tráthrialta de réir mar a mheastar a bheith iomchuí, comhsheasmhach le forálacha Airteagal 26.4 de Reacht CEBC, lena gceanglaítear cur chuige comhchuibhithe i leith na rialuithe lena rialaítear cuntasaíocht agus tuairisciú airgeadais oibríochtaí Eurochórais.

  25. Tá tairseach íosta €100,000 i bhfeidhm le haghaidh fabhruithe agus forálacha riaracháin.

  26. Aicmítear léas mar léas airgeadais má aistrítear go substaintiúil leis gach riosca agus tairbhe a ghabhann le húinéireacht na bunsócmhainne, agus aicmítear é mar léas oibriúcháin i gcásanna eile.

  27. Is féidir na cistí a charnann ball foirne trí ranníocaíochtaí deonacha a úsáid ag scor chun pinsean breise a cheannach. Tá an pinsean seo san áireamh san oibleagáid sochair shainithe ón bpointe sin ar aghaidh.

  28. Gach sochar foirceanta eile a bhaineann leis an scéim Tacaíochta d’Aistrithe Gairme a thug BCE isteach in 2017, íocadh iad in 2023 agus dá bhrí sin ní raibh aon dliteanas gaolmhar ag BCE an 31 Nollaig 2023.

  29. Toisc nach raibh aon dliteanas ag BCE a bhain le scéim Tacaíochta d’Aistrithe Gairme an 31 Nollaig 2023, níor muirearaíodh aon atomhas bainteach in 2023.

  30. An 31 Nollaig 2023, ar na BCNanna nach bhfuil sa limistéar euro a bhí rannpháirteach in TARGET, bhí Българска народна банка (Banc Náisiúnta na Bulgáire), Danmarks Nationalbank, Narodowy Bank Polski agus Banca Naţională a României.

  31. Cinneadh BCE an 13 Nollaig 2010 ar eisiúint nótaí bainc in euro (BCE/2010/29) (2011/67/AE) (IO L 35, 9.2.2011, lch. 26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  32. Ciallaíonn “Scála leithdháilte nótaí bainc” na céatadáin a éiríonn as sciar BCE in eisiúint iomlán nótaí bainc euro a chur san áireamh agus an scála caipitil suibscríofa a chur i bhfeidhm ar sciar BCNanna san iomlán sin.

  33. Cinneadh (AE) 2016/2248 ó BCE an 3 Samhain 2016 maidir le leithdháileadh ioncaim airgeadaíochta bhainc ceannais náisiúnta na mBallstát arb é an euro an t-airgeadra acu (BCE/2016/36) (IO L 347, 20.12.2016, lch. 26), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  34. Cinneadh (AE) 2015/298 BCE an 15 Nollaig 2014 ar eisiúint eatramhach ioncam BCE (BCE/2014/57) (IO L 53, 25.2.2015, lch. 24), mar a leasaítear. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  35. Cuimsítear leis na sealúchais sin sócmhainní lúide dliteanais a ainmnítear san airgeadra eachtrach atá leagtha amach agus atá faoi réir ag athluacháil airgeadra eachtraigh. Cuimsítear iad faoi na ceannteidil “Éilimh ar neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Éilimh ar chónaitheoirí an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Fabhruithe agus speansais réamhíoctha”, “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in airgeadra eachtrach”, “Difríochtaí athluachála ionstraimí lasmuigh den chlár comhardaithe” (ar an taobh dliteanas) agus “Fabhruithe agus ioncam a bhailítear roimh ré” agus cuireann siad san áireamh babhtáil airgeadraí eachtracha agus réamh‑idirbheart a áirítear sna míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe. Gnóthachain praghais maidir le hionstraimí airgeadais a ainmnítear in airgeadra eachtrach ag teacht chun cinn de bharr nach gcuirtear athluachálacha san áireamh.

  36. Féach an phreaseisiúint ón 15 Nollaig 2022 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  37. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí faoi CCSL ar shuíomh gréasáin BCE.

  38. Féach an phreaseisiúint ón 15 Meitheamh 2023 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  39. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar CCÉP ar shuíomh gréasáin BCE.

  40. Féach an phreaseisiúint ón 14 Nollaig 2023 maidir le cinntí na Comhairle Rialaithe.

  41. Taispeánann na margadhluachanna na luachaintí margaidh agus díorthaítear na margadhluachanna ar bhonn na luachaintí margaidh freisin. Nuair nach bhfuil luachaintí margaidh ar fáil, déantar meas ar na margadhphraghasanna ach úsáid a bhaint as samhailtí inmheánacha de chuid an Eurochórais.

  42. Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar shuíomh gréasáin mhaoirseacht baincéireachta BCE.

  43. Is iad na hidirbhearta maidir le hiasachtú urrús nach bhfuil comhthaobhacht airgid neamhinfheistithe mar thoradh orthu ag deireadh na bliana a ndéantar taifeadadh orthu sna cuntais lasmuigh den chlár comhardaithe (féach nóta 17 “Cláir iasachtaithe urrús”).

  44. Is éard is córais choimhdeacha ann bonneagair margaidh airgeadais ar dheonaigh an Chomhairle Rialaithe rochtain ar chomhpháirt TARGET‑BCE dóibh, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais a shainítear i gCinneadh (AE) 2022/911 ó BCE an 19 Aibreán 2022 maidir le téarmaí agus coinníollacha TARGET-BCE agus lena n‑aisghairtear Cinneadh BCE/2007/7 (BCE/2022/22) (IO L 163, 17.6.2022, lch. 1), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo. Ag brath ar an eintiteas bainistíochta, meastar gur cónaitheoirí de chuid an limistéir euro iad na córais choimhdeacha (féach nóta 9.2 “Dliteanais eile”) nó neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro (féach nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”). Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí maidir le córais choimhdeacha ar shuíomh gréasáin BCE.

  45. Ní léiríonn colún sochair shainithe an phlean ach na ranníocaíochtaí éigeantacha a rinne BCE agus an fhoireann. B’ionann na ranníocaíochtaí deonacha a rinne an fhoireann i gcolún ranníocaíochta sainithe in 2023 agus €228 milliún (2022: €189 milliún). Tá na ranníocaíochtaí seo infheistithe sna sócmhainní plean agus tá oibleagáid chomhfhreagrach ar chomhluach ann mar gheall air sin.

  46. Gach sochar foirceanta eile a bhaineann leis an scéim Tacaíochta d’Aistrithe Gairme a thug BCE isteach in 2017, íocadh iad in 2023 agus dá bhrí sin ní raibh aon dliteanas gaolmhar ag BCE an 31 Nollaig 2023.

  47. Íocadh an ranníocaíocht sin i gcomhréir le hAirteagal 48.2 de Reacht CEBC.

  48. Cinneadh (AE) 2023/135 ón mBanc Ceannais Eorpach an 30 Nollaig 2022 maidir le caipiteal a íoc, aistriú cúlsócmhainní eachtracha agus ranníocaíochtaí ó Hrvatska narodna banka chuig cúlchistí agus soláthairtí an Bhainc Cheannais Eorpaigh (BCE/2022/51), (IO L 17, 19.1.2023, lch. 94).

  49. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le hiasachtú urrús a fháil ar shuíomh gréasáin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

  50. Má fhágtar comhthaobhacht airgid gan a bheith infheistithe ag deireadh na bliana, déantar na hidirbhearta seo a thaifeadadh sna cuntais ar chláir comhardaithe (féach nóta 8 “Dliteanais eile d’institiúidí creidmheasa sa limistéar euro a ainmnítear in euro” agus nóta 10 “Dliteanais do neamhchónaitheoirí de chuid an limistéir euro a ainmnítear in euro”).

  51. Is féidir tuilleadh sonraí maidir le socruithe babhtála lena soláthraítear leachtacht a fháil ar shuíomh gréasáin BCE.

  52. I gcás nach ionann an dáta aisíocaíochta iarbhír agus an dáta aibíochta dlíthiúla (a bhíonn i gceist i gcás CCUSB go hiondúil), méid na préimhe nó na lascaine nár amúchadh fós, meastar go réadaítear é i gcomhréir le luach na príomhshuime arna haisíoc.

  53. Féach Airteagal 5(3) de Rialachán (AE) Uimh. 1163/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le táillí maoirseachta (BCE/2014/41) (IO L 311, 31.10.2014, lch. 23), arna leasú. Is féidir an téacs comhdhlúite neamhoifigiúil leis an liosta leasuithe a aimsiú anseo.

  54. Glacfar le cinneadh an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir le méid iomlán na dtáillí maoirseachta bliantúla le haghaidh 2023, agus foilseofar ina dhiaidh sin é i lár mhí an Mhárta 2024.

  55. Is féidir teacht ar thuilleadh sonraí ar shuíomh gréasáin BCE um maoirseacht bhaincéireachta.

  56. Ba é 3.9% an ráta lascaine a úsáideadh le haghaidh na luachála achtúirí ag deireadh 2022, i gcomparáid le 1.3% in 2021.

  57. Is é atá i gceist le coibhéis lánaimseartha (FTE) ná aonad gur ionann é agus fostaí amháin ag obair go lánaimseartha ar feadh aon bhliain amháin. Cuirtear an fhoireann a bhfuil conarthaí buana, ar thréimhse sheasta nó gearrthéarmacha agus rannpháirtithe atá ag glacadh páirte i gClár Iarchéime BCE san áireamh i gcomhréir leis na huaireanta a d’oibrigh siad. Tá baill foirne ar shaoire mháithreachais nó ar shaoire fhadtéarmach san áireamh, ach níl baill foirne ar shaoire gan phá san áireamh.

  58. Meastar an costas seirbhíse reatha de réir na rátaí a bhí i bhfeidhm an bhliain roimhe sin.

  59. Cuirtear ollmhéideanna i láthair, i.e. sula mbaintear aon cháin ar leas an Aontais Eorpaigh.

  60. Laghdaigh na híocaíochtaí sin a bhaineann le pinsin an oibleagáid sochair shainithe a aithnítear sa chlár comhardaithe. Maidir leis an nglanmhéid iomlán a muirearaíodh chuig an gcuntas brabúis agus caillteanais i dtaca leis na socruithe pinsin le haghaidh chomhaltaí reatha an Bhoird Feidhmiúcháin agus chomhaltaí reatha an Bhoird Monatóireachta a fhostaíonn BCE, féach nóta 13.3 “Ilghnéitheach”.

  61. Déantar na hualuithe a choigeartú freisin i gcás athrú ar an líon BCNanna a chuireann le caipiteal BCE. Is iad sin BCNanna Bhallstáit an Aontais.

  62. Níl bainc cheannais náisiúnta nach bhfuil i limistéar an euro i dteideal aon sciar de bhrabúis indáilte BCE a fháil, agus ní bheidh dliteanas orthu aon chaillteanas de chuid BCE a íoc.

  63. Faoi Airteagal 32.5 de Reacht CEBC, leithdháilfear suim ioncaim airgeadais na mbanc ceannais náisiúnta ar na banc ceannais náisiúnta i gcomhréir lena scaireanna íoctha i gcaipiteal BCE.