Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Céard iad iarmhéideanna TARGET?

24 Iúil 2025

B’fhéidir gur léigh tú sa nuacht ó am go ham go bhfuil iarmhéideanna TARGET diúltacha (dliteanais) móra ag roinnt tíortha sa limistéar euro, agus iarmhéideanna dearfacha (éilimh) móra ag cuid eile. Tá tuairim de gach cineál maidir le cad go díreach atá i gceist le seo. Ach cad go díreach iad na comhardaithe seo?

Cad é TARGET?

Leis an gcóras TARGET (an tUathchóras Mear-aistrithe Ollsocraíochtaí Fíor-ama Tras-Eorpach), cuirtear roinnt seirbhísí bhonneagar an margaidh airgeadais le chéile: T2 (chun íocaíochtaí a shocrú), T2S (chun urrúis a shocrú) agus TIPS (chun íocaíochtaí meandracha a shocrú). Baineann bainc cheannais agus bainc thráchtála úsáid as TARGET chun íocaíochtaí in euro a shocrú agus airgead a aistriú go sábháilte agus go héasca eatarthu, laistigh de thíortha agus thar theorainneacha araon. Tá sé sin ríthábhachtach chun go mbeidh an geilleagar in ann feidhmiú.

Tá cuntais i TARGET ag na bainc cheannais agus ag na bainc thráchtála araon.

Léigh tuilleadh faoi T2 agus Seirbhísí TARGET.

Céard iad iarmhéideanna TARGET?

I margadh comhtháite, aistrítear airgead an t-am ar fad, lena n-áirítear thar theorainneacha. Tosaíonn gach uile euro i dtír sa limistéar euro nó ag BCE ach ní gá go bhfanann sé ann.

Déantar glanshreafaí iomlán airgid idir dhá thír (i bhfocail eile, an méid a fuarthas lúide an méid a seoladh) a thaifeadadh ar chláir chomhardaithe na mbanc ceannais náisiúnta de chuid na tíortha faoi seach, gan beann ar an mbanc a chur tús leis an aistriú (banc tráchtála nó banc ceannais). Is carnadh na sreafaí le himeacht ama iad na hiarmhéideanna TARGET seo. Seolann agus faigheann BCE airgead thar theorainneacha le linn cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta, agus tá iarmhéid TARGET aige mar gheall air sin.

Chun cás a sheachaint ina bhfuil iarmhéid TARGET ar leith ag gach banc ceannais sa limistéar euro agus ag BCE, ag deireadh gach lá déantar gach iarmhéid déthaobhach i ngach seirbhís TARGET a shimpliú mar iarmhéid amháin leis an mBanc Ceannais Eorpach.

I mbeagán focail, má sheolann bainc i dtír éigin níos mó airgid in idirbhearta trasteorann trí TARGET ná mar a fhaigheann siad, beidh iarmhéid diúltach ag banc ceannais na tíre sin. Má fhaigheann na bainc níos mó airgid ná mar sheolann siad, beidh iarmhéid dearfach ag banc ceannais na tíre. Má tá cothromaíocht fhoirfe ag na híocaíochtaí amach agus na híocaíochtaí isteach, beidh iarmhéid TARGET don bhanc ceannais sin cothrom le nialas.

Cruthaíonn an carnadh shreafaí airgid ar fud tíortha le himeacht ama iarmhéideanna TARGET dearfacha agus diúltacha i gcásanna nuair nach bhfuil na glanshreafaí sa dá threo cothrom.


Cén fáth a sheolann bainc airgead go bainc i dtíortha eile?

Déanann bainc cheannais agus bainc thráchtála íocaíochtaí trasteorann lena chéile trí TARGET:

  • le híoc as earraí, seirbhísí nó sócmhainní airgeadais a thagann ó thír eile, don bhanc féin nó thar ceann a gcustaméirí;

  • le hairgead a aistriú thar theorainneacha thar ceann a gcustaméirí (m.sh. seoltáin);

  • nuair a thugann siad airgead ar iasacht dá chéile;

  • le linn cur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta (m.sh. oibríochtaí margaidh oscailte amhail ceannacháin sócmhainní a d’fhéadfadh socraíocht trasteorann a bheith i gceist leo);

  • le hurrúis airgeadais a dhíol agus a cheannach i gcomhthéacs trasteorann.

Cén fáth a dtugtar éileamh ar iarmhéid TARGET dearfach agus dliteanas ar iarmhéid diúltach?

Baineann seo le cuntasaíocht agus clár comhardaithe agus ní mór a bheith ar an eolas ar an dá rud sin.

  1. Tá airgeadra amháin sa limistéar euro, ach cé go bhfuil an iliomad tíortha páirteach ann, níl banc ceannais amháin le clár comhardaithe amháin don euro. Ina theannta sin, tá clár comhardaithe ag na bainc cheannais i ngach tír.
  2. Nuair a eisíonn banc ceannais airgead don chéad uair, déantar an t-airgead sin a thaifeadadh ar chlár comhardaithe an bhainc. Déantar an t-airgead a thaifeadadh ar thaobh na ndliteanas den chlár comhardaithe (mar thaisce) agus déantar na sócmhainní (nó dliteanais) a thaifeadadh ar thaobh na sócmhainne (m.sh. mar iasacht).

Nuair a aistrítear airgead idir dhá thír sa limistéar euro trí TARGET, is é banc ceannais na tíre a fhaigheann an t-airgead a dhéanann an t-airgead seo a thaifeadadh ar a chlár comhardaithe mar dliteanas breise. Ní bhogann ach an dliteanas amháin: fanann an sócmhainn ar an gclár comhardaithe bunaidh.

Mar shampla, má bhogtar euros a eisíodh san Iodáil ar dtús iad go dtí an Ghearmáin, ó thaobh na cuntasaíochta de, is le banc ceannais na Gearmáine an dliteanas breise (an t-airgead) agus fanann an sócmhainn le banc ceannais na hIodáile. Ciallaíonn seo nach bhfuil na cláir chomhardaithe cothrom a thuilleadh: ní mór do bhanc ceannais na Gearmáine mír chomhardaithe a chur le sin chun a léiriú go bhfuil níos mó euro ar a chlár comhardaithe ná mar a bhí ar dtús, agus beidh ar bhanc ceannais na hIodáile mír chomhardaithe a chur le sin chun a léiriú go bhfuil níos lú euro acu ar a chlár comhardaithe ná mar a bhí. Is éileamh (nó sócmhainn) í an mhír chomhardaithe seo – rud ar a dtugtar an t-iarmhéid TARGET uirthi – don Deutsche Bundesbank agus is dliteanas í do Banca d’Italia.

Ach in aontas airgeadra mar seo againne, ní dhéantar idirdhealú idir euro arna eisiúint i dtír amháin agus ceann ó thír eile. Bhí ar an euro sin teacht ó thír éigin ach ní gá don euro fanacht sa tír chéanna. Is príomhghné d’aon aontas airgeadra gur féidir leis an airgeadra aistriú ó thír go tír, go saor agus go héasca.

Éilimh agus dliteanais in TARGET


Cén fáth ar tháinig méadú ar iarmhéideanna TARGET le linn na géarchéime airgeadais?

De ghnáth, tugann banc thráchtála airgead ar iasacht dá chéile tríd an margadh airgid. Nuair a tháinig an géarchéim airgeadais in 2008, ní raibh an iontaoibh ann a thuilleadh idir na bainc agus ní raibh siad chomh toilteanach céanna iasachtaí a dhéanamh lena chéile. Tháinig méadú ar rátaí úis an mhargaidh airgid mar gheall air sin. Bhí tionchar ar leith ar bhainc thráchtála i dtíortha a measadh go raibh siad níos leochailí. Nuair nach bhfuil rátaí úis an mhargaidh airgid cosúil le príomhrátaí BCE, ní bhíonn an beartas airgeadaíochta chomh héifeachtach céanna. Dá bhrí sin, tá obair á déanamh ag BCE agus na bainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro chun tarchur rianúil beartais airgeadaíochta ar fud an limistéir euro a áirithiú.

Bhí bainc thráchtála in ann an oiread airgid de réir mar ba ghá a fháil ar iasacht i gcoinne comhthaobhacht incháilithe ón mbanc ceannais. D’úsáideadh cuid mhór den airgead seo chun cistiú margadhbhunaithe trasteorann a ionadú. Mar shampla, d’úsáideadh cuid d’airgead an bhainc cheannais arna bhfáil ag bainc thráchtála i dtíortha a measadh go raibh siad níos leochailí chun cistí a tugadh ar iasacht ag bainc thráchtála i dtíortha a measadh nach raibh siad chomh leochaileach céanna a aisíoc. Mar sin de, idir 2008 agus 2012, tháinig méadú ar iarmhéideanna TARGET mar thoradh ar an méid mhór airgid a cruthaíodh agus a trasnaíodh teorainneacha ar ghlanbhonn.

Tháinig méadú go ginearálta ar iarmhéideanna TARGET ó 2015 go dtí déanach sa samradh de 2022, ar chúiseanna éagsúla. Bhí sin amhlaidh mar gheall ar na cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta arna ndéanamh ag BCE in éineacht le gach banc ceannais náisiúnta sa limistéar euro.

Iarmhéideanna TARGET

(EUR billiúin, an bhreathnóireacht dheireanach mí na Nollag 2024)

Foinse: BCE

Cad a rinne BCE agus na bainc cheannais náisiúnta sa limistéar euro ó 2015 a chuidigh le hiarmhéideanna TARGET a mhéadú?

In 2015, thug an Chomhairle Rialaithe clár nua isteach – an clár ceannaithe sócmhainní – mar chuid de phacáiste beart atá ceaptha chun tacú le filleadh an bhoilscithe go leibhéil a sprioc bhoilscithe tráth a raibh an boilsciú go seasta faoi bhun an spriocleibhéil. Níos déanaí, i mí an Mhárta 2020, tar éis ráig phaindéim COVID-19, thug BCE an clár ceannaigh éigeandála paindéime (CCÉP) isteach chun rioscaí frithbhoilscithe agus rioscaí do mheicníocht tarchurtha an bheartais airgeadaíochta a chomhrac. Mar pháirt de na cláir seo, cheannaigh na bainc cheannais i ngach tír sa limistéar euro sócmhainní éagsúla thar theorainneacha mar mhalairt ar airgead. Tháinig méadú ar an méid airgid arís mar thoradh air sin, ach bhí an méadú spreagtha ag an Eurochóras (i.e. BCE agus na bainc cheannais sa limistéar euro).

Is minic go bhfuil sócmhainní arna gceannach ag banc ceannais i seilbh infheisteoirí i dtír eile – lena n-áirítear tíortha lasmuigh den limistéar euro – agus is minic go bhfuil cuntais bhainc i lárionad airgeadais sa limistéar euro amhail Frankfurt, Lucsamburg nó Amstardam acu.

Mar shampla, sa chás gur cheannaigh banc ceannais na Spáinne banna i seilbh infheisteoir le cuntas bainc in Frankfurt faoin gclár ceannaithe sócmhainní. Chun an t-airgead a aistriú go cuntas bainc Gearmánach an díoltóra, ní mór do Banco de España aistriú trasteorann a dhéanamh trí TARGET. Chuirfí chun sochair do chuntas bainc an díoltóra agus dhéanfadh banc ceannais na Gearmáine méadú ina éileamh TARGET a thaifeadadh, ina theannta sin dhéanfadh Banco de España méadú ina dliteanas a thaifeadadh.

Ós rud e gur cheannaíodh go leor sócmhainní ó infheisteoirí le cuntais bhainc sa Ghearmáin, aistríodh an t-airgead go dtí an Ghearmáin. D’fhan an t-airgead i dtíortha amhail an Ghearmáin toisc go raibh an toradh ar infheistíochtaí sábháilte eile (amhail bannaí rialtais intíre) réasúnta íseal. Tháinig méadú ar éileamh TARGET Deutsche Bundesbank mar gheall ar an gcarnadh airgid seo. Ag an am céanna, tháinig méadú ar dhliteanas na dtíortha ag aistriú airgid.

Ina theannta sin, agus mar fhreagairt ar an ngéarchéim phaindéime, leathnaigh an tEurochóras an maoiniú a sholáthraíodh d’institiúidí creidmheasa trí TLTRO III (an tríú sraith d’oibríochtaí athmhaoiniúcháin spriocdhírithe fadtéarmacha), rud a mhéadaigh an leachtacht atá ar fáil agus a chruthaigh deis do leathnú breise na n-iarmhéideanna TARGET.

Iarmhéideanna TARGET na mbanc ceannais náisiúnta rannpháirteach

(EUR billiúin, na suimeanna gan íoc ag deireadh mhí na Nollag 2024)

Foinse: BCE

Ní ábhar imní iad iarmhéideanna TARGET atá ag dul i méid?

Is féidir le hiarmhéideanna TARGET a bheith ina dtáscaire tábhachtach ar a bhfuil ag tarlú sa gheilleagar (taispeánann siad an treo ina bhfuil an t-airgead ag aistriú sa limistéar euro). Is féidir le tionchar na n-iarmhéideanna sin a athrú le himeacht ama, áfach agus is príomhghné d’aontas airgeadra gur féidir le hairgead aistriú thar theorainneacha.

Tugann iarmhéideanna TARGET fios dúinn nuair atá rud éigin mícheart freisin (m.sh. má tá an-chuid airgid ag aistriú amach ó thír áirithe de dheasca imní maidir le staid airgeadais na tíre). Más amhlaidh an cás, ní bheidh an t-iarmhéid TARGET an t-aon rabhadh go bhfuil fadhb ann.

Bhí leathnú na n-iarmhéideanna TARGET ar fud na dtíortha suas go dtí 2022 go príomha mar thoradh ar bhearta an bheartais airgeadaíochta arna gceapadh ag BCE chun tacú le filleadh an bhoilscithe go leibhéil sprioc bhoilscithe na Comhairle Rialaithe agus tarchur rianúil beartais airgeadaíochta a áirithiú. Ní raibh sé de thoradh struis airgeadais.

Cén fáth ar tháinig meath ar iarmhéideanna TARGET i ndeireadh an tsamhraidh 2022?

Bhain an t-iarmhéid TARGET iomlán – suim na n-éileamh TARGET ar fad nó, ar bhonn coibhéiseach leis sin, suim na ndliteanas TARGET ar fad – an luach is airde amach ag deireadh mhí Lúnasa 2022, thart ar €1.9 trilliún. Thosaigh oibríochtaí a bhaineann le TLTRO III ag teacht in aibíocht ó mhí Mheán Fómhair 2022 agus, i mí Dheireadh Fómhair 2022, d’fhógair BCE athchalabrú TLTRO III chun comhsheasmhacht le normalú leathan an bheartais airgeadaíochta a áirithiú. Bhí aisíocaíochtaí móra ó bhainc mar thoradh ar an athchalabrú seo, rud a chuidigh le leibhéal na leachtachta iomarcaí sa chóras baincéireachta a laghdú. Bhí iarmhéideanna TARGET níos lú mar thoradh air seo. Scoir an tEurochóras athinfheistíochtaí faoin gclár ceannaithe sócmhainní ó mhí Iúil 2023. I gcodarsnacht le glancheannacháin sócmhainní, ní bhíonn idirbhearta trasteorann i gceist le teacht in aibíocht urrús arna n-eisiúint ag eintitis lonnaithe sa tír chéanna leis an mbanc ceannais náisiúnta ag a bhfuil na bannaí. Mar shampla, is é an toradh a bhíonn ar urrúis atá teacht in aibíocht arna n-eisiúint ag rialtas intíre de bhanc ceannais náisiúnta ná íocaíochtaí ón rialtas sin go dtí an banc ceannais náisiúnta. Mar thoradh air sin, níl tionchar díreach ag neamhathinfheistíocht na n-urrús atá ag teacht in aibíocht faoin gclár ceannaithe sócmhainní ar iarmhéideanna TARGET. Mar sin féin, féadfaidh tionchar indíreach a bheith ag an neamhathinfheistíocht seo trí cheannach bannaí nua a bhfuil gá leis na rialtais a eisiúint chun a n-íocaíochtaí fuascailte a mhaoiniú i gcás na n-eintiteas neamhintíre. Ag deireadh 2024, b’ionann an t-iarmhéid iomlán TARGET agus thart ar €1.6 trilliún.